Friday, April 28, 2006

An Mhumhain Abú!

Luaigh mé cheana an t-iontas a thagann orm le cúrsaí spóirt! Osclaítear paisean faoi leith ionainn agus sinn ag tabhairt tacaíochta dár bhfoireann féin! Ár Laochra! Bhíos ag caint faoi seo i Cothrom na Féinne 2004, (Dec 6, 2004) níos mó ná bliain ó shin, agus arís nuair a luaigh mé Christy Ring (Mar 24, 2005). Tagann na téamaí céanna aníos arís agus arís eile.

Nach iontach an cath a bhí idir Mumhain agus Laighean ag an deireadh seachtaine, iontach ar ndóigh mar d’éirigh le foireann na Mumhan! Cé nach raibh mé in ann féachaint ar an slad chuala mé trácht air agus mé ar an bhfón le mo mhuintir. Bhí cuid acu i Lansdowne Road an Satharn seo chaite agus plean anois ag cuid acu dul go Cardiff i gcomhair an cluiche ceannais. Is cosúil go bhfuil na scéalta grinn ag teacht aníos anois: Ní raibh lucht tacaíochta ar bith ag Laighean bhocht, bhíodar go léir ag imirt Ghailf, nó ag freastal ar díolacháin i Brown Thomas.

Bhíodh an cluiche seo rugbaí mór linn sa bhaile nuair a bhíos óg, ach bhíodh iománaíocht agus peil ana thábhachtach chomh maith. Bhí rugbaí againn os rud é go raibh taithí nach beag ag mo mháthair leis óna h-óige féin, níor iomaitheoir í! Is as BAC ó dhúchas i agus do bhíodh teagmháil idir a clann agus an club Bective thuas ansin. Chaith a deartháireacha a n-óigí ag imirt rugbaí ar scoil agus leis an gclub seo. Ba as iarthar Luimnigh m’athair agus suim aige sna “Fíor spóirt na hÉireann”. Trí na bliana d’éirigh suim níos mó aige i rugbaí agus d’éirigh suim níos mó aici in iománaíocht agus peil. Ar ball, d’éirigh suim acu i soccer chomh maith! Gan trácht ar Tennis, Gailf agus Cricket! Caithfidh mé a rá go raibh cúrsaí spórtúil ar an teilifís gach tráthnóna Sathairn, cuirtíní an seomra suite dúnta srl.

Cheapas féin agus mé ag fás aníos i gcathair Luimnigh gur spóirt fiáin é rugbaí. Bhí na iomaitheoirí píosa beag garbh dar liom, fearúlacht bréige amach is amach. Bhris céile mo dhruifiúr a chromán agus é fós ina dhéagóir ag imirt ar son a ardscoil. A chromán ar son Dé! Ansin nuair a chuala mé gur chaith uncail agam coicís i bhfanntais san ospidéal tar éis cluiche i mBAC agus é timpeall 23 bliana d’aois bhí mo cinneadh déanta agam faoin gcluiche seo, ró fhiáin. Ach, le imeacht na blianta d’athraigh mé m’intinn. Chonaic an ardú brí a tháinig ar mo thuismitheoirí tar éis chluiche, nó fiú nuair a bhíodar ag súil le cluiche, agus a saolta ag eirí níos lú leo le meath na seanaoise ag an am céanna. Chonaic é seo go mór mhór le teacht foireann na Mumhan in ardú i réime.

Thug sé seo chun mo chuimhne tráthnóna Sathairn amháin a chaitheas leo nuair a bhí m’athair an-tinn san hospice. Bhí an Mhumhain i gcluiche an Satharn céanna. Chuaigh chuige le mo mháthar agus cooler cóisire agam, (rogha na dí, oighear fiú! mixers, gloiní cearta! crisps, saghas smuggler a bhí ionam) Tháinig mo deirfiúracha agus a gcéilí. Bhí deoch againn roimh an cluiche ar son an t ádh agus ansin d’imigh siadsan, mo deirfiúracha agus na céilí, chuig Páirc na Mumhan. Lean an triúr againn ag féachaint ar an gcluiche ina sheomra agus m’athair mar a bhíodh sé i gcónaí, iomaitheoir ar an gclaí, ag tabhairt comhairle gach ré nóiméad chuig foireann na Mumhan. Tháinig an dream ar ais tar éis an chluiche, aoibh mhaith orainn uile. Bhaisteamar an bua! Lean na cóisire. Lig na banaltraí súile caocha orainn mar ba chóir dóibh.
An lá dar gcionn thit an tóin as an tsaoil.

No comments: