Monday, February 06, 2006

Ceol, Stair, Craic.

Oíche Aoine i nGlucksman’s House NYU. Bhí an ceolchoim ana mhaith ar fad agus lucht éisteachta mór, bhí an teach lán chun dorais! ní raibh suíochán fágtha nuair a shroicheamar. Cé go bhfuil cuma tromchúiseach agus stuama orthu sa phictiúr seo, mar a bhíonn ar ceoltóirí cheoil gaelach i gcónaí, bhí an ceol beoga agus iontach mar is gnách ón dream seo. Sa lár Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Orceau, ar chlaí Ivan Goff agus ar dheis Myron Bretholz.

Bíonn cur síos stairiúil ag Gearóid roimh gach píosa cheoil, nó ar a laghad thugann sé píosa faoi cúlra an údair dá lucht éisteachta. Cuireann sé seo buntomhas ana thábhachtach ar an gceol agus ar ndóigh ar an gceolchoirm uile. Ba mhinic a bhí an sean cheol agus an stair fite fuaite le cheile, seans na ceoltóirí a bhuíochas, a bhrón agus araile a chur in iúl. Ba mhinic leis a bhí na mothúcháin ceangailte le cúrsaí staire nó cúrsaí sóisialta (iad féin bunaithe sa stair). Tá sé seo le feiceáil chomh maith i stair litríocht na hÉireann, tháinig cas ar an litríocht le cásanna polaitíochta. Níl se sin le rá nach raibh greann, dóchas agus craic ann, ‘s iad sin na comhábhair a gcuireann an snas Éireannaigh ar an gcultúr.

2 comments:

Anonymous said...

Tuarisc maith den oiche iontach sin.

"Ivan Goff," an sloinne ceart ata ar an bhfear sin.

Slan beo,
Paul

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Tá an ceart agat a Phoil agus grma as an t-eolas. Rinne mé athrú ar an litriú sin. Is minic a bhím ag scríobh ró thapaigh...........H