Sunday, December 16, 2012

Slad na Soininne


Brionglóid.
Feicim iad, ag dreapadóireacht anuas na céimeanna arda óna mbus mór buí ar chosa beaga tanaí, málaí ollmhóra ildathach ar a ndromanna caola acu - Bándearg cuid acu, dearg agus dúghorm cuid eile, maisithe le capaillíní agus laochra an lae - gan mórán iontu ach cóip leabhar, leabhairín léitheoireachta, bosca lóin agus mála na bpeann ildathach.
Ansin iad ag rith isteach, nuair nach gceadaítear rith, gáirí agus cabaireacht le cloisteáil, Aghaidheanna beaga nite, fiacla diúil - duine no dhó mantach.
Gealfhiachlach, gealgháireach.
Réidh le Síog na Fiacaile.
Réidh le Daidí na Nollag.
Réidh le gnáth lá eile.

4 comments:

aonghus said...

Suaimhneas go raibh acu.

John Shanahan said...

Dathannach, a Hillary. Go raibh maith agat. Táim i mo mhac léinn arís. Ní raibh mé in Esopus i mbliana. Ní bheidh mé ann an samhradh seo chugainn. Tá súil agam go bhfeicfidh mé tusa agus na daltaí eile i 2014.

ancroiait said...

La pérdida de inocencia
Maith agat, Hilary.
Dán álainn dóibh!

Jennifer said...

Ó m'anam bhí sin go hálainn.
Mothaim agus feicim an pictiúir atá déanta agat. (gabh leithscéal le mo Ghaeilge lag le déanaí).
Tá sé deacair a smaoineamh i súil d'intinn an radharc an lá gránna sin.
Agus iad lán le gliondar cúig nóiméad roimhe sin, gnóthach le na rudaí simplí an lae.. a bpeann, a leabhar, a gcara nó an buachaill beag craicealte atái gcónaí ag déanamh rírá sa rang.
do-chreidte ar fad.
Go raibh maith agat don dan seo dóibh. Tá onóir sa chuimhneadh.