Tuesday, June 11, 2019

Paris Echo: A Novel by [Faulks, Sebastian]
















Bíonn sé deacair ar uairibh trioblóidí polaitiúla timpeall an domhain a thuiscint, cuireann an fhulaingt isteach go mór orm, go háirithe nuair is iad páistí óga a bhíonn i mbaol, mar aon lena dtuismitheoirí bochta. Tá sé soiléir go mbíonn fréamhacha na dtrioblóidí ann a théann i bhfad siar, go minic téann siad i dtreonna difriúla, aisteacha agus, anois is arís, i bhfolach.
Is trua scéalta na hAfraice mar shampla, mór-roinn álainn luachmhar - ach a cuid namhad! Níl deireadh leo.
Léigh mé úrscéal le déanaí, Paris Echo an t-ainm atá air ó pheann Sabastian Faulkes. Cheapfá go mbeadh an scéal faoi Páras, agus tá, i slí amháin,  ach tá cuid mhaith den scéal bunaithe i dtrioblóidí idir an Ailgéir agus an Fhrainc, cúrsaí choilíneachais arís, ní raibh ionadh orm....Bhí a fhios agam go raibh trioblóidí ann ach níor chuala mé faoin tragóid i bPáras i 1961, The Paris Massacre  is cosúil go go raibh fréamhacha an scéil thar n-ais sa Rialtas Vichy agus drochfhear, Maurice Papon.... Chuir sé déistin orm. Is fiú an leabhar a léamh, ámh.
Táim ag féachaint ar Somalia anois.....

No comments: