Tuesday, July 25, 2006

Cogaí na Croise?



Níor thugas cuairt ar an mblog seo le breis agus seachtain anuas. Mar a tharlaíonn anois is arís tháinig gnáth eachtraí an tsaoil eadrainn agus d’imigh an t-am uaim. Níor luaigh mé go mion an Lá na Gaeilge a bhí thuas i Mass, lonnaithe i dteach Susan Ott, curtha le cheile ag Ár dTeanga Féin ó Worcester, Susan Galivan et al! Bhí sé ana mhaith ar fad, ní hamháin go raibh beagnach caoga daoine páirteach ag iarraidh an teanga a labhairt agus a fhoghlaim…bhí an bia go breá, bhí ceardlanna difriúla i rith an lae, léacht suimiúil le ceol ag Gearóid O hAllmhurnáin, agus bhí ceolchoirm ann chomh maith ag deireadh an lae le ceoltóirí áitiúla, Jimmy Noonan agus Patrick Mangan. Bhí sé beartaithe agam fanacht thar an oíche mar sin bhíos in ann súp a bhaint as an gcomhluadar cairdiúil go h-am mhairbh na h-oíche!

Is mór an trua go bhfuil cúrsaí chomh dona sin arís sa Lár Oirthir agus iad ag méadú ó lá go lá. Bíonn an dá taobh i gcruachás ag a gcéile amach ansin i gcónaí agus níl teacht solais síochána le feiscint. Bheifeá cráite ag smaoineamh orthu i gcathanna fíochmhaire mar sin idir lá is oíche. Bíonn an bearna tuisceana chomh leathan agus domhain agus níl bhíonn aon taobh toilteanach an chéad chéim a glacadh suíochán a shocrú, ní bhíonn an meon sin ina gcultúir. Deirtear go bhfuil Cogaí na Croise críochnaithe ach dar liom leanann siad i bhfoirm difriúla.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Ní aontaím leat, a chara. Níl ach taobh amháin ann a bhíonn ag tosnú cogaidh. Má tá cead ag Iosrael bheith ann, agus dar liom tá, níl ach rogha an toibhe eile i gceist. Mura bhfuil cead acu, níl dhá thaobh ann chun síocháin a dhéanamh.
Is Giúdaigh iad in Iosrael, den chuid is mó. Agus is saghas Muslamach iad an taobh eile. Cá bhfuil an chros? Meafar amú sin, dar liomsa.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Le tamall rófhada anuas bíonn cogaí ar fud an domhan, go mór mhór sna tíortha sin. Bíonn an iomarca leathscéalta ann i gcónaí, reiligiún, cultúr, úinéireacht na talún srl ach sa deireadh thiar thall bíonn geallta briste, léigir, slad, is eirleach déanta ar na sluaite, gan trácht ar saint.
Nuair a luaigh mé na “cogaí croise” bhíos ag déanamh comparáid, ní gá na Críostaíochta a bheith páirteach ……..cogaí in ainm na Déithe éigine, ach leathscéal é sin amach is amach.
Rud amháin atá fíor ná bíonn trioblóid nuair nach bhfuil taobh amháin toilteanach labhairt leis an dtaobh eile……níl suim ag ceachtar acu i síocháin agus níl puinn measa acu ar a chéile.

Anonymous said...

Tagaim leat, a Hiolairí,
Is bearna thuisceana go aibéis atá ann. Guím suaimneas éigin do na bhaintreacha, dhílleachtaí agus lucht gonta