Tuesday, March 04, 2008

Anam Cara

Bhí ana chraic agam ag an deireadh seachtaine cé go raibh amhras orm fúm féinig ag an am céanna…. Bhíos páirteach i seó tráthnóna Dé Domhnaigh san Westchester Arts Exchange.
Seo mar a tharla, bhuail mé leis an stiúrthóir ag coisir na Nollag, bhí sean aithne agam uirthi ach níor bhuaileamar le cheile le roinnt blianta anuas. Bhíos ag canadh rud éigin le cara liom an oíche sin agus thaitin an t-amhrán léi… ansin d’iarr sí orm a bheith páirteach sa seó seo…. agus……tar éis cúpla gloine fíona…. bhíos lag os a comhair, tá a fhios agaibh….Rud eile ná bíonn deacrachtaí agam i gcónaí le bheith diúltach….. . agus ar ndóigh dúirt mé léi go mbeinn toilteanach…….…Anam Cara an t-ainm a bhí ar an seó agus é curtha le cheile ag an Hamm and Clov Stage Company. Bhí ochtar againn ag obair le cheile agus d’éirigh go maith linn. (caithfidh mé a rá.) Meascán a bhí ann idir scéalta startha, scéalta ón miotaseolaíochta, scéalta grinne, amhráin, ceol, seanchaíocht agus damhsa. Bá é an teagmháil daonnachta téama an seó. Bhíos neirbhíseach go leor nuair a chonaic mé na haghaidheanna uile ag féachaint orm….ní raibh sé mar sin sna cleachtaí ar chor ar bith! (agus ní raibh taithí ar bith agamsa a bheith i m’aisteoir, ach dúradh cara liom go mbím i gcónaí i mo aisteoir i ngan fhios dom féin.. Hmmm an bhfuil an cheart aici?)….. Ach bhí gach uile rud ceart go leor sa deireadh agus dúradh linn go bhain an lucht féachana uile taitneamh as. Bhí Aidan Redmond, Una McGillicuddy, Maureen Brady, Jimmy Kerr, John Redmond, Leslie Kelly agus an stiúrthóir, Holly Villaire páirteach agus bhaineas féin an taitneamh as am a chaitheas ag obair ar chlár an lae leis an dream proifisiúnta, éirimiúil seo. I ndáiríre ba mhór an onóir domsa cuireadh a fháil a bheith páirteach sa seó leo.

3 comments:

Séamas Poncán said...

Caithean a dhéanfar scannán de? Treise leat!

Anonymous said...

Maith an cailín!

Anonymous said...

Ahh, an dhraíocht fíona.....Maith thú, a Hilary!

Seán