Thursday, November 17, 2022

Inisherin - an scannán.






Comhad Fuaime Thuas. 

Ní fheadar fíor nó bréagach ach is ráiteas mór le rá é go ndúirt Sigmund Freud uair éigin nach raibh leigheas ar bith ar na hÉireannaigh!! Ní amháin sin ach nach bhfiú triail a bhaint as iad a chabhrú trí mheán na síocanailíse. Cheapas faoi sin agus mé ag machnamh faoin scannán Inisherin a bhfaca mé tráthnóna Dé Domhnaigh. Is trua nach raibh an drámadóir, Martin McDonogh ar an bhfód céad bliain ó shin mar déarfainn go mbeadh sé in ann Freud agus a chairde a chur i dtreo na tuisceana!

Inisherin, The Island of Erin, bhuel, nach bhfuil sé soiléir ón teideal gur micreacosma den tír féin atá i gceist anseo. Ní dráma grinn í seo! Cé go bhfuil sé breac le himeachtaí greannmhara, go háirithe an chéad leath. Tá sé lonnaithe i 1924 ar oileán beag ar imeall na tíre, fé mar a bhfuil Éire ar imeall na hEorpa. Buaileann tú le hÉireannaigh de gach cineál ar Inisherin, a leithéid fós beo agus beatha in Éirinn an lá atá inniu ann!

Tá ceathrar carachtar ann, Colm agus Pádraic na priomh charactair, ansin Siobhán, deirfiúr Phádraic agus Dominic, mac an gharda. Tá daoine eile le páirteanna tánaisteachta ann, fear an bheair agus a custaiméirí, an garda agus an sagart.

An bhfuil siad sásta lena saolta beaga ar an oiléan álainn seo? Níl ach Pádraic sásta ar dtús ach athraíonn sin go tapaidh. Níl Colm nó Siobhán sásta lena saolta ar chor ar bith ach, ar a laghad tuigeann Siobhán a cás féin. Is truán brónach é Dominic bocht, an créatúr, gan cumhacht ar bith. Ba chuma leis an ngarda agus leis an sagart rud nó duine ar bith seachas iad féin - nó dá mbeadh tairbhe le baint dóibh féin …iadsan ionadaithe an stáit ar ndóigh agus nach bhfuil aithne againn ar a leithéid de dhuine.

Is gnáthphoiblíocht iad an dream sa bheár, gan mórán le rá, gan smaoineamh domhain riamh acu, dream dúnta go leor iad gan puinn fiosrachta acu srl. Dream "Sure this is it " mar a déarfá! Cinnte, bíonn na carachtair go léir seo le fáil i ngach cúinne den tír má fhéachtar!

Aonaracht, uaigneas, foréigean, mí-úsáid ghnéasach, fearg, frustrachas, dímhaointeas, gealtacht agus éadóchas….. oh yeah - iad uilig agus tuilleadh - agus thit mé i ngrá le Jenny, an tasal beag dubh!!….
Téigh chun é a fheiscint -  is fiú!
(Ach ní bheidh tú ag gáire)

Friday, October 14, 2022

Focail ar Seachrán

Iarradh  orm le déanaí cabhair  a thabhairt do mháthair cara liom le cineál puzail; Tháinig cúpla focal aniar aduaidh chuici i lár na hoíche, cheap sí gur dán a bhí ann ach níor éirigh léi ach teacht ar níos mó, ach bhí sí cinnte go raibh níos mó ann. Theip uirthi arís is arís eile teacht ar fhocail eile agus sa deireadh bhí an dá líne ag cur isteach uirthi!
Cuir mo chara taifead chugam dá máthair ag rá na línte mar ní raibh ceachtar acu in ann na focail a scríobh. Ní raibh aon deacrachtaí agam na focail a thuiscint, bhí blas na seanamhná chomh soiléir!

"I d'óige oscail do mheabhair,
Is bailigh an fhoghlaim leat."

Ar aon nós, tháinig Joan chun an tsaoil i gCiarraí breis agus ceithre scór bliana ó shin. Chuir sí fúithi i Nua Eabhrac agus í fós ina déagóir. Bhí an teanga gar dá croí aici ó laethanta a óige ar scoil. 

Cheapas gur seanfhocal a bhí i gceist agus go raibh sé cloiste agam áit éigin cheana. D'fhéach mé ar ndóigh  i "Seanfhocail na Mumhan" (An Seabhac) ar dtús ach níor éirigh liom. Ansin tar éis cúpla nóiméad ar an Idirlíon tháinig mé ar an bpíosa seo:

"I d'óige oscail do mheabhair,
Is bailigh an fhoghlaim leat.
Óir an glór nach dtuigeann an ceann
Is cuma é ann nó as"


Nach deas é sin. Déarfainn go bhfuil na línte ag scoláire thuas thíos na tíre agus iad go léir ar ais ar scoil.
(Seo an nasc.)

Monday, June 20, 2022

An Turas Tranach le Dáithí Ó hÓgáin

Bhí an scéal seo idir lámha ag an gClub léitheoireachta le déanaí. Gearrscéal iontach atá ann.
Rinne mé taiféad de: 

Nasc chuig comhad fuaime


Bainigí sult as!

Friday, April 22, 2022

Ardfhlaith na Danmhairge - Hamlet

 Hamlet - as Gaeilge

 

Iarradh orm le déanaí leagan Ghaeilge a chur ar fhéinuiríoll Hamlet, an ceann mór le rá a thosaíonn le "To be or not to be...". Bhí ionadh orm ar dtús, seo ceann des na ráitis is cáiliúla sa teanga Bhéarla ó pheann Shakespeare. (timpeall 1600.) Cén fáth a gcuirfeá Gaeilge air? Ach, cén fáth nár gcuirfeá Gaeilge air? Is í sin an chéist!! Compátas aisteoirí darb ainm "Shakespeare in the Park" leis The Drilling Company i NYC atá taobh thiar den tionscadal seo. (Tuilleadh ag deireadh, uasdátú - an t-eolas is déanaí, Bealtaine 2022)

Is fear óg é Hamlet dar liom, ní fheadar cén aois a bhfuil air go beacht ach cheap mé i gcónaí go raibh sé ina dhéagóir, abair 19 nó mar sin. Níl sé soiléir sa dráma féin ach oiread.  Cén fáth go bhfuilimse cinnte go bhfuil Hamlet óg? Bhuel, tá cúpla leid ann, cuireann a uncail Claudius an dallamullóg air ag tús báire, bhí scéim dhiamhair aige a dheartháir, athair Hamlet, a mharú agus teacht ar chumhacht na tíre gan cíos, cás ná cathú. Phós Claudius a dheirfiúr chéile ansin, baintreach a dhearthár agus máthair an fhir óg, ach theip air mórán ama a chaitheamh ag smaoineamh faoi Hamlet. B'fhéidir gur cheap sé nach raibh ann ach ógfhear amaideach.

Is smaointeoir domhan é Hamlet, tá sé beagáinín as a mheabhair le buairt tar éis bháis a hathair agus tá díomá nach beag air lena mháthair. Ligeann sé go bhfuil sé ina ghealt! Níl a fhios aige cad ba cheart a dhéanamh ach bhraitheann sé go bhfuil air díoltas a imirt ar a uncail. Ba bhreá leis a bheith ina laoch! Ach tá sé idir dhá thine Bhealtaine, (dhá cheann ar a laghad!) agus é ag argóint lena choinsias óg féin agus ag iarraidh cinneadh a dhéanamh le coinsias glan. Bíonn sé ag dianmhachnamh faoin saol mar atá, agus seanacheist an bháis, cad é? Cad is ifreann ann? An bhfuil teacht ar na flaithis ar chor ar bith?  Ceisteanna a thosaíonn ag boilgearnach i mbeagnach gach déagóir uair éigin agus iad ag éirí ina aosaigh óga. Ceisteanna fealsúnacha an tsaoil nach bhfuil freagraí le fáil fiú ceithre céad bliana dár gcionn, nó riamh déarfainn.

Thosnaíos an jab ag déanamh staidéir ar dhá leagan den téacs agus phioc mé amach na mothúcháin is tábhachtaí. Thug mé faoi deara tábhacht na siollaí sa phíosa áfach mar is í an teanga labhartha atá i gceist, níor scríobh Shakespeare é do léitheoirí ach dá lucht éisteachta. Chaitheas am ag féachaint ar léirithe Benedict Cumberbatch agus Kenneth Branagh sa ról Hamlet ar Youtube ( Cé go raibh an bheirt acu níos aosta ná mo Hamlet!) Ansin scríobh mé leagan den féinuiríoll bunaithe ar na mothúcháin in ionad na focail féin, ní dóigh liom go ndéanann sé aon chiall aistriúcháin díreacha a dhéanamh abairt tar éis abairte, ní oibríonn sé sin domsa. Bhíos ag comhaireamh siollaí agus ag léamh gach líne os ard arís is arís eile fad is a bhíos ag scríobh, go dtí go raibh mé réasúnta sásta leis.

Samhlaigh mé go n-oibreoidh na focail sa lá atá inniu ann, déagóir i bpian, gan tuismitheoirí nó fiú cara buan ina thimpeall - (go bhfios de/di), - aonarán, uaigneach, feargach agus brónach, le díoltas ag brú ar a hintinne. Chuireas leid nó dhó sa leagan atá ábhartha inniu féin.
Seo thíos comhad fuaime, an téacs agus gluais.



Beo nó neamhbheo? Nach í an cheist,

An fearrde é leanúint faoi bhráca,

Leanúint le céasadh intinne, le céasadh an tsaoil

Gan a fhios cén t-uafás a thitfidh amach?

Nó, an fearr dul i dtreo cogaidh, éag-ghonta,

Agus suaimhneas síoraí a fháil - má fhaightear.

Chun báis: Chun suain: Ciúnas go deo!

Saor ó achrann na buartha agus ó ualach an bhróin

Ar ghualainn na mbeo, oh -  scaoil amach mé!

Guím: Ciúnas go deo: Chun báis: Chun suain

Ach fós, saor ó taibhreamh?


Ochón na taibhrimh: sin í an fhadhb;

Faoi dheireadh is faoi dhéanach

Ar shlí na fírinne, saor, mar sin? Nó,

Dromchromadh, ciaptha ag an imní.

Feallaire inár measc! Saoirse bhréagach.


Fulaingt faoi shála daonnachta,

Cad chuige aghaidh ar anró an tsaoil?

Roimh bhearta na mbaitíní agus na dronga santacha,  

Ar an anás os comhair na saibhre,

Airc agus ampla faoi smacht na dtíoránach,

Is na mílte anachana eile,

Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh go deo!

Ó, fáilte roimh Lá an Luan, le cabhair

Ón lann scine nó ón steallaire caol.   

Rogha éasca.


Óchón - go bhfóire an bradán beatha orainn!

É a chur amach le hosna. Dea-críoch, droch chríoch.

Is ionann an cás an beo is an bás.

An bhfaightí cúnamh ón mbuille marfach.

An taistealaí anaithnid gan fuacht gan faitíos

Ag bualadh isteach i dtír choimhthíoch.

Faraoir, arís eile, ina staic le heagla,

Mar mheatachán cladhartha. 



Leagan Gaeilge

Irish Language Version

15 Aibreáin 2022.
Hilary Mhic Suibhne



Gluais:

faoi bhráca - distress

éag-ghonta - mortally wounded


ualach an bhróin - burden of sorrow


shála daonnachta - heels of humanity


bhearta na mbaitíní - shenanigans of bully-boys

dronga santacha - greedy hoards


Airc agus ampla - want and hunger


anachana - calamities or disasters


Cúraimí gan cúiteamh gan faoiseamh - relentless thankless tasks


Ón lann scinne nó ón steallaire caol. - from stiletto, a long slender dagger, or syringe

An bradán beatha - last gasp, death rattle

mbuille marfach - death blow

taistealaí anaithnid - strange traveller (on life's journey)

gan fuacht gan faitíos, - without hesitation

ina staic - paralysed

Mar mheatachán cladhartha - Like a craven coward.

 

Uasdátú Bealtaine : Agus féach anseo anois:  The Drilling Company - an píosa idir lámha Una Clancy.


 

Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.

Tuesday, April 05, 2022

Arán agus Im - Seó Bóthair le Manchán Magan


Chuaigh mé chuig an seó seo Dé Domhnaigh, san Ionad Ealaíona na nGael, in NYC (726, Ascaill 11).

Bhí sé ar fheabhas, meascán idir taispeántas, dráma, léacht agus cóisir. Tá an léiriú féin éadrom agus greannmhar ach nochtann sé idir smaointe éadroma agus smaointe doimhne Mhancháin, a chur an lucht féachana (tá súil agam!) ag meabhrú agus ag machnamh faoi chostas an chailliúint, i bhfocail, timpeallacht agus eile.

Tá an seó go hiomlán dátheangach agus oireann sé do chách, idir óg agus aosta, Béarlóirí agus Gaeilgeoirí.  Seans do Gaeilgeoirí a gcéilí agus a gcairde gan Gaeilge a thabhairt in éineacht leo (má ba mhian leo, ní bheidh siad amuigh sa bhfuacht!) Beidh an seó seo le feiscint anseo is ansiúd amach anseo, Albany, Kingston NY féach thuas, Boston agus áiteanna eile féach anseo.

 Tá foirgneamh nua Ionad Ealaíona na nGael díreach oscailte agus tá sé galánta ar fad, is fiú cuairt a thabhairt air. Bhí ar gach duine a chárta vacsaín a thaispeáint ag an ndoras agus aghaidh fhidil a chaitheamh an t-am ar fad taobh istigh.

 

Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls. 

Wednesday, March 30, 2022

Táim anall thar Wordle! agus Foclach leis...


Breis agus dhá bhliain caite anois faoi scáth an víris seo, fós á seachaint!  Breis agus dhá bhliain ó bhuaileas le daoine áirithe -  cairde agus leathbhádóirí srl. Níl sé go dona, tá taithí agam ar ndóigh leis an saol níos ciúine agus tá sé cgl. Léim níos mó, scríobhaim níos mó, braithim go bhfuilim níos sláintiúla de bharr tuilleadh aclaíochta! Tá an t-ádh orm i go leor slite. Ní chuireann Zoom isteach ná amach orm, is breá liom ócáidí ar-líne, nach iontach an tslí ina n-oibríonn daoine le chéile chun imeachtaí a dhearadh agus teagmháil a choimeád le cairde? Bíonn an saol ar uairibh as fócas áfach; le teacht an earraigh anois déanfaidh mé iarracht athrú a dhéanamh ar sin más féidir.

Táim anall thar Wordle! agus Foclach leis (léi!) - thar n-ais le crosfhocail agus filíocht, deirfiúracha gaoil b'fhéidir.


Comments? Please DM me on Twitter or FB.
I'm no longer processing comments here due to trolls.