Monday, November 11, 2019

Céad Slan le Gaybo



Is fíor cor cinniúna é bás Gay Byrne. Deirtear gur thosnaigh athruithe móra na tíre le linn a shaol,
ó na sean laethanta nuair a bhíodh an pobal faoi stiúir (brú!) na heaglaise, chuig an nua aois,
pobal comhaimseartha, foghlamtha agus i bhfad níos oscailte.  Nuair a bhíodh sé i mbarr a
réime ní raibh drogall ar Gaybo míghnaoi daoine áirithe a tharraingt ar féin, mar chuirfeadh
sé na ceisteanna deacra ar na polaiteoirí, ar na sagairt agus eile gan leithscéal a ghabháil
nuair nach raibh éinne eile toilteanach na ceisteanna céanna a chur. Thabharfadh sé seans
do dhaoine teacht beo ar a chlár raidió a bhfadhbanna a phlé, fiú fadhbanna pearsanta agus
bhíodh sé réasúnta ómósach i gcónaí, cé go raibh sé ceanndána go leor ar uairibh ar an teilifís dar liom.


Déarfainn go raibh tionchar nach beag ag Gaybo ar mo thuismitheoirí féinig, d'fhéachadar ar
an gclár gach seachtain, agus d'éist mo mháthair leis gach maidin. Chonaic mé oigheann
micreathonnach agus dlúthdhiosca don chéad uair ar a chlár, rudaí nua draíochta!!!
Ach an smaoineamh is soiléire atá agam faoin gclár ná go raibh cead agam agus ag mo
dheirfiúr féachaint ar Seó na mBréagán gach bliain díreach roimh na Nollaig.
Bhíodh mo pheann luaidhe agus píosa páipéar agam chun tús a chur le mo litir go
Daidí na Nollag. Faraor ní dóigh liom go bhfuair mé oiread is rud amháin a bhíodh ar an
liosta sin riamh, ach bhíos i gcónaí dóchasach.


Céad Slán.



Friday, October 04, 2019

Deireadh Fómhair eile, slaghdán eile....



 Image result for having a cold cartoon



Tá sé i dtráta an mheánlae ag tús Deireadh Fómhair agus mé tinn le cúpla lá anuas de dheasca slaghdán a tholg mé in Éirinn an tseachtain seo chaite. Is cuimhin liom go soiléir go raibh mé i mo shuí in aice mná cairdiúil ag ócáid dheas, an bheirt againn ag caint le chéile nuair a luaigh sí nach raibh sí ag mothú ró mhaith, go raibh slaghdán trom uirthi. Ba thrua mhór í nár bhogas as an suíochán sin ar an bpointe! (Cén fáth go raibh sí ag an ócáid agus í tinn???) ar aon nós dhá lá dár gcionn bhraitheas an scornach ag éirí tirim, bhíos ar an eitilt abhaile ag an am, bhí sí tinn maidin Dé Máirt ar ndóigh, anois tinneas cinn, srón stoptha srl srl orm. Ochón. Ochón.




Tuesday, June 11, 2019

Paris Echo: A Novel by [Faulks, Sebastian]
















Bíonn sé deacair ar uairibh trioblóidí polaitiúla timpeall an domhain a thuiscint, cuireann an fhulaingt isteach go mór orm, go háirithe nuair is iad páistí óga a bhíonn i mbaol, mar aon lena dtuismitheoirí bochta. Tá sé soiléir go mbíonn fréamhacha na dtrioblóidí ann a théann i bhfad siar, go minic téann siad i dtreonna difriúla, aisteacha agus, anois is arís, i bhfolach.
Is trua scéalta na hAfraice mar shampla, mór-roinn álainn luachmhar - ach a cuid namhad! Níl deireadh leo.
Léigh mé úrscéal le déanaí, Paris Echo an t-ainm atá air ó pheann Sabastian Faulkes. Cheapfá go mbeadh an scéal faoi Páras, agus tá, i slí amháin,  ach tá cuid mhaith den scéal bunaithe i dtrioblóidí idir an Ailgéir agus an Fhrainc, cúrsaí choilíneachais arís, ní raibh ionadh orm....Bhí a fhios agam go raibh trioblóidí ann ach níor chuala mé faoin tragóid i bPáras i 1961, The Paris Massacre  is cosúil go go raibh fréamhacha an scéil thar n-ais sa Rialtas Vichy agus drochfhear, Maurice Papon.... Chuir sé déistin orm. Is fiú an leabhar a léamh, ámh.
Táim ag féachaint ar Somalia anois.....

Sunday, April 07, 2019

Ar ais sa gháirdín


Níor tháinig mo phlúiríní sneachta thar n-ais i mbliana ach chonaic inniu go bhfuil na cailíní áille seo ina n-áit.

Plúirín Sneachta (fonn-Edelweiss)

A Phlúirín Sneachta, a Phlúirín Sneachta
Beannaíonn tú dom gach maidin,
Beag's bán, geal 's glan,
Bíonn áthas orainn le chéile.

 A Phlúirín Sneachta go n'éireoidh leat!
           Go n'éireoidh leat i gcónaí,
A Phlúirín Sneachta, a Phlúirín Sneachta
           Go maire tú linn go deo na ndeor.