Wednesday, June 14, 2006

Faraor Barcelona! Ní bheidh mé ar ais..





Ar ais abhaile tar éis an turas gearr go Barcelona, agus bhí an-áthas orm bheith ar ais sa SAM.

Is cathair álainn í ……na foirgnimh Medieval sa seanbhaile agus an t-atmaisféar a bhíonn ann, na sean siopaí sna lánaí caolta. Na foirgnimh Gaudi, cuid acu an aisteach ar fad dar liom. An trá! an fharraige Mediterranean ag ní cósta na cathrach go bogúrach. An aimsir, foirfe! Te agus tirim, ach le gaoth fionnuar ón bhfarraige. Saol na h-oíche, cad é clubanna agus araile, ar oscailte trí na hoíche más maith leat stuif mar sin. Bhíomar i gceann amháin oíche agus d’fhágamar timpeall a trí, ag an am san bhí scuaine mhór ar an sráid ag iarraidh dul isteach, ní raibh an oíche ach ag tosnú!) An bia, iontach, caighdeán ard ar phraghas íseal go leor.

Ach faraor, tá an chathair stairiúla seo plódaithe le gadaithe. Níl nóiméad slán ag éinne ann, áit ar bith idir lá agus oíche!

Roimh an turas fuaireas faire ó chara agam anseo i NY faoi carachtar na Barcelonians agus an méid gadaíochta a bhíonn ann. Fós féin ní raibh me réidh. Bíonn brú na ngadaithe ar na turasóirí i gcónaí. Ní féidir rud ar aon luach a bheith leat i rith an lae ar na sráideanna, fiú faoi glas i do mhála! Is féidir leo malaí a oscailt i ngan fhios duit, uaireadóir a ghoid ó do lámh! Leis sin níl sé slán aon rud a fhágáil i do sheomra ar eagla na heagla, fiú má óstlann mór le rá í.
Cad atá le déanamh? Níl a fhios agam. Chaitheas tráthnona Aoine liom féin sa chathair agus níor stop an brú riamh ach ós rud é go rabhas liom féin, bhíos i gcónaí ar faire. Bíonn cleasaí acu d’aire a bhaint i gcónaí, le páistí, le cur sios ar an aimsir, le ceist faoi treoir srl. Níor cheapfá riamh go gadaithe iad seo óna cuma deas cairdiúil agus na h-éadaí faiseanta. Mar sin tá ort a bheith ar d’fhaire an t-am ar fad agus chuir sé seo isteach go mór orm.

Dé Sathairn, fuair mé lámh fir i mo mhála siopadóireachta uair amháin, in am, fad is a bhí duine eile ag caint linn, a chomh bhádóir ar ndóigh. Taobh istigh trí soicind bhí an bheirt againn ag féachaint air agus ar ndóigh an cleas ar siúl. Scread mé ar an ngadaí agus d’imigh sé uainn gan stró, gan luas, chuig an chéad duine soineanta eile is dócha. Lean sé mar seo an deireadh seachtaine iomlán agus bhí mo mheas ar an gcathair agus a muintir ag imeacht le gach eachtra.


Sa deireadh, oíche Shathairn theip orm a bheith airdeallach ar feadh cúpla soicind. Bhíomar ar an metro, ag teacht ar ais ón dtráigh. Bhí mé féin agus Paraicinár seasamh le greim ar chleith na traenach, mo mhála dúnta, trasna na gualainne agus slán (a cheapfá) os mo chomhair idir ár mbolg agus an bheirt againn ag caint aghaidh ar aghaidh, srón beagnach ar shrón, an mála eadrainn. Taobh istigh cúig soicind déag ar an traein sin, an fhad idir stáisiún amháin agus an chéad ceann eile, d’osclaíodh mo mhála agus goideadh mo sparán a bhíodh sa tóin ann. Níor bhraitheas rud ar bith, d’fhéach mé síos agus sinn ag teacht isteach chuig an chéad stáisiún eile agus chonaic go raibh mo mhála ar oscailt, ansin ar ndóigh an sparán ar iarraidh. Níor chreideas ar feadh nóiméid, cheapas go raibh mé chomh cúramach sin! ....Bhí an-díomá orm liom féin. Goideadh os cionn ár gceithre súil é?

Tá drochspéir ós cionn an chathair seo.

Tháinig mé trí doirse an Aerfoirt oíche luain agus dúirt le mo mhac Eimhin a bhí ann ag feitheamh orm. “ Tá áthas an domhan orm a bheith ar ais abhaile sna SAM iontach sláin!” agus dúirt sé liom “ Mom! You know you’re in Newark!”
Bhíos lán sásta.

