Tuesday, April 04, 2006

Oilithreacht agus Fulaingt!

Táim díreach ar ais abhaile tar éis deireadh seachtaine na Gaeilge i Long Beach Island, New Jersey. Traochta, de dheasca easpa codlata, cé nach raibh mise ann ach oíche amháin….

Shroich mé an oileán amach timpeall am lóin dé Sathairn agus ar aghaidh liom le eachtraí an deireadh seachtaine ó shin. Iarradh orm díochlaonadh na haidiachta a mhíniú in ard rang agus dheineas, ach faraor is fearr liom rang bunaithe ar gníomhaíochtaí a mhúineadh. Rang ina bhfuil an bhéim ar chumarsáid trí mheán chomhrá in ionad an bhéim ar eolas agus samplaí………….ach, ar leibhéal na ndaltaí a bhí liom an tráthnóna sin, líofa nó líofa sa ghnáthchaint ar a laghad, bhí sé soiléir go raibh suim ag an cuid is mo acu i gcruinneas scríbhneoireachta na Gaeilge. D’éirigh go maith liom, sílim (níor chuala mé aon gearán ar aon nós, ach an raibh cuid acu ina gcodladh?) Tá súil agam gur éirigh liom cuid den ceo an ábhair seo a ghlanadh.

Is turas í seo, turas teanga, mar a tugtar ar an cúrsa nua na Gaeilge atá le fáil. Táimid uilig, atá tógtha leis an teanga, ar an turas seo le chéile. Níl deireadh go deo leis an aistear seo. Níl comórtas ann ach oiread, dar liom. Is féidir cabhair a thabhairt dod chomhbhádóirí agus is minic a bhíonn toradh na cabhrach céanna níos tairbheach duit féin sa deireadh thiar thall.
Bíonn daoine áirithe eile ar an turas céanna a cheapann gur leo siúd an teanga, ní bhíonn siadsan toilteanach cabhair a thabhairt ach botúin a nochtaigh….nó an iomarca léirmheasa a ghabháil chuig foghlaimeoirí…….ach is féidir iad siúd a sheachaint ar chuid mhaith den turas.
Ach an oilithreacht an turas seo? Ní fheadar….tagann fulaingt isteach san áireamh leis an bhfocal sin, chugamsa ach go háirithe, ( b’fhéidir go gceapann daoine áirithe tar éis ranga bunaithe ar díochlaonadh na haidiachta, gur ró-mhór an fhulaingt a mbaineann leis an turas teanga seo!) De gnáth nach mbíonn an t-oilithreach ag fulaingt i slí éigin agus é nó í ar oilithreacht, agus bíonn an fhulaingt páirteach den córas, comhábhar an oidis?

Tá suim nach beag ag daoine in Oilithreachtaí trí na haoiseanna ar fud na cruinne. I ngach chultúr, baineann siad, de gnáth, le reiligiún éigin na háite. Tá eolas againn ar áiteanna éagsúla mór le rá a bhíodh, agus cuid acu atá fós, ana tábhachtach i saolta iad siúd a fhaigheann sólás chroí agus coirp óna hoilithreachtaí. Is minic chomh maith an lá atá inniu ann, nach mbíonn sna háiteanna na hurraime seo ach ionaid na dturasóirí agus ionaid an “dissatisfied rich” a bhíonn ar thóir tomhais eile i saolta folmha. (Chuala mé an lipéad sin “dissatisfied rich” ar clár raidió le déanaí ina raibh trácht ar iad a thosaíonn ar “turas/ oilithreacht” amháin agus a casann chuig ceann eile, ansin ceann eile, ag iarraidh sásamh éigin. Bíonn faisean san áireamh chomh maith, creid nó ná creid. Dar leis an saineolaí seo nach fhaigheann an dream seo sásamh riamh, bíonn siad ar thoir sásamh lasmuigh dá saolta in ionad fíor machnamh a dhéanamh.)
Ceist amháin, an dtagann aon maitheas as fulaingt?
An bhfuil daoine áirithe ann ar thóir fulaingt? Fulaingt i measc daoine eile a bhíonn sa chás céanna, agus iad uilig ag iarraidh saghas sóláis as an bhfulaingt comhcheangailte sin? Tá aithne ag cách ar an saghas duine seo agus caithfidh mé a rá go ndéanaim mo dhícheall iad a sheachaint.
Tá sé i bhfad níos fearr a rá agus a chreid go dtagann daonnacht le cheile tacaíocht a thabhairt don té a bhíonn i gcruachás ………..Aithnítear cara i gcruatan.

Thug Cormac Mac Fhionnlaoich léacht dúinn ag an deireadh seachtaine i Long Beach faoi oilithreacht mór la rá i dtuaisceart na Spáinne, téann seisean ann go rialta agus beidh sé ar ais ansin i mbliana ag coisíocht le dream ar son an Cumann MS in Éirinn. Siúlóid trasna tuaisceart na tíre atá i gceist anseo, timpeall 8ookm go dtí Santiago de Compostella, an áit ina bhfuil corp an aspail Séamas ina sheanbhaile. Tá sé ráite go bhfuair an t-aspal anbhás gruama agus go dtugadh a chorp chuig an áit seo, ba é an tuama seo an chéad oilithreacht Chríostaíochta, ón naoú haois ó shin i leith.

Spreagann fáthanna difriúla lucht na hoilithreachtaí; am a chaitheamh ar an aistear le cheile, ag smaoineamh, ag guí, ina aonar nó le comhluadar, ag tabhairt cabhrach do dhaoine eile ar an mbóthar/oilithreacht céanna, ...sos ón gnáth saol, am saor gan a bheith ag smaoineamh ar an mortgage? Costas choláiste a gcúram? Meath na seanaoise ag teacht ar an nglúin níos sine? Pé trioblóid ar bith, iad uile a fhágáil mar clocha ar thaobh an bhóthar. Nach deas an íomhá sin?
Bíonn fulaingt leis, fulaingt beag na gcos! Ní fíor fulaingt ar chor ar bith í seo ach siombail na fulaingte an gnáth saol.
Mar sin an é miocracasm den gnáth saol a bhíonn os comhair na rannpháirtithe in oilithreacht oifigiúil mar seo?

Agus nach bhfuil an deis againn tréithe iontacha na hoilithreachta a tharraingt isteach chuig ár ngnáth saolta? Gan a bheith orainn dul ar oilithreacht oifigiúil ar chor ar bith. Ní bhíonn seans nó suim ag gach duine a bheith páirteach i ngluaiseacht mar sin……. agus cad iad na tréithe....Cur suas le fulaingt an tsaoil, cabhair a thabhairt dár chomhbhádóirí, sos a ghlacadh go rialta agus cumhracht na bláthanna a bholú agus radharc dearfach a choimeád i gcónaí in ainneoin aon trioblóid a thagann gan choinne inár slí.

Tháinig rud chugam a dúirt cara liom b’fhéidir bliain ó shin agus sinn ag phlé droch athruithe saoil a tháinig aniar aduaidh uirthi. Bhíomar ag iarraidh na hathruithe a thuiscint ach ní raibh tuiscint ann. Ní raibh fágtha ach súil dearfach a choimeád nuair a bhí sé soiléir don bheirt againn nach mbíonn Cothrom na Féinne ann i gcónaí i dturas an tsaoil, seo a dúirt sí : “Dá mbeimis in ann ár gcuid trioblóidí a chur i trolley nó cairt siopadóireachta agus na cairteacha go léir a chur in aice lena gcéile i seomra mór, agus ansin seans againn dul timpeall agus féachaint ar a bhfuil ann i ngach ceann acu agus ár rogha cairte na trioblóidí a glacadh, bheimis ag rith ar ais chuig ár gcairt féin agus í a ghlacadh ar ais go tapaigh ar eagla go mbeimis fágtha le trioblóidí uafásacha duine eile.”

Agus an focal scoir …go n-éirí an bhóthair leat.


No comments: