

Chaithfidh mé a rá go raibh an buachaillín beag bídeach seo an sásta an tráthnóna a chaitheamh i mbaclainneacha a aintín Hilary, gan gíog ná míog as…. agus é ina sháimhín só.
Ní fada go mbeidh cúpla focal Gaeilge aige mar ní stopann Caoimhe choíche ag caint leis!
Go gcuire Dia rí agus rath oraibh, a Chaoimhe, a Liam agus a Bhillí óg.
3 comments:
A! Tá sé gleoite!
Feicim go bhfuil máthair agus leambh ag déanamh an-mhaith!!
comhgháirdeas, a Chaoimhe! saol fada agus rathúil agaibh!
Post a Comment