9 comments:

mark bodah said...

Día ár sábháil! tá áthas orm go bhfill tú i mír amháin! saghas miracle (míorúilt?) is ea é!

Séamas Poncán said...

An dóigh leat gur Spáinigh iad go léir, nó daoine ó thíortha eile na hEorpa?

Fearn said...

Ar cheannaigh tú an t-léine leis an meana " Bhí mé i mBarsalóna agus níor casadh orm ach an péasghadaí seo " {grianghraf do chara anseo }?

Anonymous said...

Tá sé soiléir le cúpla bliain anuas go bhfuil an iomarca bochtanas i Barcelona (agus cuid mhór fadhbanna soisíalta agus an méid gadaíochta a leanann as seo). Is tubaiste é seo, mar is cathair álainn agus suimiúl é. Wake up Catalans and get your act together!

Hilary Mhic Shuibhne said...

Is dócha go bhfuil bochtanas ann ceart go leor, mar a bhíonn i ngach cathair mhór ach ní dóigh liom go bhfuil na gadaithe go léir chomh bocht sin. Níl cuma an bhochtanais orthu ar chor ar bith, an mhalairt déarfainn, na cinn a bhfaca ar aon nos. Sílim go saghas ghnó é, bíonn foirne ag obair le cheile, eagraithe. Níl aon amhras orm ach go bhfuil slite acu toradh a ngnó a chur ar aghaidh ar an margadh dubh. Bheinn amhrasach faoi na Póilíní ansin chomh maith tar eis seo.
Ní fheadar a Sheamais an ón gcathair iad síud nó áiteanna eile. Is dócha meascán.
Táim ag fáil alán ephoist faoi seo le déanaí, tá an saol mór ag cur sios ar an méid gadaíochta atá ann. Faraoir! Ní raibh an t-eolas iomlán agam in am.

April Snelling said...

Tá súil agam nach raibh aon rud ro-thabhachtach i do sparán a goideadh!
Tá cuma an-alainn ar an gcathair sna griangrafanna atá agat, is mór an trua é go bhfuil an méid gadaíochta ann. Tá sé deacair taithneamh a bhaint as cuairt ar aon áit ar bith , agus thú ag faire an t-am ar fad.

Seán said...

Tá brón ormsa, a hilary, nár bhain tú sult as do thuras. Ag an am chéanna tá eagla ormsa ar fad nó go mbeidh mise in Vilanova ar feadh an tseachtain seo chugainne. Beidh mé ag dule le duine eile ón oifig ar son GUADEC (www.guadec.org).

Seán

Hilary Mhic Shuibhne said...

Beidh tú ceart go leor a Sheáin ach, bíodh cúramach, sin an méid. Bhaineas an sult as dhá lá! Is cathair iontach í.
D’fhan cara agam ann cúpla lá breise, bhí a fhios aige go raibh trioblóid agam agus mar sin bhí sé níos cúramaí. Bhí lón aige i gcaife lá agus chuir sé a wallet ina mhála PC in ionad a phóca, Cheap sé go mbeadh sé sin níos fearr. Bhí an mála ar an urlár faoin mbord ina aice a chosa. Osclaíodh an mála sin agus ghoideadh an wallet! Níor chreid sé! Is dócha go bhfacadar an áit ina raibh an wallet i bhfolach, i mo chás, chonaiceadar an áit ina gcuireas an sparán nuair a bhíos ag ceannach ticéid traenach.
Chonaic mé morán daoine ann le backpacks os a gcomhair in ionad ar a ndroim, ceangailte ar a ndroim in ionad ceangailte thar a n-uchtanna….tuigim anois cén fáth.
Bíodh turas iontach agus slán agat!

Brenda Ní Shúilleabháin said...

Hilary, a leithéid d'áthas a bhí orm a fheiscint go bhfuil tú ag léamh mo leabhair, Bibeanna! brendanish@gmail.com mo sheoladh ríomhphoist, agus ba bhreá liom labhairt leat taobh amuigh den blog. Is staraí ealaíne mé i gcuid dem' "persona", agus thugas grúpa 30 go Barcelona timpeall na Cásca. Thugamar turas lae ar Montserrat, lá féile mór a bhí ann, agus goideadh sparán fir - cártaí, gach aon rud. Ach fós, is breá liom an chathair. Arís, ba bhreá liom cloisint uait.