Oíche Aoine i nGlucksman’s House NYU. Bhí an ceolchoim ana mhaith ar fad agus lucht éisteachta mór, bhí an teach lán chun dorais! ní raibh suíochán fágtha nuair a shroicheamar. Cé go bhfuil cuma tromchúiseach agus stuama orthu sa phictiúr seo, mar a bhíonn ar ceoltóirí cheoil gaelach i gcónaí, bhí an ceol beoga agus iontach mar is gnách ón dream seo. Sa lár Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Orceau, ar chlaí Ivan Goff agus ar dheis
Bíonn cur síos stairiúil ag Gearóid roimh gach píosa cheoil, nó ar a laghad thugann sé píosa faoi cúlra an údair dá lucht éisteachta. Cuireann sé seo buntomhas ana thábhachtach ar an gceol agus ar ndóigh ar an gceolchoirm uile. Ba mhinic a bhí an sean cheol agus an stair fite fuaite le cheile, seans na ceoltóirí a bhuíochas, a bhrón agus araile a chur in iúl. Ba mhinic leis a bhí na mothúcháin ceangailte le cúrsaí staire nó cúrsaí sóisialta (iad féin bunaithe sa stair). Tá sé seo le feiceáil chomh maith i stair litríocht na hÉireann, tháinig cas ar an litríocht le cásanna polaitíochta. Níl se sin le rá nach raibh greann, dóchas agus craic ann, ‘s iad sin na comhábhair a gcuireann an snas Éireannaigh ar an gcultúr.
2 comments:
Tuarisc maith den oiche iontach sin.
"Ivan Goff," an sloinne ceart ata ar an bhfear sin.
Slan beo,
Paul
Tá an ceart agat a Phoil agus grma as an t-eolas. Rinne mé athrú ar an litriú sin. Is minic a bhím ag scríobh ró thapaigh...........H
Post a Comment