Thursday, August 03, 2006

Ag Seinm an Seana Phort

http://siciliannotes.blogspot.com/2006/07/we-can-do-without-irish.html

Is dócha nach bhfuil mórán Gaeilge ag an bhfear seo, nó suim sa cheol traidisiúnta de dheasca sin tá sé i gcoinne an dá ábhar agus gan meas orthu.
Bíonn tuairimí mar seo i gcónaí sa dream a bhíonn náireach as a aineolas féin.

"a dead language for literary fossils" agus "artistically barren music"

9 comments:

Hilary Mhic Shuibhne said...

dúirt cara ó Corca Dhuibhne dom, “Ní bhfiú freagairt a leithéid seo, níl ann ach asal muice!” Bíonn se ag cloisint raiméise mar seo a shaol iomlán …….

Fearn said...

Aontaím leat agus le do chara Ciarríoch.
Ach ar an drochuair tá an nóisian sin ag scair mhór de mhuintir na hÉirinn. Muna raibh, ní bheadh lá baoil ag an Ghaeilge

Conn said...

Tá fáth na n-ionsaithe seo aimsithe go maith agat a Hilary: an náire.

Leithéidí Richard agus Kevin Myers, is léir óna ngutha an "mór is fiú" atá fúthu.

Is deas leo samhlú gur daoine oilte, cultúrtha, éirimiúla iad.

Leabhar iata atá sa Ghaeilge dóibh, ach ní ligfidh an náire dóibh a admháil go bhfuil siad aineolach. Mar sin, maíonn siad nach fiú an Ghaeilge.

Im thuairimse tá briseadh croí le sonrú i gcáineadh searbh pearsanta Myers, ach go h-áirithe. Tá sé mar a bheadh leanbh ar imeall na páirce peile. Braitheann sé an t-uaigneas go bhfuil sé fágtha ar leataoibh, ach ní ligfidh an mórtas dó páirt a ghlacadh - b'fhearr leis an chaid a phleáscadh.

Hilary Mhic Shuibhne said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Hilary Mhic Shuibhne said...

Tá sé go breá go bhfuil an fear seo Richard chomh cinnte faoi a thuairimí ……
“There is no writer in the Irish language that anyone need bother reading if looking for Irish literary contributions”
Is dócha gur tháinig sé chuig an tuairim seo tar éis staidéir nach beag a chríochnú ar na leabhar uile atá scríofa sa Ghaeilge, agus comparáid ansin a dhéanamh ansin idir na leabhair móra sa Ghaeilge agus na leabhair móra sa Bhéarla……mar is duine oilte é nach bhfuil?……agus ní dóigh liom go mbeadh tuairim aige faoi leabhair muna bhfuil siad léite aige?

Hmm..................sin an cheist, cá mhéad leabhar (scriofa sa Ghaeilge) atá léite aige go dtí seo chun teacht ar a thuairim!

aonghus said...

Tá amhras ormsa go bfhuil mórán litríochta i mBéarla léite ag an fear chéanna.

Maidir le fiúntas, an bhfaca sibh litir seo Gearóid Uí Chléirigh?

mark bodah said...

aineolas treascrach. is trua é, dáiríre. agus intinn dúnta aige.

Hilary Mhic Shuibhne said...

Hi Mark,
Ní gá dúinn bac leis, is dócha nach bhfuil sé ach ag éileamh breathnaithe lena raiméis. Níos fearr daoine mar sin a sheachaint!
Griangraf nua duit. Fearganféasóg
H

Brenda Ní Shuilleabhain said...

Hilary, nuair a bhí sraith cláracha ar litríocht na Nua-Ghaeilge á dhéanamh agam anuraidh, chuireas faoi agallamh Kevin Myers. Cheapas go gcruthódh sé teannas agus coimhlint, agus go mbeadh sé diúltach i leith na Gaeilge. Chuirfeadh na rudaí a dúirt sé ionadh ort, agus creidim go raibh sé ag insint na fírinne. Ar mhaith leat cóip don chlár?

Pé duine a dúirt go raibh briseadh croí le sonrú air, is dóigh liom go raibh an ceart acu....... ach ansin arís is deacair é sin a thuiscint uaidh uaireanta. Ní fheadar. Ach go bhfuil an dá thaobh ann, agus go ndíoltar é as a bheith conspóideach, agus as a bheith ag ionsaí na mba beannaithe....... gan amhras, ní bó bheannaithe an Ghaeilge :-))