Chonaic
mé an dealbh seo i músaem an Ghórta Mhóir in Ollscoil Quinnipiac bliain
go leith ó shin. Ní cuimhin liom ainm an dealbhóra, b'fhéidir John Behan? ach gheobhaidh mé é
agus cuirfidh mé anseo é amach anseo. Nochtann an dealbh an tslí ina
gcoimeádtar na glúin trioblóidí a sinsir iontu, fad is ar éigean atá
siad ag bogadh ar aghaidh.
Imíonn an t-am ach fágann sé a lorg i slite difriúla. Braitear go
gcoimeádann sé ár rúnda ach ní i gcónaí - ba mhinic a cheaptar nach
mbíonn a loirg le feiscint ach muna bhfuil is amhlaidh a bhíonn siad
ann, ina mbealaí inmheánacha, mar lorg dóite nó tatú ar chraiceann
atá clúdaithe. Aithnítear é seo - ach ní i gcónaí a thuigtear; is cuid
dár n-oidhreacht iad fulaingthe ár sinsir. B'fhearr linn dearmad a
dhéanamh, b'fhearr linn gan labhairt fúthu, b'fhearr linn go n-imeoidís
san aer. Ach iompaítear linn lorg a streachailte i ngan fhios dúinn
féin.
Cloistear scéalta gach ré lá faoi na Siriaigh agus iad ag bogadh ó thuaidh
gan faic óna dtír dúchas. Tugtar "imircigh" orthu in ionad "dídeanaithe"
faoi mar a tugadh "imircigh" ar na hÉireannaigh i lár an naoú haois déag. Sainmhínítear "dídeanaí" dar liom ná duine a theitheann óna thír féin de dheasca cogaidh, géarleanúna, ocrais nó tubaiste. Bíonn báid an bháis ag seoltóireacht arís.
Nach dídeanaithe iad siúd?
Chonaic mé The Silver Tassie (ó pheann Seán Ó Casey) leis an gcomhlacht Druid anseo i NYC le déanaí. Is dráma moráltachta as an ngnáth é, cinnte is dráma fríth-chogadh é agus mar sin is tréimhse oiriúnach é a fheiceáil sa tír seo - nó aon áit ar bith déarfainn. Athraíonn stíl an dráma ó ghníomh a haon go gníomh a dó, ach shíl mé gur saghas scátháin é an t-athrú céanna. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir ár saolta agus saolta iad siúd, atá "sna díoga" nó i lár cogaidh...... mar sin do dhein an t-udar an athrú ar fad.
Rud eile tá cuma ceol dhráma éadrom ar ghníomh a dó rud atá aisteach agus sinn go leir sa díog leis na saighdiúirí, na créatúir bhochta, leanann an siamsa faoi scáth mór millteanach an Tanc, agus ní fada go ndúisíonn an lucht féachana le preab as a ról compordach sa cheol-dhráma.... Ní thuigeann an sách an seang agus ní thuigimid cogadh ónár gcathaoireacha uillinn tráthnóna.
Léirítear an dráma an tslí ina leanann an saol ar aghaidh gan mórán stró - fad is a athraíonn cogadh saolta an mhionlaigh - na daoine loite féin agus muintireacha na mairbhe. Déantar dearmad gan moill orthu - cé gur íoc siad i slite do-inste. Agus tar éis tamaill ghearr is cuma formhór na ndaoine orthu - an cuid is mó den domhan mór, seans nach d' aon turas an meon míchneasta seo, seans go bhfuil sé inmheánach. Bíonn bearna tuisceana ann.
Bhí blasanna láidre ar aisteoirí an dráma, bhí sé greannmhar go leor in amanna agus sin cleas eile an scríbhneora, go rabhamar ag gáire le geáitsí carachtair áirithe agus scamall dorcha ag at, ní i ngan fhios dúinn....
Bhí dream sna suíocháin taobh thiar dom agus níor thuigeadar focal! - mar a dúirt bean amháin acu liom: "I don't get it, I'm only getting about one word in 50!" D'imigh siad ag an am sosa. Níor thuigeadar é....
Tá an leabhar The Cellist of Sarajevo le Steven Galloway idir lámha agam faoi láthair. Bunaithe ar fíor scéal, tá an tudar ag iarraidh an cheist cad é daonnacht in am cogaidh? a fhreagairt, an bhfuil nádúr daonna ann ar chor ar bith nó an é clúdach chomh tanaí le síoda atá ann? Bíonn sé éasca a bheith dea chríoch nuair nach bhfuil duine éigin ag iarraidh tú a mharú.....
Má smaoinítear ar na hÉireannaigh a aistriú go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá timpeall 1850 tagann pictiúr áirithe ar an gcéad amharc, sé sin ar ndóigh na mílte bochta ó fud na tíre a bhí in ann éalú ón ocras agus ó anró an tsaoil go dtí an tOileán Úr. Ach nach mbíonn níos mó i ngach pictiúr ná an príomhábhar agus is fiú féachaint siar le radharc níos fairsinge ar an dream mór a d’fhág an tír le linn na tréimhse dorcha san ….Tháinig eisimirce go Meiriceá ó Bhaile Átha Cliath chomh maith, seans maith nach raibh na taistealaithe sin ar a ndé deirí i gcomparáid leis na créatúir bhochta ó thimpeall na tíre- ach bhíodar go léir ag iarraidh saoil níos fearr a bhaint amach, dóibh féin, dá bpáistí agus i slí indíreach, dá muintir fágtha sa bhaile.
Chonaic mé taispeántas dealbhóireachta le Augustus Saint-Gaudens (1848-1907) sa Metropolitan Museum of Art tamaillín ó shin. Seans nach bhfuil ainm an dealbhóra seo ar eolas ag cách ach, ag an am céanna is beag duine nár bhfaca sampla dá shaothar uair éigin í Nua Eabhrac agus i gcathracha móra eile, Baile Átha Cliath ina measc ……sin le rá ar ndóigh….má bhíonn a súile ar oscailt. Cuireann an smaoineamh sin chara liom i mo chuimhne; do bhíodh sé i gcónaí mí shásta le daoine gan an nós acu rudaí a thabhairt fé deara ar ghnáth bóthar an tsaoil.. “erra, bíonn súile an té sin oscailte ceart go leor ach faraoir ní fheiceann an t-amadán céanna tada” a ndearfadh sé . (Púicíní a chuirtear ar chapaill na cathrach tá a fhios agat.. agus is é púicín focal eile a chiallaíonn le h-amadán sa Ghaeilge…duine nach bhfeiceann an pictiúr go hiomlán).
Ba é Augustus Saint-Gaudens duine de na dealbhóirí is mo i stair ealaíona na SAM, ach níor Mheiriceánach ó dhúchas é. Rugadh ar shráid Charlemont í mBaile Átha Cliath é, ba Éireannach í a mháthair , Mary McGuinness ó Bhaile uí Mhatháin, Co Longfort, agus ba Fhrancach a athair, Bernard Saint-Gaudens, caibléir a bhí ann agus é lonnaithe i mBaile Átha Cliath ó 1840. D’aistrigh Bernard a chlann go Meiriceá nuair nach raibh in Augustus ach leanbh, bhí beirt mac caillte ag an gclann cheanna agus ba chosúil go raibh eagla air roimh an gorta mór cé go rabhadar ina gcónaí i mBAC . Chuir Mary agus a maicín fúthu ar dtús i mBoston ar feadh cúpla seachtain fad is a bhí Bernard ag eagrú árasáin i Nua Eabhrac dá chlann, agus ansin d’aistríodar go Nua Eabhrac, go Sráid Duane atá thíos bhaile i NYC na laethanta seo, ach a bhí i lár na cathrach ag an am san. D’oscail Bernard siopa bróg. Ní raibh ard mheas ag muintir Nua Eabhrac ar na hÉireannaigh bochta a bhí ag díle isteach sa chathair na blianta san, an chuid is mó acu i gcruachás, ach d’éirigh le clann Saint-Gaudens. Tá sé soiléir ó scríbhneoireacht Augustus faoina thuismitheoirí go raibh saol réasúnta compordach acu agus gur bhain sé sult as a chúlra neamhghnách. Labhraíodar Béarla agus Fraincis sa bhaile.
Nuair a bhí Augustus dhá bhliain déag d’aois d’éirigh leis printíseach a fháil le gearrthóirí chaimeo, ba iad seodra coitianta an t-ard aicme an ré sin agus ba mhór an t-éileamh orthu. Chaith sé trí bliana le máistir amháin agus lean sé ar aghaidh le máistir eile ansin, d’fhreastail sé ar coláiste Cooper Union i NYC agus ansin an National Academy of Design. Nuair a bhí sé 19 bliana d’aois bhailigh Augustus leis go Páras agus d’éirigh leis tús a chur ag staidéar san École des Beaux-Art, ar aghaidh leis go Rome ansin agus sa deireadh chuir sé faoi thar n-ais i NYC i 1874. Bá ré mhór cogaidh í, agus le linn a shaol tugadh údaráis phoiblí do Saint-Gaudens le fonn saolta na laochra móra a cheiliúradh i slite poiblí.
Thug an t-oideachas a fuair Saint-Gaudens i bPáras fuinneamh nua aimseartha dá chuid oibre agus ní fada go raibh eisean duine de na dealbhóirí is cáiliúla sa tír. Feictear a chuid oibre sna cathracha móra, mar shampla The Sherman Monument i Manhattan, agus The Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial i mBoston ( Boston Common), agus Lincoln ina Sheasamh i Chicago. Sílim ó na cinn atá feicthe agam gur dhein Saint-Gaudens teagmháil le hanamacha a ábhar trína aghaidheanna, feictear gach mionchuntas ar a gcuntanóis. Thug na blianta ar chaith an dealbhóir ag obair mar ghearrthóir chaimeo taithí dó mion thréithe pearsanta a nochta ina chuid ealaíne.
Faoi láthair ní dóigh liom go bhfuil aon mhaitheas le fáil cogaidh a cheiliúradh, is trua nach bhfuilimid in ann teacht ar slí eile ár ndifríochtaí a réitigh ach seo ré eile. Ach tar éis dom an Robert Gould Shaw and 54th Massachusetts Memorial a fheiscint d’éirigh suim ionam sa bhfear sin agus a scéal; scéal tábhachtach atá ann, ina gcuireadh tús le gluaiseacht chuig cearta comhionanna do dhaoine gorma í gcóras míleata na tíre seo. Ba é an 54th Massachusetts an chéad reisimint do fir ghorma sa tír faoi cheannas Coirnéal Gould Shaw, fear óg, 25, agus é mór le rá sa ghluaiseacht i gcoinne an daorsmachta. Ag féachaint ar an píosa ealaíne seo agus an scéal ar eolas agam anois ba bhreá liom mo lámh a shá amach trí na blianta agus é a chur ar ghualainn duine de na fir óga gorma cróga sin ag siúl go bródúil le chéile agus cogar a chur ina chluas, Ádh mór a fhir óig agus tar abhaile slán, tá a fhios agam áfach gur baineadh úsáid as an reisimint seo; níor tháinig mórán acu abhaile ar chor ar bith, a dtaoiseach-catha óg i measc na mairbh.
Thosnaigh Saint-Gaudens ag obair ar shéadchomhartha Charles Stewart Parnell i 1903, buí le John Redmond, cé go raibh an ealaíontóir breoite le ailse ag an am. Cuireadh suas i Sráid uí Chonnaill i 1911 le sliocht ón rí gan coróin féin. Ní fheadar an raibh saothar Saint-Gaudens faoi tionchar mór a bhunadh Ghaeil ar ach ba eisean a mhol píosa as Gaeilge a chur le Parnell: Go Soirbhigidh Dia Éire dá Chlainn.
Is minic a shiúltar thar shéadchomhartha gan féachaint orthu, gan iad a fheiscint i gceart ar chor ar bith, níl iontu don chuid is mó againn ach cúlbhrat inár saolta a mbaineann le ré eile, fadó. Ach, anois is arís, labhraíonn ceann liom i gcogar: Ná déan dearúd.
Beannachtaí na bliana úire!Thar n-ais sa diallait atáim! Cairn mór oibre os mo chomhair ach smaointí iontacha agam faoin tréimhse sa tuaisceart.
Ach ag an am céanna táim croíbhriste faoi cursaí i Gaza, tá sé go dona amach is amach, tá pictiúir anseo ón Boston Globe. Is cuma cursaí eachnamaíochta na tíre nuair a bhíonn fulaingt mar seo ar siúil…In ainm Dé nach féidir leo stopadh? Beagnach 700 caillte anois i Gaza agus 10 in Israel.
Bhí ana brón orm nuair a chuala gur bhfuair deirfiúr Aine Durkan, Ciara, bás in Afganistan anuraidh. Scriobhas píosa faoin tubaiste sin tamall ó shin. Ansin chuir Áine chugam an dán a scríobh sí. Éist leis anseo.
Inniu, níl a fhios agam cén fáth, ach bhíos ag smaoineamh ar Áine. Is dócha os rud é gur chuireas ephoist chuig cara eile againn, Claire, agus chuir an nóta sin Áine ar m’intinn. Bhuaileamar go léir le cheile an tseachtain seo in Oideas Gael anuraidh agus do bhí ana spraoi againn le cheile an tseachtain sin. Ar ndóigh ní raibh a fhios againn ag an am eadrom sin go mbeadh Áine faoi bhrón agus faoi bhuairt roimh i bhfad.
Bhí a fhios agam go raibh clár faoin droch eachtra seo ar liosta gearr NY Festival 2008, agus fuaireas amach díreach anois go bhfuair Mairtin Tom Sheainín bonn airgid idirnáisiúnta as an gclár a rinne sé faoi bás Chiara. Seans éisteacht leis an gclár iontach go h iomlán anseo.
Cloistear droch scéala go minic na laethanta seo, agus cuireann siad gach uile mion rud ina áit cheart. Anois ar maidin fuaireas amach go bhfuair deirfiúr cara liom bás in Afghanistan cúpla lá ó shin. Níl focail oiriúnacha le rá ach comhbhrón a dhéanamh.
Ní oibríonn an nasc thuas i gcónaí mar bíonn ort siniú isteach ar uairibh. Seo an tuairisc ón Irish Times.
The United States military is investigating the shooting dead of an Irish-born soldier in Afghanistan late last week. Ciara Durkin (29) from Quincy, Massachusetts, originally from Connemara, was reported as killed in action on September 27th in Afghanistan. She was a member of the Massachusetts Army National Guard, and had been serving in Afghanistan for almost a year. Ms Durkin, whose title was specialist with the guard's finance unit, is survived by two sisters and a brother living in south Connemara, while her mother lives in Boston, Massachusetts. Ciara left Ireland with her parents, Tommy and Angela, when she was nine years old, but returned for a time to attend secondary school in Carraroe.
The Massachusetts National Guard said that the incident was under investigation in accordance with US Central Command policy, and arrangements were being made at the weekend to fly the body back to the US. "It is a tragedy that affects us all," Maj Gen Joseph C Carter, adjutant general of the Massachusetts National Guard, said in a statement. "Our thoughts and prayers are with Specialist Durkins' family and her fellow soldiers," he said.
Neighbours and friends in the Carraroe and Leitir Mór areas have been expressing sympathy with her family members over the weekend. Ms Durkin is one of 185 foreign troops killed in Afghanistan so far this year.
Titeadh na deora uaim nuair a chonaic mé é sa NY Times ar maidin.Ní fheicimid aghaidh an chogaidh chomh soiléir agus atá sí sa ghrianghraf seo, in aghaidheanna an lánúin seo, ní hamháin aghaidh an fhir bhocht ach aghaidheanna an bheirt acu ar a lá mór ………. An t-alt iomlán anseo agus grianghraif eile.