Wednesday, December 16, 2020

Taomanna agus Taom Eile - Gearrscéal

 Cartoon Zoom Images, Stock Photos & Vectors | Shutterstock

Léigh dream againn an gearrscéal Taomanna agus Taom Eile le Pádraig Breathnach (Cló Iar-Chonnachta 1991) le déanaí. Bhí tuairimí difriúla ag gach duine againn faoin scéal seo. Cad a bhí ar siúl ag an bpríomhcharachtar, an raibh sé ag dul as a mheabhair go hiomlán le saint agus frustrachas, nó arbh é an diabhal féin a bhí ann, agus smacht aige ar intinn mo dhuine? Nó arbh é an diabhal féin a bhí ina phríomhcharachtar? Cérbh iad carachtair sa scéal seo fiú? Ní raibh rud ar bith soiléir dúinn!
Leanamar ar aghaidh ag caint faoi ar feadh uair a chloig agus ní dóigh liom go raibh duine ar bith ar aon intinn le duine ar bith eile.

Gealt atá mar phríomhcharachtar an ghearrscéil seo, agus é gan coinsias ar bith. Is léir go bhfuil galar intinne air - tuirse intinne as a bheith tógtha chomh mór le hardú céime sa phost, agus coimhlintí mar bhrat an mhíshásaimh uime. Tosaíonn sé le droch cinntí beaga, mar an Prawn Cocktail a ghoid, ach ní fada go bhfuil sé ag caitheamh cloch trí gloine daite clochair. Clochar a bhíonn ina bhaile ag mná rialta fiala. 
Bóthar an ógchiontóra gan amhras.

B'fhéidir gurbh é sin cuspóir an scéil, léitheoirí a bheith ag cur is ag cúiteamh agus an údar ag magadh fúinn? D'éirigh leis.

Monday, October 26, 2020

Ordú Dianglásála

 Amazon.com: Pillars of the House: An Anthology of Irish Women's Poetry  (9780863271434): Kelly, A. A.: Books 

Tháinig mé ar an dán seo arís le déanaí agus sílim go n-oireann sé do lucht na hÉireann faoi láthair. 

Ceart Urraime
le hEithne Strong

A phráta a scamhaim,
cuirtear i bhfeidhm orm
tarraingt uait, amh,
fiú i ngan fhios nach mór,
gan í bheith maol ná garbh
mar a cheapfaí maidir le rud
eascartha ón ísealscraith;
ar shlí aisteach
cuireann tú go réidh i láthair
do cheart urraime, tusa
atá fiarshúileach, crón,
gur taca mo chlainne thú:
braithim i réim 
scaoilscéim éigin 
a nascann le chéile
mé féin agus tú
tusa óna mbainim craiceann
fad shuíonn
An Taoiseach i gcomhairle.


Necessity For Reverence


O potato that I peel
I am made to know
your raw appeal
insidious, oddly,
not blunt nor coarse
as might one 
expect from something so
crudely sprung;
in some peculiar fashion
you quietly present
your claim for reverence,
you, cockeyed, swarth,
supporter of my family;
I feel a vague design
holds me in curious link
with you whose peel 
I strip while the Taoiseach
sits in council.

(Author's translation)


Pillars of the House
An Anthology of Verse by Irish Women from 1690 to the present. Ed. AA Kelly
(Wolfhound 1988)





Wednesday, May 20, 2020

.... Spadántacht an Choraintín..



Tá an t-am ag sleamhnú tharam, lá tar éis lae, seachtain tar éis seachtaine. Táim anseo sa bhaile ón 10ú mí an Mhárta, agus is inniu an 20lá de mhí na Bealtaine, 'sé sin 10 seachtain, 70 lá. (Nílim ag comhaireamh!!!)
Ar dtús bhí sé ní ba dheacra ná mar atá sé inniu, ní raibh a fhios againn ag an am san cad a bhí os ár gcomhair. Anois tá cuma ar an scéal go bhfuil rudaí beagáinín níos fearr fiú nach bhfuil solas ag deireadh tollán an ghalair go fóill. Braitheann sé ar gach duine, ba chóir a bheith cúramach, b'fhéidir go deo! Ach ar a laghad go dtí go bhfuil vacsaín le fáil. Ní fheadar cén fhad atá i gceist.
Níor chuir "obair ó bhaile" isteach ná amach orm. Tá oifig mhór gheal agam agus banda leathan ardluas leis. agus is maith liom am a chaitheamh i m'oifig, mo sheomra. Tá tolg agam anseo chomh maith! Saothair ealaíne ar na fallaí, radharc na coille agam i mo thearmann dheas chompórdach. Ní raibh na ranganna go dona. Bhí ionadh orm as an méad ullmhúcháin a bhí uathu, agus chomh tuirsiúil a bhí gach ceann acu. Is fearr go mór liom na mic léinn a fheiscint os mo chomhair beo in ionad ar mo scáileáin! Ach tá siad thart anois agus bhain mo mhic-léinn bochta a gcéimeanna amach inné gan mórán comórtha.

Cheapas ar dtús go léifinn ana chuid leabhar a bhfuil ina seasamh go foighneach ag feitheamh orm i leabhragáin m'oifige. Níor léigh, glan mé na leabhragáin, chuireas na leabhair in ord. Cheapas go scríobhfainn cineál dialainne, dialann na tréimhse ar choraintín! Níor scríobh. Ní raibh mórán ag tarlú! Báicéireacht? Dhein mé an iomarca, táim rómhór dá barr. Garraíodóireacht - Déanta, nílim i ngrá leis. Glantóireacht? Tá gach ní san áit cuí agus chomh glan le criostal. Ansin do bhí tinneas orm ar feadh roinnt seachtain agus ghoid sé mo chuid fuinnimh ach anois agus mé ar mo shean léim ba chóir cuspóir de shaghas éigin a bheith agam, ceart?
Cad faoi na ceachtanna go léir atá le fáil ar Aistear.ie? #28

Mar shampla, cuir Gaeilge ar: "His clothes had the shabby finery of a broken-down gentleman, but the air of a minor stage-player which they suggested was sharply contradicted by his face."

O a Dhia!
"Níor chuir cuma tráite a chuid éadaigh dea-dhéanta aon amhras ar an uaisleacht ón gcliabhán aige, nochtadh go soiléir ar a aghaidh thiarnúil."
nó:"Nochtadh a aghaidh thiarnúil gan pleidhce a bhí ann, in ainneoin cuma smolchaite a éadaí dea-dhéanta."
Hmmm -  an bhfuil Gaoluinn nó Gaeilge fágtha agam? Cleachtadh uaim.
Tá an fharraige uaim.
B'fhéidir go mba chóir dom píosa a scríobh anseo gach lá mar a dheineas fadó...alt gan aidhm, scéal gan sprioc.





Tuesday, January 28, 2020

"Imithe bán"

Cúrsaí pholaitíochta na tíre seo - Ní fheadar conas a rá "Going to hell ina hand basket" as Gaeilge ach déarfainn go bhfuil nath cainte oiriúnach le fáil áit éigin. Cuirfidh mé tús leis an bhfiach, bheadh "bun os cionn" ró lag, "ar lic na bpian" ní hea -ní dóigh liom é, "as smacht" lag. "Imithe bán b'fhéidir ach, lag :-(
Smaoineamh eile uaim inniu tar éis dom leathanach baile an NYTimes a léamh ar maidin - níor fheach mé ar an "óráid" aréir, nílim chomh láidir sin, is léir go bhfuilimid....
........ ag dul fé dhéin íochtar ifrinn!!!

Cúpla ceann eile oiriúnach ó Sheáinín Mac Conraoi

Tá an saol ag titim chun raice.
Tá an saol ag dul chun donais.
Tá an saol ag dul chun anró agus chun ainreachta.
Tá an saol ina chadás.
              Tá an saol imithe i dtigh an diabhail.