Friday, September 22, 2017

Idir Bheirt Bhullaí?


Is léir nach bhfuil cosán glan ós comhair rialtas na tíre seo le ceannaireacht an lae. Is iomaí dris chosáin atá déanta acu féin in aghaidh dul chun cinn an daonra uile.  Cheap mé ar dtús gurb í a bpríomhaidhm ná stop a chur ar gach éacht oibre a ndearna an tUachtarán Obama; ag cur ceal ar chomhaontuithe difriúla a mbaineann le truailliú tionsclaíoch, cosaint tomhaltóirí, rialú inimirce, agus ag deireadh na míosa seo beidh ionsaí eile ar a Acht Chúram Sláinte. Tá cuma níos measa ar a bpróiseas cinnteoireachta anois, 'sé sin ar ndóigh an gaol idir Tuaisceart na Cóiré agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Cheapfá go bhfuil ár rialtas ar bior le trioblóid a chothú idir na tíortha le geáitsí ár n-uachtaráin an tseachtain seo chaite ag cruinniú na Náisiún Aontaithe anseo i Nua Eabhrac. Tagann stair san áireamh agus níl SAM gan locht i stair na Cóiré...ní fheadar an bhfuil eolas na staire ag ár n-uachtarán ar chor ar bith is oth liom a rá.  Téann na trioblóidí i bhfad siar ach ní mór féachaint thar n-ais píosa ar réim Harry S. Truman (ba é a lig na buamaí adamhacha anuas ar an Seapan.)  Bhí SAM i mbarr a réim ag deireadh an dara cogadh domhanda, slánaitheoir an domhain mar a déarfá, agus thosaigh fríth-chumannachas ag fás go tapa beagnach ar an bpointe. Ba léir go raibh suim ag an tSín i dTuaisceart na Cóiré ag an am sin agus faoi stiúir Truman rinne SAM iarracht stop a chur le spré an chumannachais ón tSín sa Chóiré, agus toradh an  scéil?  - Loitigh SAM na Cóiré i seach-chogadh... cogadh i gcoinne na Síne ach lonnaithe sa Chóiré. Ní nuacht í seo, is stair í, stair atá taobh thiar ceist na Cóiré inniu. Fágadh an Chóiré i bhfíor praiseach, agus deich mbliana dár gcionn bhí gorta mór ansin, bhí gorta mór eile ansin sna 90í. Fuaireadar cabhair ón tSín ó am go ham ó thréimhse an chogaidh - ach ó 1950 i leith is é SAM an namhad is mó i mbéal na ndaoine trí fhabhalscéalta na Cóiré, ní nach ionadh, fíric a chabhraígh Cathaoirleach Kim Jong-un le bailiú gléas troda le fada anuas,  agus faoi láthair fad is a bhíonn sé agus Uachtarán Trump ag tabhairt masla dá chéile. An ngasúir scoile an bheirt seo agus an domhan féin mar chlós súgartha acu agus cé hiad a íocfaidh as a gcuid geáitsí?

1 comment:

Mise Áine said...

Deacair a rá céard atá romhainn uilig, a Hilary, agus an bheirt acu seo de shíor ag spochadh as a chéile..:-(