Thursday, July 02, 2009

Lár an tSamhraidh

Bhí mé ag smaoineamh ar Michael Jackson le déanaí, aisteach an saol agus an deireadh a bhí aige. Beidh na scéalta ag teacht tamall eile déarfainn. Bhaineas féin an taitneamh as a chuid cheoil, i bhfad níos mó ná féachaint air le blianta beaga anuas, an créatúr.

Tá rud éigin cearr le mo ríomhaire an tseachtain seo. Ní fheadar cad é go fóill, tá sé ar saghas “go slow” seans gur bhris víris isteach in ainneoin Norton.

Beidh mé ag imeacht amárach go dtí an Dún Beag i gcontae an Chláir le haghaidh seachtaine, beidh bainis mo neachta ann ag deireadh na seachtaine seo chugainn, ansin baileoidh mé liom go Baile Átha Cliath agus plean a bheith thar n-ais i Nua Eabhrac lár mí Iúil. Níl mo mhadra ró mhaith le déanaí agus tá drogall orm í a fhágáil ach níl dul as agus ar a laghad beidh sí ag fanacht sa bhaile, níl gach duine ag taisteal.

Tá súil agam go mbeidh seans agam lá nó dhó a chaitheamh thuas sa Catkills ag an bhFéile i mbliana, feicfidh mé. Seo blaiseadh de ón bhliain seo chaite. Bhí an tréimhse ghearr a chaitheas ann go breá.
Bain sult as.

2 comments:

John M O Donoghue said...

A Hilliary tá súil agam go mdainfidh tú taithneamh as do chuairt ar Éireann agus go mbeadh biseach ar do madra.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Grma John, Bhí an turas go breá agus bhí Cara ceart go leor anseo ach faraoir ní itheann sí mórán nuair nach bhfuilim sa bhaile….