Nuair a bhíos in Éirinn le déanaí bhuaileas le colceathrar m’athair, Micheál Uí Riain as Eas Géitine. Bhí seans againn an uair seo tamall gearr a chaitheamh ag labhairt le cheile i nGaeilge. Is file é agus an-suim chomh maith aige i gcúrsaí stairiúla a áit dúchais féin. Ní raibh mé ar ais ach seachtain nuair a tháinig leabhar deas sa phost chugam uaidh. Leabhar beag filíochta le Máire Ní Shúilleabháin, cara Mhichíl, ó Chill Churnáin, Co Luimní. An Solas Laistigh a tugtar ar an leabhar seo agus bhaineas taitneamh as, meascán atá ann, idir filíocht bunaithe i gcúrsaí a saol féin, sa dúlra agus sa Chríostaíocht, nó b’fhéidir sa chreideamh, in ionad Críostaíocht amháin.
Ar aon cuma seo sampla:
Muireann 1980-1984
Dhá phointe ama, i saol
A thús is a dheireadh;
Gan aon mhórghaisce eatarthu
Ach line á gceangailt.
Marc, nár shéimhigh an fhulaingt;
An chailliúint, ná líonfaí,
Ach le baisteadh iomlán an ghrá,
A d’fhág sí ‘nar gcoimhdeacht.
Cuirfidh mé sampla eile thuas anseo lá eile.
Anois tá orm roinnt stuife a chur le cheile don Lá na Gaeilge thuas i Petersham, Mass. faoi choimirce an ionad chultúrtha Ar dTeanga Féin bunaithe i
2 comments:
Bain sult as an Lá Gaeilge. Tá éad orm ach ní féidir liom dul.
Seán
Beidh an scéal iomlán agam Dé Luain!
Post a Comment