Wednesday, January 02, 2013

Ar Aghaidh Linn



Is iontach an áit í cathair Nua Eabhrac roimh na Nollaig, tosaíonn an t-am ag rith! Bíonn aoibh mhaith ar gach aoinne agus fuadar fúthu, ag siopadóireacht nó ag spaisteoireacht timpill, ag iarraidh gach rud a bheith in ord agus in eagar roimh an lá mór agus is minic faraor nach mbíonn (mar is eol do chách,) agus is cuma. Ach an rud is ansa domsa aimsir na Nollag anois is arís ná éalú agus tréimhse bhreá a chaitheamh i dtuaisceart an stat i gceantar darb ainm The Adirondack Mountains. Samhlaigh ar áit iargúlta seo sa bhforaois, sléibhte arda maorga le feiscint i ngach treo, brait bhoga sneachta ar gach uile rud. Aibhneacha agus locha reoite! Laethanta geala grianmhar, spéartha glana gorma, cótaí, hataí, lámhainní, siúlóidí, sciáil, scátáil, sróna dearga, seacláid te, uisce beatha te, fir sneachta ag damhsa fiú! Ciúnas.
Bíonn Lá Nollag féin ciúin de ghnáth don chuid is mó againn (agus in Éirinn bíonn Lá le Stiofán beagnach mar a chéanna) agus ansin tosaíonn an fuinneamh ag méadú arís agus sinn ag bogadh ar aghaidh chuig Oíche Chinn Bliana agus Lá Coille agus ar ndóigh dea rúin úra. Bhí an ráithe dheireanach i 2012 crua anseo sa cheantar Tri-State agus ní mór dúinn a bheith dearfach agus sinn ag féachaint as seo amach.  Cad ba cheart a dhéanamh? Cad ba cheart a athrú? Cad ba cheart a sheachaint? An féidir saol níos simplí a chothú? An féidir an bhéim a chur ar na codanna is tábhachtaí inár saolta nó am a chaitheamh teacht orthu? Nó an ndéantar rúin níos mó? An nós seanfhaiseanta é sin?

Ba mhinic a ghlantaí amach cófraí ag an am seo chomh maith, bíonn an iomarca de rud iontu nach bhfuil uainn ar chor ar bith agus sinn ag bailiú tríd an bhliain, amach leis an seanstuif sin fiú mura bhfuil sé róshean, seans go mbeadh sé úsáideach go dhuine eile nach bhfuil mórán acu agus bíonn spás níos foilmhe níos fearr. Is maith an smaoineamh an intinn a ghlanadh amach chomh maith agus an ruaigh a chur ar smaointe a dhónn na gearba. Tá sé ráite gur ghlanadh na Gael a ngearáin agus a n-argóintí amach, (nó ar a laghad nár chuireadar cúiseanna gearán in iúl,) fad is a bhíodh aonach ar siúl fadó fadó, fágadh sé spás dóibh teacht ar réiteach b'fhéidir? Fágann spásanna glanta saghas fuinnimh chiúin i dteach, seans go cothaíonn intinn dearfach an saghas fuinnimh chiúin atá uainn agus sinn ag bogadh ar aghaidh chuig 2013.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise duit.

No comments: