Monday, March 10, 2008

Ethical Lapse!!!! mar dhea....

Go bhfóire Dia orainn!
Sin a tugadh ar ghníomhaíocht Elliot Spitzer i DC Cúpla seachtain ó shin agus í á phlé acu ar CNN inniu. Cén saghas raiméise í sin? Bhris sé an dlí i slí do-mhaite. Cén fhad a bhí baint aige leis an “Club” seo? Cheapamar uile gur duine iontaofa a bhí ann….Cuireann sé déistin orm. Níl trua ar bith agam dó anois ach trua dá mhuintir agus dá chomhoibrí sa toghchán bliain nó dhó ó shin
gan trácht ar an bpáirtí daonlathach i NY. Is dócha go bhfuil racht mearaithe ar chuid mhaith dá lucht leanúna. Tuige nach mbeadh, an fimíneach lofa. Anois ag iarraidh teacht ar maithiúnas….’sea os rud é go bhfuil an scéal amuigh, sin an méid………An bhfuil aon polaiteoir iontaofa ann?

4 comments:

Anonymous said...

Mar a dúirt Naomh Pól: Tá an cholainn lag...

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

....arís is arís eile..

Anonymous said...

Léigh mé nach gcuirfear ina leith, más fíor, ach an choir a deir: ní cead mná a iompar thar teorainn stáit amach ar mhaithe le mí-iompar collaíochta (?)

É sin ráite, an maithfidh an pobal é má déanan sé an croíbhrú cuí?

OLHC said...
This comment has been removed by the author.