Friday, October 14, 2022

Focail ar Seachrán

Iarradh  orm le déanaí cabhair  a thabhairt do mháthair cara liom le cineál puzail; Tháinig cúpla focal aniar aduaidh chuici i lár na hoíche, cheap sí gur dán a bhí ann ach níor éirigh léi ach teacht ar níos mó, ach bhí sí cinnte go raibh níos mó ann. Theip uirthi arís is arís eile teacht ar fhocail eile agus sa deireadh bhí an dá líne ag cur isteach uirthi!
Cuir mo chara taifead chugam dá máthair ag rá na línte mar ní raibh ceachtar acu in ann na focail a scríobh. Ní raibh aon deacrachtaí agam na focail a thuiscint, bhí blas na seanamhná chomh soiléir!

"I d'óige oscail do mheabhair,
Is bailigh an fhoghlaim leat."

Ar aon nós, tháinig Joan chun an tsaoil i gCiarraí breis agus ceithre scór bliana ó shin. Chuir sí fúithi i Nua Eabhrac agus í fós ina déagóir. Bhí an teanga gar dá croí aici ó laethanta a óige ar scoil. 

Cheapas gur seanfhocal a bhí i gceist agus go raibh sé cloiste agam áit éigin cheana. D'fhéach mé ar ndóigh  i "Seanfhocail na Mumhan" (An Seabhac) ar dtús ach níor éirigh liom. Ansin tar éis cúpla nóiméad ar an Idirlíon tháinig mé ar an bpíosa seo:

"I d'óige oscail do mheabhair,
Is bailigh an fhoghlaim leat.
Óir an glór nach dtuigeann an ceann
Is cuma é ann nó as"


Nach deas é sin. Déarfainn go bhfuil na línte ag scoláire thuas thíos na tíre agus iad go léir ar ais ar scoil.
(Seo an nasc.)