Sunday, December 16, 2012

Slad na Soininne


Brionglóid.
Feicim iad, ag dreapadóireacht anuas na céimeanna arda óna mbus mór buí ar chosa beaga tanaí, málaí ollmhóra ildathach ar a ndromanna caola acu - Bándearg cuid acu, dearg agus dúghorm cuid eile, maisithe le capaillíní agus laochra an lae - gan mórán iontu ach cóip leabhar, leabhairín léitheoireachta, bosca lóin agus mála na bpeann ildathach.
Ansin iad ag rith isteach, nuair nach gceadaítear rith, gáirí agus cabaireacht le cloisteáil, Aghaidheanna beaga nite, fiacla diúil - duine no dhó mantach.
Gealfhiachlach, gealgháireach.
Réidh le Síog na Fiacaile.
Réidh le Daidí na Nollag.
Réidh le gnáth lá eile.

Friday, December 07, 2012

Tar Amach as an gCófra! Bíonn an Ghrian ag Taitneamh Lasmuigh!

-->
Tagann díograiseoirí idir mhúinteoirí agus fhoghlaimeoirí (agus gach aon chineál duine eile le suim sa Ghaeilge i Nua Eabhrac) le chéile i slite difriúla le linn na bliana. Bíonn sé i gcónaí iontach an teanga a chloisteáil go nádúrtha anseo mar theanga beo i gcathair na dteangacha. Ach is mó duine anseo le Gaeilge aige nó aici nach dtagann isteach sa ghluaiseacht nó comhluadar seo de dheasca easpa muiníne nó cúthail nó pé mothúcháin inmheánacha a thagann leo ó bhaile maidir leis an teanga. Bíonn sé an-deacair do chuid mhaith Éireannaigh teacht amach as an gcófra agus a admháil (dá gclann agus dá gcairde uilig) "Is breá liom an teanga! Ba mhaith liom í a bheith lárnach i mo shaol! Nach dtuigeann éinne mé?"  In ionad sin cloistear go minic "Yeah, Irish is great - I was no good at it though, I wish I were better - but my cousin is fluent!" nó a leithéid, ach ar ndóigh is cathair mhór í Nua Eabhrac agus spás anseo do gach mac máthar. Tuigimid an Gaeilgeoir bocht sa chófra. Tá fáilte romhat, a chroí. Bhí do leithéid cheana ann - agus beidh do leithéid arís ann.

Bíonn deirí seachtaine na Gaeilge (curtha le chéile ag Daltaí na Gaeilge) ar siúl go rialta sa bhliain ach is minic a bhíonn deireadh seachtaine iomarcach don Ghaeilgeoir drogallach bocht, ar eagla nach mbeadh éalú is dócha, gafa le Gaeilgeoirí, nó ar eagla go mbeadh gramadach á plé ansin ó dhubh go dubh, nó go mbeadh orthu léim trí fháinní órga nó, níos measa fós b’fhéidir, go mbeidh orthu labhairt as Gaeilge! Ach an tslí is fearr an mhéar coise chúthail a chur san uisce domhain seo (gan sciatháin snámha?) ná cúpla uair a chaitheamh le "páirtithe sa dólás" mar nach bhfuil a fhios againn An áit a mbíonn an dólás bíonn an sólás ina aice!  Bíonn ócáidí poiblí a leanann cúpla uair ar siúl i gceantar Nua Eabhac go rialta in Ollscoil Nua Eabhrac (NYU) Greenwich Village NYC, san The Irish Arts Center i lár na cathrach agus sna hionaid cultúrtha eile i Connecticut agus New Jersey.  Tugann tráthnóna na Gaeilge agus laethanta na Gaeilge seans don Gaeilgeoir tostach bualadh le rúnchairde nua le suim sa Ghaeilge; tagann daoine gan focal Ghaeilge, daoine le cúpla focal agus iad le breis agus milliún nó níos mó focal le chéile i gcomhluadar cuideachtúil. Caitear cúpla uair gan stró ag caint agus ag ceol agus ní fada go gcloistear gáire trí mheán an Ghaeilge, rud a chuireann gliondar ar na Gaeilgeoirí atá díreach amuigh.

Bhí tráthnóna na Gaeilge poiblí ar siúl i Glucksman Ireland House, (lár Ionad an léinn Gaelaigh in Ollscoil Nua Eabhrac) le déanaí. Bíonn an ócáid seo ar siúl uair amháin gach téarma le breis agus ceithre bliana anuas. Tá an tigh galánta seo suite in aice le Washington Square Park i Greenwich Village, thíos bhaile i Nua Eabhrac. Tháinig caoga cuairteoir chuig an ócáid ar an Sathairn seo tá cúpla seachtain ó shin. Bhí idir na usual suspects agus dream úr Gaeilgeoir bailithe le chéile an teanga a bhlaiseadh, bhí ranganna ar leibhéil dhifriúla ar siúl agus seans don dream dreas cainte a dhéanamh thar cupáin tae. Thug Eibhlín Walsh agus Ciara Nic Oscair léacht faoina dturas ar bhóthar teangan. Tá an bheirt bhan óg seo i Meiriceá buí le scoláireachtaí Fulbright i mbliana. Is as Muineachán í Ciara agus í lonnaithe in Elms College Massachussetts anois agus is as Béal Feirste í Eibhlín. Oibríonn Eibhlín in Ollscoil Nua Eabhrac, NYC agus Drew University, New Jersey. Labhair an bheirt acu le mór mheas faoin teanga agus go háirithe faoin tábhacht a a ról ina saolta - ní hamháin ó thaobh a chuid oibre mar mhúinteoirí de ach níos tábhachtaí fós, mar chomhartha a bhféiniúlachta féin. Bhí an lucht éisteachta faoi draíocht agus ina lámha ag an mbeirt deisbhéalach seo.
"Níor thuig mo thuismitheoirí go raibh mé i mo Ghaeilgeoir ar dtús," a luaigh Ciara," mar ní raibh a leithéid ariamh ann sa mhuintir s'againne " ach, a lean sí "Tuigeann siad anois mé agus feiceann siad go bhfuil saol iontach agam agus go bhfuilim an sásta ar fad"
  "Bíonn suim agamsa i ngach cultúr" a dúirt Eibhlín, "agus is léir dom go bhfuil teanga fite fuaite i gcultúir iasachta,  mar Ghael tá áthas orm go raibh an seans agam teacht ar an teanga agus mé i mo chailín óg agus ar ndóigh go bhfuil sí beo i mo shaol ó lá go lá ó shin i leith".

Spreag an bheirt bhan lán fuinnimh seo an dream go léir agus ag deireadh an tráthnóna d'imigh gach duine abhaile, nó go dtí an seisiún cheoil seachtainiúil i bpub Lillies, (Union Square, NYC), agus aoibh ana mhaith orthu le fios go mbíonn an ghrian ag taitneamh lasmuigh.

Wednesday, November 07, 2012

Sandy


Ba bhrónach an scéal i Nua Eabhrac agus New Jersey an tseachtain seo chaite de dheasca cuairt Sandy orainn, leanann na droch scéalta an tseachtain seo, agus leanfaidh siad ar aghaidh tamall fada eile déarfainn. Tá cuid againn faoi bhuairt anois, agus scéalta fós ag teacht amach faoi thragóidí a chuir bás ar mórán, idir pháistí óga agus dhaoine fásta. Anois tá ceantair ag iarraidh leanúint, iad a áth thógáil más féidir ach tá ceantair eile ann atá scriosta go deo mar uibheacha briste, ní féidir iad a chur le cheile arís in aon slí. Titeann tubaistí mar seo ar ghuaillí na mbocht; ní bhíonn mórán roghanna gan acmhainní agus bíonn córas tacaíochta riachtanach agus ceart i gcásanna mar seo.

Tuesday, October 23, 2012

Agus mé ag smaoineamh ar cén fáth?

Seo liom arís
ag comhaireamh siollaí;
ag athrá fuaimeanna;
ag figh na bhfocal
le síoda séimh
a bhfuil chomh teann
le ceangal na gcúig gcaol.

Friday, September 21, 2012

Cá háit ar imigh na litreacha uile?


....Agus mé ag súgradh le mo ghuthán cliste nua agus lán sásta leis, rith sé liom nach amháin gur iontach iad na huirlisí atá cruthaithe dúinn ár saolta a chabhrú, ach cad faoi na poill a fhágtar dá barr, nó an poill iad?
Is gnáth córais iad teachtaireachtaí meandair, ephoist, fís-chomhráite agus araile ar ár bhfóin anois, agus muna bhfuil na seirbhísí seo ag gach éinne le fón-phóca faoi láthair ní fada go mbeidh - déarfainn taobh istigh glúin amháin eile. Ach is teagmhálacha gearra agus gearrshaolacha iad de ghnáth nach mbíonn mórán le fáil ó athchuairt orthu. Agus cad a dhéanfaidh na staraithe amach anseo gan cairn mhóra litreach acu ón aois seo?

Bhí Packie ina dhéagóir óg i lár na bhfichidí san aois seo caite in iarthuaisceart Mhaigh Eo, agus é an duine ba shine i gclann aon pháiste dhéag. Chuaigh sé chun oibre lena athair nuair nach raibh sé ach trí bliana déag d'aois, ach, ó tharla go raibh scríobh maith aige óna laethanta gearra scoile d'ainmnigh mar scríbhneoir é ina cheantar beag féin ar thaobh cnoic. Bhíodh an jab aige litreacha a scríobh ó am go ham ar son daoine áirithe na háite nach raibh bua na scríbhneoireachta acu,  ansin bhí air na litreacha a thabhairt chuig oifig a'phoist ar a rothar, faraor b'fhada an turas san dó, dhá mhíle dhéag gach slí nó mar sin de. Ach múineann gá seift agus tar éis tamall gearr chuir Packie féin litir sa phost chuig ard oifig a'phoist i mBaile Átha Cliath agus é ag iarraidh bosca poist dá cheantar. Níor éirigh leis ar dtús, bhí air feachtas a chur ar bun ach sa deireadh thiar thall d'éirigh leis. Cuireadh an bosca uaine ón Saorstát i lár seanbhalla cloiche gar do chrosbhóthar beag ina cheantar féin agus thug na seandaoine áitiúil Packie's box air. Is mó litreacha a cuireadh sa bhosca céanna faoi dhéin Meiriceá, agus déarfainn gur léadh arís is arís eile cuid mhaith acu ar an taobh seo.



Má bhíonn uaigneas orainn an lá atá inniu ann, ní hé an t-uaigneas céanna a chuireann isteach ar an imirceach i bhfad i gcéin i gcomparáid le saolta gan mórán nuachta ón sean fhód fadó.  Is iad forbairtí teileachumarsáide na blianta beaga anuas atá cúis leis an athrú agus ní fhaightear (nó is annamh a fhaightear) litreacha nó grianghraif sa phost níos mó ach oiread. 

In anneoin na buntaísí atá againn anois bíonn sé go deas ar uairibh féachaint i mo bhailiúchán litreach agus cuid acu a athléamh. Ansin tamall a chaitheamh ag taisteal ar bhóthar na smaointe leis an scríbhneoir tríd an dúch a mhaireann mar líne bheatha eadrainn.


Lean Packie mar réiteoir fadhbanna a shaol iomlán, níl fadhb ach a bhfuil réiteach aici a deireadh sé go dearfach agus teacht aniar aige gach fadhb a réiteach i gcaitheamh a shaoil. Do bhíodh gliondar agus iontas air forbairtí nua a fheiscint agus níor chaith sé aga maoithneach riamh ag gearán faoi athruithe an tsaoil, ba chrua an saol fadó. B'fhuath leis aon Stick in the Mud. Bhain sé an-taitneamh as litir phearsanta sa phost i gcónaí agus iad a athléamh - ach déarfainn go mbainfeadh sé an-sult as iFón.

Wednesday, June 27, 2012

Aimsir an Ghrianstad



Faoin am seo den bhliain
tugann an ghrian cuairt ar ais
ar spéirléas mo sheomra folctha.
Bíonn bogha báistí liom
ag tógáil ceatha.


Thursday, June 21, 2012

The Soda Wars aka The Sugar Games




Nuair a chuala mé faoi plean an Mhéara Michael Bloomberg cheap mé go raibh sé aisteach, cosc ar deochanna milse sóide nós mó ná 16 oz? amaideach, cad faoi saoirse? Nach mbeadh sé níos fearr tuairimí na poiblíochta a athrú?  Anois tá Boston ag féachaint ar an bplean céanna.

Inné bhí mé san ollmhargadh áitiúil agus bhí fear taobh thiar dom ag ceannach ana chuid bruscair, dar liom, deochanna milse sóide agus araile. Bhí sé mór go leor cheana féin agus dúirt mé liom féin, bhuel tá súil agam nach mbeidh tusa ag ól agus ag ithe an bhruscair sin....mé ag éirí mí shásta leis agus ag samhlú ar chostais na dtréimhsí san ospidéal dó amach anseo nuair a bheadh sé ina fhear mhurtaill i gceann bliain nó dhó. Cé a íocfaidh as a roghanna sa deireadh thiar thall? Ach bhí mé mí shásta liom féin ansin mar ag an am céanna ní maith liom a bheith i mo bhreitheamh.
Rith sé liom go mba chóir  Surgeon General's Warning a bheadh ar gach buidéal agus canna  "Sugar Causes Obesity" "Are You Too Big Already?" nó rud éigin níos deisbhéalaí mar shampla "Sugar Kills" nó pictiúir do dhaoine ollmhór ar na buidéil? Cad faoi cáin i bhfad níos airde ar na deochanna milse go léir, cáin $10 ar a laghad...saoirse fós slán. An ndéanfadh sé difríocht ar bith? agus cad faoi na comhlachtaí móra sóide?
Anois tá sé ráite go bhfuil deochanna milse níos saoire ná uisce sóide....


Friday, June 15, 2012

New York / New Belfast - agus an Teanga

Chonacthas comhoibriú i Nua Eabhrac an tseachtain seo chaite idir The Irish Echo agus Ollscoil Fordham le tacaíocht ó roinnt comhlachtaí eile. Comhdháil thar dhá lá a bhí i gceist agus í lonnaithe i bhfoirgneamh Fordham i Lincoln Center. "New York / New Belfast" (NY/NB) an t-ainm a bhí ar an gcomhdháil agus ba é a cuspóir ná ceangail níos láidre idir na cathracha a chothú trí chúrsaí gnó agus cultúr. Bhí clár maith ann oíche Dé Chéadaoin agus an lucht éisteachta faoi dhraíocht na gcainteoirí, Christine Quinn, Pete Hamill, Terry George agus Fr Joseph McShane SJ ina measc. Is minic a fhágtar cúrsaí teangan taobh amuigh d'imeachtaí a mbaineann le Éirinn sa tír seo, ach ní hé mar a tharla sa chás seo de bharr dearcadh Mhairtín Ó Muilleoir (Belfast Media Group) chuig an teanga. Is teanga beo í an Ghaeilge i saol Uí Mhuilleoir agus tógann sé gach seans í a labhairt agus tacaíocht a thabhairt do lucht na Gaeilge más féidir leis, pé áit ina bhfuil sé.

Is léir dúinn nach maireann an teanga taobh amuigh cúrsaí eacnamaíochta; ní chónaíonn sí i stair na tíre amháin ach i saol comhaimseartha na tíre. Bhí sé sin sofheicthe thar thréimhse an tíogair nuair a chonacthas athbheochan i ngach gné dár gcultúr, ní hamháin in Éirinn ach anseo i Meiriceá agus timpeall an domhain chomh maith. D'éirigh muinín agus bród i gcroithe na nGael agus ba mhór an scannal agus an díomá é ansin do gach mac agus iníon macánta Fhódla teacht ar drochscéalta in áiteanna ard agus ísle faoin tsaint agus faoin gcíocras airgid a tháinig ar an bhfód thar an tréimhse céanna.

Bhí sé suimiúil mar sin Chaoimhín Mac Giolla Mhín a chloisteáil ag an gcomhdháil seo agus an t-eolas a fháil go bhfuil mórán tionscnamh anois timpeall na sé chontae a bhfuair tacaíocht ón gCiste Infheistíochta na Gaeilge le bliain nó mar sin anuas, agus go bhfuil airgead fós sa sparán aige cabhair a thabhairt d'fhorbairtí teanga sa cheantar. Má fheictear go bhfuil ról ag an nGaeilge sna geilleagair bheaga áitiúil éireoidh léi, agus má bhíonn poist i ngnó le fáil ina mbeidh dátheangachas tábhachtach leanfaidh suim agus bród sa teanga ar aghaidh.  Níl tuilleadh fáinní eochracha nó mataí luiche nó bruscair mar sin ó dhuine ar bith ach fíor gnóthaí a chur ar bun agus an bhéim ar an teanga le fáilte roimh dátheangachas.

Anois agus an deisceart ag bacadradh ar aghaidh i marbhshruth an ribe deireanaigh ó eireaball an diabhal tíogair tá sé níos tábhachtaí ná riamh an dearcadh dearfach chuig an teanga a chóiméad agus, gan dabht, é a chothú - agus a n-admhaítear go coitianta go bhfuil ról nach beag aici i dtodhchaí na tíre, idir thuaisceart agus deisceart.

Tuesday, April 17, 2012

An Teanga agus an Lone Star State!


Táim díreach thar n-ais i Nua Eabhrac ó Texas, áit a raibh deireadh seachtaine na Gaeilge iontach ar siúl i Wesleyan University, Fort Worth, faoi stiúir Ailín Curtin ón ollscoil agus Seán MagUidhir, Conradh na Gaeilge, Dallas. Bhí triúr againn ag múineadh ansin, Ailín féin, Eddie Kelleher agus mé féin. Is as iarthar Luimnigh ó dhúchas í Ailín agus í lonnaithe le blianta anuas i Fort Worth.  Is as Tiobraid Árann é Eddie agus eisean lonnaithe i Huston Tx anois  ag múineadh na Gaeilge i St Thomas University. Bhí sé an deas domsa bualadh leis an dream a bhí páirteach sna ranganna. Dream le ana shuim sa Ghaeilge ar ndóigh, agus spéis nach beag acu i gcultúr na nGael go ginearálta, gan trácht ar  Ailín agus Eddie, beirt díograiseorí ar son na teanga. Bhí siamsa agus spraoi againn le cheile agus ba onóir domsa a bheith páirteach agus cabhrach in aon slí. Cuireann sé lúcháir an tsaoil orm i gcónaí nuair a bhuailim le foghlaimeoirí le fíor suim sa Ghaeilge agus iad toilteanach a gcuid ama thar deireadh seachtaine, agus a gcuid airgid a dhíriú ar son na cúise.

Tuesday, March 27, 2012

Costas Skittles agus Tae Reoite?

Tá sé deacair dom labhairt nó scríobh faoin ionsaí le harm i bhFlorida mí ó shin, ach bíonn an scéal ag dó na geirbe agam ó chuala mé é, níos mó ná sin fiú - cuireann sé déistin orm - deacair dom a léamh gur chaill Trayvon Martin a shaol de dheasca tragóide. Dúnmharaíodh é - sin a tharla. Is gá é sin a rá arís is arís eile, dúnmharaíodh é. Déagóir seacht mbliana déag d'aois ag siúl abhaile ón siopa gan arm....Ba dhúnmharú toiliúil, réamhbheartaithe é dar liom, tuigim go bhfuil daoine áirithe ag rá nach féidir teacht ar an bhfírinne gan fianaisí, gan an scéal go hiomlán a bheith againn. Ach tuigim rud amháin, go raibh gunna i lámh an fhir sin agus ba eisean an duine a bhí ag loiceadóireacht thart ar na sráideanna ag lorg trioblóide agus ag lorg cáile de shaghas éigin do féin; bhuel tá sé aige anois mar dhúnmharfóir. An raibh gunna uaidh?  Is í sin ceist lárnach an scéil seo.

Bhí píosa sa pháipéar inné ó pheann Paul Krugman. "Florida’s now-infamous Stand Your Ground law, which lets you shoot someone you consider threatening without facing arrest, let alone prosecution, sounds crazy — and it is. And it’s tempting to dismiss this law as the work of ignorant yahoos. But similar laws have been pushed across the nation, not by ignorant yahoos but by big corporations." Tuilleadh anseo.

Bíonn i bhfad níos mó uisce faoi thalamh ná mar a cheapfá....dar leis. Tá scéalta ag teacht amach faoi Trayvon anois, nach naomh a bhí ann (an é sin le rá go raibh an t-ionsaí tuillte aige?)....Ach ag an bpointe seo smaoiním ar mhuintir an déagóra seo agus iad goillte, agus sochaí Mheiriceá goillte leo. Tá brón orm a rá go bhfuil an tír iontach seo ag dul in olcas fad is a glactar le leithscéalta an dúnmharfóra seo. Cén fáth go raibh sé ar thoir an fhir óg le gunna? Tuige nár ghlac sé an comhairle a thug 911 dó? Gan dul ar thóir aon duine.

Tá mac agam féin atá píosa beag níos sine ná Trayvon Martin, nuair a bhí mo mhac seacht mbliana déag d'aois bhí sé ard, 6' 3", agus an tanaí leis cosúil le Trayvon, agus bhíodh hoodie i gcónaí air thar an tréimhse sin.  An mbeadh eisean i mbaol i bhFlorida? - oh, dheineas dearmad a rá - is fear óg geal é....

Friday, January 20, 2012

Aige Baile As Baile!



Tugaim an focal Baile ar Éirinn go fóill - aon uair a labhraím fúithi, agus déarfainn nach mbeidh aon athrú ar sin, ach ag an am céanna má bhím ag taisteal sa tír seo ciallaíonn an focal Baile le Nua Eabhrac, seans gur rud aisteach é sin nó seans nach rud aisteach é sin ar chor ar bith; Braitheann an coincheap féin leis an áit ina bhfuilim b'fhéidir? ar leibhéal inmheánach is í Éireann mo bhaile ach bím sa bhaile i Nua Eabhrac, cé acu i lár na cathrach a bhím nó faoin tuath i dtuaisceart an stáit.
Is í an íomhá is mó a bhíonn forleathan faoi eisimircigh ná dream a mbraitheann uathu a dtír dhúchas i gcónaí agus síor-fhonn orthu dul thar n-ais chuici, drogall orthu a bpáistí a thógáil in aon áit eile - ach ní i gcónaí a bhíonn sé sin fíor. (cé go mbíonn sé fíor go minic) Oireann saol an imircigh liom cé go bhfuil tírghrá domhain agam agus ní dóigh liom go bhfuilim i m'aonar mar is treibh fhánach shiúlach sinne.......agus ní dóigh liom go mbraitheann ár bhféiniúlacht ar ár n-áit chónaithe.

Ach bhí an t-ádh dearg orm, agus sílim go mbíonn i ndáiríre, bíonn mo bhuidéal leath lán.... Nuair a bhogas anseo bhí na hacmhainní agam dul go Éirinn chomh minic agus a bhí orm, nó dúil agam, dul. Bhí cárta uaine agam taobh istigh ceithre bliana -  mar sin ní rabhas riamh buartha faoin gcinneadh fanacht anseo, níor bhraitheas riamh gafa sa tír sa dóigh in a mbíonn mórán imirceach. Sílim go bhfuil difríocht bhunúsach idir meonta na n-imirceach a thagann ar víosa agus meonta iadsan a dtagann gan pháipéir in ord agus in eagar acu.
B'fhéidir más duine gafa thú go mbíonn na cnoic i gcéin, nó sa bhaile sa chás seo, ana ghlas ar fad?

Thursday, January 12, 2012

An Sean Réiteach Talún.....

Le Henry Doyle 
Mary Frances Cusack's Illustrated History of Ireland, 1868



Tá an nós agam éisteacht le Seirbhís Domhanda ón BBC ar an raidió gach maidin.  Mar a cheapfá cloistear scéalta ansin nach bhfaightear aon áit eile. Ar aon nós bhí trua orm inné, cé nach raibh ionadh orm, a chloisteáil faoi cóisirí imirce a bhíonn ar siúil go rialta ar Oileán Acla. Bíonn a leithéid ar siúil i ngach áit sa tír agus daoine óga ag imeacht, agus níl sé chomh simplí do dhaoine óga teacht go Nua Eabhrac faoi láthair i gcomparáid leis na seanlaethanta. Bíonn deacrachtaí móra teacht ar víosaí.  Má thagtar gan víosa ní bhíonn ach jabanna sna pubanna nó mar fheighlithe pháistí agus araile le fáil, bíonn poist mar iad san ceart go leor - ar feadh tamaill. Ach níl sé furasta braith orthu.  Cloistear scéalta mar “Rugadh í Meiriceá mé agus bhog mo thuismitheoirí thar n-ais abhaile nuair a bhí mé óg….má thagann ábhar a stádas aníos i gcomhrá - (deirtear gurb é sin ceann de na gnáth leithscéalta - tá sé cloiste agam.) Ach is é an rud is measa déarfainn ná ní féidir leo dul abhaile agus teacht thar n-ais arís gan seans trioblóide, easpa saoirse ar shlí. ….rud eile ná ní bhíonn an méid sin poist le fáil sa tír seo anois, fiú má bhíonn tacaíocht ag an aos óg teacht anseo, abair cairde nó gaol…..
Bíonn sé deacair do dhaoine dul ar aghaidh ina saolta gan a bheith “dleathach” mar a déarfá….Agus bíonn an fhadhb chéanna ag an ndream a dtagann ó Guatamala agus Mexico, déanann siadsan ana chuid oibre anseo chomh maith ach níl páipéir acu go léir. Mar sin ní féidir a bheith páirteach í gceart, go hiomlán sa tsochaí anseo, ní féidir dul ar aghaidh le hoideachas mar shampla - Ní dóigh liom go bhfuil sé sláintiúil nuair a bhíonn leibhéil dhifriúla ann; dleathach agus mí dleathach i sochaí amháin, Nílim compordach leis caithfidh mé a rá,  mar sa deireadh thiar thall oibríonn siad, an cuid is mó acu, díreach nó indíreach, ar mhaithe linne atá dleathach.
Tá a fhios agam go bhfanann siad go léir anso mar cé nach bhfuil sé ró mhaith anseo bíonn sé níos fearr ná ina dtíortha féin,  Éireann ina measc. Sin mar atá. Nach bhfuil náire ar Rialtas na hÉireann? ba chóir go mbeadh nó an bhfuil áthas orthu figiúirí dífhostaíochta a "cheartú"?

Friday, January 06, 2012

Fáilte 2012 - Drochthús - an iomarca oibre?


Ah..ní dóigh liom é.
Ach bhuail slaghdán trom orm an deireadh seachtaine seo chaite, ní raibh éalú as, sleamhnaigh sé isteach sa tigh agus bhain tuisle asam, ach bhain sé mo chuid fuinnimh go hiomlán uaim chomh maith, fágadh lag i gcorp agus in intinn mé gan puinn suime agam i léitheoireacht, i scríbhneoireacht nó i mbia fiú - sásta a bheith ar an tolg os comhair na tine ag féachaint ar scannán tar éis scannáin, (buí le Netflix)  nó ag glacadh snap-codlata i ndiaidh fuisce te.... Ochón!  Ach táim thar n-ais ar mo shean léim - beagnach. Bhí íseal brí ag cur isteach orm ag deireadh 2011, drochscéalta ó gach taobh, ar lig an meon sin an diabhal slaghdán isteach? Ní fheadar - ach is púcaí iad slaghdáin agus glacann siad aon chaolseans a ligtear dóibh! Inniu an séú lá de mhí Eanáir agus ar shlí an chéad lá den bhliain úr domsa, (mar ar ndóigh chailleas an tseachtain seo caite.) Cuireann inniu fíor deireadh ar aimsir na Nollag, tréimhse a bhíonn gar dom chroí, seal a imíonn isteach níos tapúla ná aon cheann eile sa bhliain dar liom. Tá orm na maisiúcháin a thóg aníos agus iad a chur i bhfolach arís......

Cad é? Ceart go leor -  rúin na hathbhliana anois....ar aghaidh liom.