Thursday, October 19, 2006

Saturday, October 14, 2006

Lúnasa


D’fhreastail mé ar cheolchoirm Lúnasa an tseachtain seo. Bhí sé ana mhaith!
Tá an banna cheoil seo ar turas timpeall na tíre, ag seinm i gCalifornia, New Mexico agus áiteanna eile….. New Hampshire an deireadh seachtaine seo sílim. Clár anseo.

Bhaineas an taitneamh as an tréimhse i gcomhluadar a gcuid cheoil oíche Dhéardaoin. Ceol traidisiúnta ach comhaimseartha ag an am céanna, dar liom, gan a bheith nua aoiseach. Tá cothrom faighte acu tar éis na mblianta le cheile ag obair ar a bhfuaim tarraingteach sainiúil. Rud eile ná is ceoltóirí an éirimiúil ar fad iad uile ina aonarach, agus ansin tagann siad le cheile le comhleá breá cheoil.

Tá suim acu tacaíocht a thabhairt d’iad atá suim acu ina gceol, agus ar ndóigh i stíl cheoil traidisiúnta na h Éireann. Mar sin d’fhoilsigh siad leabhar le déanaí i dteannta a gcuid cheoil féin.

Lúnasa – Nótaí an t-ainm atá ar an leabhar, agus ní hamháin go bhfuil nodaireacht an cheoil iomláin ó trí CDs ann, ach scéalta faoin gceol agus na ceoltóirí is cumadóirí uilig eile a thug tacaíocht dóibhsean tri na blianta……. le roinnt mhaith grianghraif áille chomh maith. Bhí an t-ádh orm go raibh seans agam obair ar dearadh an leabhair seo le linn an tsamhraidh.

Má bhíonn suim ag éinne in Éireann teacht ar chóip don leabhar nó CD ar bith tá tuilleadh eolais le fáil ar www.lunasa.ie

Níl trioblóid teacht ar chóip anseo sa SAM ach oiread mar tá Cillian Vallely, an píobaire, agus údar an leabhair, lonnaithe anseo faoi láthair agus in ann cóip a chur chugaibh gan mhoill ar $25. Is féidir fios a chur air ón suíomh ghréasáin ón nasc “mail the band” agus teacht ar phlean.

Tóg an seans éist leo ar an suíomh chomh maith, tá an nasc ag barr an leathanaigh.

Tuesday, October 03, 2006

Fáilte romhat a Bhillí


Chaitheas an tráthnóna inné le mo chara dhil Caoimhe Ní Bhaoill agus a maicín Billí Pádraig Mac Giolla Easpaig. Tháinig Billí chun an tsaoil coicís ó shin agus ní fhaca mé leanbh chomh séimh agus álainn ariamh! Féach ar an aingeal!!

Chaithfidh mé a rá go raibh an buachaillín beag bídeach seo an sásta an tráthnóna a chaitheamh i mbaclainneacha a aintín Hilary, gan gíog ná míog as…. agus é ina sháimhín só.

Ní fada go mbeidh cúpla focal Gaeilge aige mar ní stopann Caoimhe choíche ag caint leis!

Go gcuire Dia rí agus rath oraibh, a Chaoimhe, a Liam agus a Bhillí óg.

Sunday, October 01, 2006

Lá na Gaeilge CT.

Bhí lá breá agam inné ag freastail ar Lá na Gaeilge in East Haven CT. Chuir Johannah Mackey le céile é, le cabhair ó Seán Feeney agus a gcomhbhádóirí le baint acu i Cairde na Gaeilge, Ionad na nGael Mheiriceánaigh, sa bhaile seo in iarthar CT. Tá an t-ionad féin an deas ar fad agus foirfe d’eachtra mar seo. Sílim go raibh timpeall caoga daoine páirteach. Cuireadh tús le cúrsaí an lae timpeall a naoi a chlog agus leanadar ar lán tseoil go dtí a cúig a clog.

Chaitheas féin cuid den lá le dream, deichnúir againn, agus sinn ag phlé ábhar éagsúil, agus go minic greannmhar leis. Cur i gcas, dá mbeadh seans nó deis agat teacht le cheile le duine ar bith sa domhain, é/í beo, nó fiú duine atá imithe ar shlí na fírinne. Cén duine a roghnófá agus cén fáth? An mbeadh ceist áirithe agat de nó dí? Nó an mbeadh dúil agat i ngnáth comhrá leis nó léi?
Bhí tuairim ag cách!
Tá fonn nach beag ar Sheán ó MA bualadh le Osama B.L agus é a mharú gan mhoill!

Bheadh suim ag beirt acu eile teacht ar scríbhneoirí, mar atá Máire Aine ó NJ agus Mike ó Boston. Ba maith le Maire Aine labhairt le James Joyce a shaothar a phlé (agus a mhíniú!)agus ba mhaith le Mike bualadh le Cervantes os rud é go bhfuil an spéis aige i shaothar an Spáinneach seo agus mórán de léite aige.

Bheadh suim ag Peigí ó MA bualadh lena comhainmneach ó Conamara, ba amhránaí agus file amhrán í i lár an naoú aois déag. (Ansin bhris Mike amach ag canadh amhrán dá cuid a bhí ar eolas aige…. Níor fágadh focal againn bhí sé chomh deas sin!)

Bheadh suim ag Siobhán ó MA teacht ar a sín seanathair, Arthur Murphy, mar is cosúil nach bhfuil mórán eolas faoi i stair na muintire….Tá an tuairim aici go raibh an droch bhraon ann agus ba maith léi teacht ar an bhfírinne.

Ba mhaith le Maitiú NJ agus Bernadette NY seans labhairt uair amháin arís lena n athaireacha, agus tháinig brón go tapaigh orainn uile ag smaoineamh ar ár n athaireacha nó máithreacha atá imithe uainn.

Bheadh suim ag Seán ó CT labhairt le Íosa Chríost agus treoracha a fháil díreach uaidh.

Agus mise? Sílim go mbeadh sé suimiúil ceist a chur ar an bhFáidh Mohammad agus a fháil amach uaidh an bhfuil sé sásta le cúrsaí polaitiúla an lá atá inniu ann ina ainm naofa.