Wednesday, February 16, 2005

Coisir a lean dhá lá!


Deireadh seachtaine dár saol! Bhí coisir na bainise Máire agus Tomás againn, agus lean sí dhá lá!! Tar éis turas fada le Eibhlín ó Aerphort na Sionna go Néidin, agus sos uaire ansin le mo cháirde Margaret agus Simon, shroiceamar an Gleann Garbh ag timpeall a hocht a clog oiche Aoine. Ostán Eccles a bhí ár gceann scríbe agus bhí athas orainn an foirgneamh sin a fheiscint ag deireadh an lae agus é geal le soilsí ag breathnú amach ar oileán Garnish. Tháinig dream mhaith daoine le chéile an oiche sin agus tar éis tamall sa bhear lean an choisir ar aghaidh sa reception area le cleachta damhsa, karate agus canadh, Tomás i mbun le cabhair ón gcúpla, Emily agus Kathy. Bhí gach uile duine traochta tar éis anróiteacht na haimsire agus turais fada leis, ach ní fhada go rabharmar uilig lán sásta leis an saol.
Thosnaigh an lá dar gcionn go bréa geal agus lean sé, cé go raibh sé fuar go leor bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn. Bhí orainn a bheith i nGougán Bharra ag a dó sa thrathnóna agus bhíomar ann ag leath uair tar éis a haon le t-am againn féachaint timpeall. Ait iargúlta gan féidir cur síos ceart a dhéanamh faoi, braithnaítear draíocht san aer ann, dar liom, go mór mór an lá sin. Bhraithnaíomar an ghaoth ag éirí agus gan coinne bhí guairnéan gaoithe inár dtimpeallacht. Bhí mo hata ar tí eitilt i dtroe na h-ealaí a bhí ag lorg bheith istigh i cuinne an locha. Ba bheag nár thiteamar!
Bhí posadh Máire agus Tomás ana mhaith. Ní gá dom a rá go raibh Máire ag féachaint go bréa, bíonn sí i gcónaí. Bhí lasadh ina haghaidh aici, bhí gríosghrua le gliondar uirthi agus ar Thomás nuair a tháinig sí isteach chuige. Bhaineas an-taitneamh as an lá iomlán, ar dtús an pósadh féin sa aireagal Naomh Fionnbharr. Bhí slua mór daoine ann i bhfianaise, amhránaíocht den scoth ó Máire de Búrca, fidléir iontach chomh maith. Bhíos ag smaoineamh agus mé ag éisteacht ar an aifreann inár dteanga uasal, go raibh an teanga le cloisint san áit céanna sa 7ú Aois nuair a bhí an chéad mhainistir ansin (Tá na cillíní fós ann) agus deacair dom saol an ascetic a thuiscint, saol diantréanach gan faoiseamh? Ní thuigim. Is aoibheann liom deireadh seachtaine ciúin anois is arís ach saol mar sin? An lá breá seo bhí an teanga le cloisint arís san áit bheannaithe. Nuair a bhí an ceiliúradh thart taobh istigh amach linn agus bhí tréimhse lasmuigh againn ag féachaint ar na cilliní agus ag glacadh griangraf, ar ais linn go dtí an Gleann Garbh agus cuid a trí don choisir. D’fhan an aimsir go breá geal cé go raibh fearthainn fiáin ag bualadh anuas orainn agus sinn inár gcuid gcarr. Lean an ceiliúradh san ostán le dream ag feachaint ar cluiche rugby sa bhear, Eire i gcoinne an Albain, a bhí ar siul i Murrayfield, Glasgow. Bhí an bua againn mar is ceart! 40 – 13!!! Ar ais go dtí an fíor comóradh bainise, cuid a ceathar anois, bhí dinéar breá blasta agus damsa againn, céili ar dtús a chur gach duine amach ar a gcosa, bhí ár Riverdance féin againn le stiúrthóir Patsy Cassidy. Tar éis sin bhí disco againn (Cuid a cúig!). Agus ag deireadh na hoiche seisiún gearr Rud do gach uile duine. Bhuaileas lem philiúr ag a 4am. Ach ní raibh tuirse orm. Chun an fhirinne a rá, tháinig an tuirse orm an oiche dár gcionn, oiche Dhomhnaigh an Traochadh agus mise ar ais i gcathair Luimnigh. 'Sea bhí orm íoc as ragairne dhá oiche ach b'fhiu iad, an dá oiche scléipe san.

No comments: