Friday, January 06, 2012

Fáilte 2012 - Drochthús - an iomarca oibre?


Ah..ní dóigh liom é.
Ach bhuail slaghdán trom orm an deireadh seachtaine seo chaite, ní raibh éalú as, sleamhnaigh sé isteach sa tigh agus bhain tuisle asam, ach bhain sé mo chuid fuinnimh go hiomlán uaim chomh maith, fágadh lag i gcorp agus in intinn mé gan puinn suime agam i léitheoireacht, i scríbhneoireacht nó i mbia fiú - sásta a bheith ar an tolg os comhair na tine ag féachaint ar scannán tar éis scannáin, (buí le Netflix)  nó ag glacadh snap-codlata i ndiaidh fuisce te.... Ochón!  Ach táim thar n-ais ar mo shean léim - beagnach. Bhí íseal brí ag cur isteach orm ag deireadh 2011, drochscéalta ó gach taobh, ar lig an meon sin an diabhal slaghdán isteach? Ní fheadar - ach is púcaí iad slaghdáin agus glacann siad aon chaolseans a ligtear dóibh! Inniu an séú lá de mhí Eanáir agus ar shlí an chéad lá den bhliain úr domsa, (mar ar ndóigh chailleas an tseachtain seo caite.) Cuireann inniu fíor deireadh ar aimsir na Nollag, tréimhse a bhíonn gar dom chroí, seal a imíonn isteach níos tapúla ná aon cheann eile sa bhliain dar liom. Tá orm na maisiúcháin a thóg aníos agus iad a chur i bhfolach arís......

Cad é? Ceart go leor -  rúin na hathbhliana anois....ar aghaidh liom.

No comments: