Showing posts with label An Saol Coitianta. Show all posts
Showing posts with label An Saol Coitianta. Show all posts

Wednesday, May 20, 2020

.... Spadántacht an Choraintín..



Tá an t-am ag sleamhnú tharam, lá tar éis lae, seachtain tar éis seachtaine. Táim anseo sa bhaile ón 10ú mí an Mhárta, agus is inniu an 20lá de mhí na Bealtaine, 'sé sin 10 seachtain, 70 lá. (Nílim ag comhaireamh!!!)
Ar dtús bhí sé ní ba dheacra ná mar atá sé inniu, ní raibh a fhios againn ag an am san cad a bhí os ár gcomhair. Anois tá cuma ar an scéal go bhfuil rudaí beagáinín níos fearr fiú nach bhfuil solas ag deireadh tollán an ghalair go fóill. Braitheann sé ar gach duine, ba chóir a bheith cúramach, b'fhéidir go deo! Ach ar a laghad go dtí go bhfuil vacsaín le fáil. Ní fheadar cén fhad atá i gceist.
Níor chuir "obair ó bhaile" isteach ná amach orm. Tá oifig mhór gheal agam agus banda leathan ardluas leis. agus is maith liom am a chaitheamh i m'oifig, mo sheomra. Tá tolg agam anseo chomh maith! Saothair ealaíne ar na fallaí, radharc na coille agam i mo thearmann dheas chompórdach. Ní raibh na ranganna go dona. Bhí ionadh orm as an méad ullmhúcháin a bhí uathu, agus chomh tuirsiúil a bhí gach ceann acu. Is fearr go mór liom na mic léinn a fheiscint os mo chomhair beo in ionad ar mo scáileáin! Ach tá siad thart anois agus bhain mo mhic-léinn bochta a gcéimeanna amach inné gan mórán comórtha.

Cheapas ar dtús go léifinn ana chuid leabhar a bhfuil ina seasamh go foighneach ag feitheamh orm i leabhragáin m'oifige. Níor léigh, glan mé na leabhragáin, chuireas na leabhair in ord. Cheapas go scríobhfainn cineál dialainne, dialann na tréimhse ar choraintín! Níor scríobh. Ní raibh mórán ag tarlú! Báicéireacht? Dhein mé an iomarca, táim rómhór dá barr. Garraíodóireacht - Déanta, nílim i ngrá leis. Glantóireacht? Tá gach ní san áit cuí agus chomh glan le criostal. Ansin do bhí tinneas orm ar feadh roinnt seachtain agus ghoid sé mo chuid fuinnimh ach anois agus mé ar mo shean léim ba chóir cuspóir de shaghas éigin a bheith agam, ceart?
Cad faoi na ceachtanna go léir atá le fáil ar Aistear.ie? #28

Mar shampla, cuir Gaeilge ar: "His clothes had the shabby finery of a broken-down gentleman, but the air of a minor stage-player which they suggested was sharply contradicted by his face."

O a Dhia!
"Níor chuir cuma tráite a chuid éadaigh dea-dhéanta aon amhras ar an uaisleacht ón gcliabhán aige, nochtadh go soiléir ar a aghaidh thiarnúil."
nó:"Nochtadh a aghaidh thiarnúil gan pleidhce a bhí ann, in ainneoin cuma smolchaite a éadaí dea-dhéanta."
Hmmm -  an bhfuil Gaoluinn nó Gaeilge fágtha agam? Cleachtadh uaim.
Tá an fharraige uaim.
B'fhéidir go mba chóir dom píosa a scríobh anseo gach lá mar a dheineas fadó...alt gan aidhm, scéal gan sprioc.





Friday, September 21, 2012

Cá háit ar imigh na litreacha uile?


....Agus mé ag súgradh le mo ghuthán cliste nua agus lán sásta leis, rith sé liom nach amháin gur iontach iad na huirlisí atá cruthaithe dúinn ár saolta a chabhrú, ach cad faoi na poill a fhágtar dá barr, nó an poill iad?
Is gnáth córais iad teachtaireachtaí meandair, ephoist, fís-chomhráite agus araile ar ár bhfóin anois, agus muna bhfuil na seirbhísí seo ag gach éinne le fón-phóca faoi láthair ní fada go mbeidh - déarfainn taobh istigh glúin amháin eile. Ach is teagmhálacha gearra agus gearrshaolacha iad de ghnáth nach mbíonn mórán le fáil ó athchuairt orthu. Agus cad a dhéanfaidh na staraithe amach anseo gan cairn mhóra litreach acu ón aois seo?

Bhí Packie ina dhéagóir óg i lár na bhfichidí san aois seo caite in iarthuaisceart Mhaigh Eo, agus é an duine ba shine i gclann aon pháiste dhéag. Chuaigh sé chun oibre lena athair nuair nach raibh sé ach trí bliana déag d'aois, ach, ó tharla go raibh scríobh maith aige óna laethanta gearra scoile d'ainmnigh mar scríbhneoir é ina cheantar beag féin ar thaobh cnoic. Bhíodh an jab aige litreacha a scríobh ó am go ham ar son daoine áirithe na háite nach raibh bua na scríbhneoireachta acu,  ansin bhí air na litreacha a thabhairt chuig oifig a'phoist ar a rothar, faraor b'fhada an turas san dó, dhá mhíle dhéag gach slí nó mar sin de. Ach múineann gá seift agus tar éis tamall gearr chuir Packie féin litir sa phost chuig ard oifig a'phoist i mBaile Átha Cliath agus é ag iarraidh bosca poist dá cheantar. Níor éirigh leis ar dtús, bhí air feachtas a chur ar bun ach sa deireadh thiar thall d'éirigh leis. Cuireadh an bosca uaine ón Saorstát i lár seanbhalla cloiche gar do chrosbhóthar beag ina cheantar féin agus thug na seandaoine áitiúil Packie's box air. Is mó litreacha a cuireadh sa bhosca céanna faoi dhéin Meiriceá, agus déarfainn gur léadh arís is arís eile cuid mhaith acu ar an taobh seo.



Má bhíonn uaigneas orainn an lá atá inniu ann, ní hé an t-uaigneas céanna a chuireann isteach ar an imirceach i bhfad i gcéin i gcomparáid le saolta gan mórán nuachta ón sean fhód fadó.  Is iad forbairtí teileachumarsáide na blianta beaga anuas atá cúis leis an athrú agus ní fhaightear (nó is annamh a fhaightear) litreacha nó grianghraif sa phost níos mó ach oiread. 

In anneoin na buntaísí atá againn anois bíonn sé go deas ar uairibh féachaint i mo bhailiúchán litreach agus cuid acu a athléamh. Ansin tamall a chaitheamh ag taisteal ar bhóthar na smaointe leis an scríbhneoir tríd an dúch a mhaireann mar líne bheatha eadrainn.


Lean Packie mar réiteoir fadhbanna a shaol iomlán, níl fadhb ach a bhfuil réiteach aici a deireadh sé go dearfach agus teacht aniar aige gach fadhb a réiteach i gcaitheamh a shaoil. Do bhíodh gliondar agus iontas air forbairtí nua a fheiscint agus níor chaith sé aga maoithneach riamh ag gearán faoi athruithe an tsaoil, ba chrua an saol fadó. B'fhuath leis aon Stick in the Mud. Bhain sé an-taitneamh as litir phearsanta sa phost i gcónaí agus iad a athléamh - ach déarfainn go mbainfeadh sé an-sult as iFón.

Thursday, January 12, 2012

An Sean Réiteach Talún.....

Le Henry Doyle 
Mary Frances Cusack's Illustrated History of Ireland, 1868



Tá an nós agam éisteacht le Seirbhís Domhanda ón BBC ar an raidió gach maidin.  Mar a cheapfá cloistear scéalta ansin nach bhfaightear aon áit eile. Ar aon nós bhí trua orm inné, cé nach raibh ionadh orm, a chloisteáil faoi cóisirí imirce a bhíonn ar siúil go rialta ar Oileán Acla. Bíonn a leithéid ar siúil i ngach áit sa tír agus daoine óga ag imeacht, agus níl sé chomh simplí do dhaoine óga teacht go Nua Eabhrac faoi láthair i gcomparáid leis na seanlaethanta. Bíonn deacrachtaí móra teacht ar víosaí.  Má thagtar gan víosa ní bhíonn ach jabanna sna pubanna nó mar fheighlithe pháistí agus araile le fáil, bíonn poist mar iad san ceart go leor - ar feadh tamaill. Ach níl sé furasta braith orthu.  Cloistear scéalta mar “Rugadh í Meiriceá mé agus bhog mo thuismitheoirí thar n-ais abhaile nuair a bhí mé óg….má thagann ábhar a stádas aníos i gcomhrá - (deirtear gurb é sin ceann de na gnáth leithscéalta - tá sé cloiste agam.) Ach is é an rud is measa déarfainn ná ní féidir leo dul abhaile agus teacht thar n-ais arís gan seans trioblóide, easpa saoirse ar shlí. ….rud eile ná ní bhíonn an méid sin poist le fáil sa tír seo anois, fiú má bhíonn tacaíocht ag an aos óg teacht anseo, abair cairde nó gaol…..
Bíonn sé deacair do dhaoine dul ar aghaidh ina saolta gan a bheith “dleathach” mar a déarfá….Agus bíonn an fhadhb chéanna ag an ndream a dtagann ó Guatamala agus Mexico, déanann siadsan ana chuid oibre anseo chomh maith ach níl páipéir acu go léir. Mar sin ní féidir a bheith páirteach í gceart, go hiomlán sa tsochaí anseo, ní féidir dul ar aghaidh le hoideachas mar shampla - Ní dóigh liom go bhfuil sé sláintiúil nuair a bhíonn leibhéil dhifriúla ann; dleathach agus mí dleathach i sochaí amháin, Nílim compordach leis caithfidh mé a rá,  mar sa deireadh thiar thall oibríonn siad, an cuid is mó acu, díreach nó indíreach, ar mhaithe linne atá dleathach.
Tá a fhios agam go bhfanann siad go léir anso mar cé nach bhfuil sé ró mhaith anseo bíonn sé níos fearr ná ina dtíortha féin,  Éireann ina measc. Sin mar atá. Nach bhfuil náire ar Rialtas na hÉireann? ba chóir go mbeadh nó an bhfuil áthas orthu figiúirí dífhostaíochta a "cheartú"?

Friday, January 06, 2012

Fáilte 2012 - Drochthús - an iomarca oibre?


Ah..ní dóigh liom é.
Ach bhuail slaghdán trom orm an deireadh seachtaine seo chaite, ní raibh éalú as, sleamhnaigh sé isteach sa tigh agus bhain tuisle asam, ach bhain sé mo chuid fuinnimh go hiomlán uaim chomh maith, fágadh lag i gcorp agus in intinn mé gan puinn suime agam i léitheoireacht, i scríbhneoireacht nó i mbia fiú - sásta a bheith ar an tolg os comhair na tine ag féachaint ar scannán tar éis scannáin, (buí le Netflix)  nó ag glacadh snap-codlata i ndiaidh fuisce te.... Ochón!  Ach táim thar n-ais ar mo shean léim - beagnach. Bhí íseal brí ag cur isteach orm ag deireadh 2011, drochscéalta ó gach taobh, ar lig an meon sin an diabhal slaghdán isteach? Ní fheadar - ach is púcaí iad slaghdáin agus glacann siad aon chaolseans a ligtear dóibh! Inniu an séú lá de mhí Eanáir agus ar shlí an chéad lá den bhliain úr domsa, (mar ar ndóigh chailleas an tseachtain seo caite.) Cuireann inniu fíor deireadh ar aimsir na Nollag, tréimhse a bhíonn gar dom chroí, seal a imíonn isteach níos tapúla ná aon cheann eile sa bhliain dar liom. Tá orm na maisiúcháin a thóg aníos agus iad a chur i bhfolach arís......

Cad é? Ceart go leor -  rúin na hathbhliana anois....ar aghaidh liom.

Saturday, October 01, 2011

Droch Leigheas.

Bhí bean, timpeall fiche bliana d'aois, taobh thiar dom ar an traein inné. Ní raibh sí suite ach nóiméad ansin nuair a chuala mé a glór géar mar scian trí mo néal codlata. Bhí sí ar an bhfón, agus laistigh leath uair a chloig ghlaoch sí ar timpeall dosaen dá cairde ag insint an scéil seo dóibh - ar dtús go raibh sí ar an traein agus tórramh seanchara ó mheán scoil a ceann scríbe. Mhúscail mo chluasa píosa, tórramh duine chomh óg san? Faraoir, ba chosúil nach raibh an fear óg seo ró shláintiúil riamh ina shaol gearr, croí lag ón dtús báire agus bhí air dul faoi scian cúpla uair fad is a bhí sé ar scoil. Thosnaigh a chroí ag teipeadh sé mhí ó shin agus bhí an fear bocht i dtámhnéal le sé mhí anuas ó bhuail stróc air. Ní raibh mórán bróin i guth mo dhuine agus dúirt sí go raibh bás an fhir óg seo saghas faoisimh dó agus dá chlann.
Bhíos féin ag éirí ana-bhrónach ag smaoineamh air agus ar a mhuintir agus ar an saol gan seans a bhí aige - Chríochnaigh sí an scéal leis an abairt céanna gach uair: "Chuir Ammonia ar shí na fírinne é sa deireadh"

Mo léan, caoineadh agus gáire ag an am céanna.

Wednesday, August 03, 2011

Clúdach Síoda na Daonnachta

Chonaic mé The Silver Tassie (ó pheann Seán Ó Casey) leis an gcomhlacht Druid anseo i NYC le déanaí. Is dráma moráltachta as an ngnáth é, cinnte is dráma fríth-chogadh é agus mar sin is tréimhse oiriúnach é a fheiceáil sa tír seo  - nó aon áit ar bith déarfainn. Athraíonn stíl an dráma ó ghníomh a haon go gníomh a dó, ach shíl mé gur saghas scátháin é an t-athrú céanna. Ní féidir comparáid a dhéanamh idir ár saolta agus saolta iad siúd,  atá "sna díoga" nó i lár cogaidh...... mar sin do dhein an t-udar an athrú ar fad.
Rud eile tá cuma ceol dhráma éadrom ar ghníomh a dó rud atá aisteach agus sinn go leir sa díog leis na saighdiúirí, na créatúir bhochta, leanann an siamsa faoi scáth mór millteanach an Tanc, agus ní fada go ndúisíonn an lucht féachana le preab as a ról compordach sa cheol-dhráma.... Ní thuigeann an sách an seang agus ní thuigimid cogadh ónár gcathaoireacha uillinn tráthnóna. 
Léirítear an dráma an tslí ina leanann an saol ar aghaidh gan mórán stró - fad is a athraíonn cogadh saolta an mhionlaigh - na daoine loite féin agus muintireacha na mairbhe. Déantar dearmad gan moill orthu - cé gur íoc siad i slite do-inste. Agus tar éis tamaill ghearr is cuma formhór na ndaoine orthu - an cuid is mó den domhan mór, seans nach d' aon turas an meon míchneasta seo, seans go bhfuil sé inmheánach. Bíonn bearna tuisceana ann.

Bhí blasanna láidre ar aisteoirí an dráma, bhí sé greannmhar go leor in amanna agus sin cleas eile an scríbhneora, go rabhamar ag gáire le geáitsí carachtair áirithe agus scamall dorcha ag at, ní i ngan fhios dúinn....
Bhí dream sna suíocháin taobh thiar dom agus níor thuigeadar focal! -  mar a dúirt bean amháin acu liom: "I don't get it, I'm only getting about one word in 50!"   D'imigh siad ag an am sosa. Níor thuigeadar é....

Tá an leabhar The Cellist of Sarajevo le Steven Galloway idir lámha agam faoi láthair. Bunaithe ar fíor scéal, tá an tudar ag iarraidh an cheist  cad é daonnacht in am cogaidh? a fhreagairt, an bhfuil nádúr daonna ann ar chor ar bith nó an é clúdach chomh tanaí le síoda atá ann? Bíonn sé éasca a bheith dea chríoch nuair nach bhfuil duine éigin ag iarraidh tú a mharú.....

Monday, July 18, 2011

Cara Cliste

Tá an aimsir ana the ar fad le seachtain anuas anseo i Nua Eabhrac, is maith liom í ach bíonn sí ró-the domsa i lár an lae, fanaim laistigh idir meán lae agus a ceathair a chlog de ghnáth. Ach inniu braithim athrú ag teacht, tá sé fós an te ach tá an t-aer ag éirí trom, braithim mar ualach orm é, ag brú ar mo ghuaillí. Níl an spéir glan geal níos mó, tá an solas bog. Ciúnas gach áit, níl na héanlaith ag canadh tráthnóna inniu, tá a fhios acu go bhfuil stoirm ag teacht ar ball anocht. Níl Cara sásta, braitheann sise an t-athrú chomh maith cé nach bhfeiceann sise mórán níos mó, ní chloiseann si tada mar tá ciúnas na seanaoise uirthi, ach is fuath léi toirneach agus tintreach, cuireann siad scanradh uirthi agus bíonn a fhios aici i gcónaí ó thús an lae, gan bogadh as a leaba, nuair a bhíonn siad ag teacht.

Tuesday, June 21, 2011

...Ag Seoladh Siar



Chaith mé seal in iarthar na tíre le déanaí, i gceantar Portland, Oregon. Bhí sé ana dheas ar fad. Chaith mé lá amháin níos faide siar in aice an chósta le mo chairde, turas dhá uair nó mar sin ón gcathair. Bhí sé ag cur fearthainne an lá seo, ach bhí sé bog leis agus chuamar ag siúl faoin bhfearthainn. Stop an bháisteach tar éis tamaill agus tháinig ceobhrán orainn, níor chuir sé isteach orainn áfach nó ar éanlaith na spéire ach oiread, bhíodar ag canadh agus ag glaoch. Bhí fáinleoga go flúirseach ansin, iad ag teacht anuas agus ag dul suas, ag luascadh os ár gcomhair.

Thursday, June 02, 2011

Manhattan

Bíonn sí crua agus cneasta, a cruth caol in aghaidh a h-aois, a dóigheanna tarraingteach go síoraí, mealltach agus mín fiú.
Meallann sí chuig a fuinneamh iad gan geallta, le solas na rógaireachta ina súile meidhreacha aici.
Tagann siad, glún tar éis glúna, ag súil lena dea-mhéin, cinnte go mbronnadh sí orthu é, go bhfuil sé tuillte acu.
Ach bíonn súil in ard aici - ise a cruthaíonn na rialacha, agus athraíonn sí iad de réir mar a bhuaileann an spadhar í!
Ní i gcónaí a bhíonn sí ceart nó cóir ach bíonn sí riamh saor ó phionós.
Cúitíonn sí a ndúthracht in amanna agus beirtear greim ar a grabhróga le mór buíochas, mar mhamailínigh ocracha.
Foghlaimítear uaithi, gurb fhearrde nósanna beagintinneacha biogóideacha a fhágáil ar a leac dorais,
go bhfuil fáilte mór aici roimh féith grinn agus gach cineál gháire 's magadh agus go mbíonn blas ar an mbeagán i gcónaí. Tagann tuiscint.
Agus má imítear uaithi, agus iad tuirse, míshásta fiú, nó níos cumasaí agus níos saibhre, bíonn a fhios acu nach cuma léi.
Croitheann sí slán le póg san aer agus caoch a súil - déanann sí dearmad orthu díreach, ach tá a fhios aici nach ndéantar dearmad riamh uirthise mar téann sí go smior iontu.

Friday, May 27, 2011

An tAoibhneas (?)


Anois, le seans teacht ar An tAoibhneasAoibhneas na bhFlaitheas (nó pé teideal a bheadh ceart i nGaeilge) is dócha go bhfuil an díomá ar na sluaite. Sula leanfaidh mé, ceist agam oraibh, cad é an Ghaeilge cheart ar Rapture ar aon nós? an féidir a bheith ar mire le háthas? ró shimplí.
Seans gur mothúchán nach raibh riamh in Éirinn!
Racht saobhnóis!
.....agus na sluaite bochta a bhí ag feitheamh go foighneach uirthi, (air?) agus iad ag iarraidh teacht aníos le dáta eile anois .......Ádh mór oraibh a ghealta.
Nach iontach an smaoineamh é An Flaitheas ar aon nós, fiú nach bhfaightear cead istigh fad is a táthar beo, ach is é an tarna saol atá i gceist ar ndóigh, má bhíonn an tarna seans againn...
Bímse féin sna flaithis bheaga chomh minic agus is féidir - fad is a táim ar an domhan seo, ar eagla na heagla, agus má bhíonn seans eile agam, bhuel ba mhaith é sin! Ní dóigh liom go ndéanann sé aon mhaitheas ar bith a bheith ag fanacht ar saol eile in ionad súp a bhaint as an gceann atá againn cheana.

Thursday, May 12, 2011

An té nach bhfuil láidir caithfidh sé a bheith glic.

(brú ar an ngriangraf agus tiocfaidh ceann níos mó aníos)

Tá cuma bhreá ar mo dhuine anseo, ach cá bhfuil sé? Cheapfá ar an gcéad dul síos gur áit éigin in Éirinn atá sé, ach níl.....
Níl sé in Éirinn ar chor ar bith ach i dtuaisceart stát Nua Eabhrac, píosa ó thuaidh ó Ticonderoga. Bhí sé i gcónaí aisteach dom a thuiscint go mbainfí sult as créatúr mar é a mharú i seilg, a eireaball a ghearradh uaidh mar bhronntanas - nuair nach ndéanann sé mórán trioblóide d'éinne. Ní dóigh liom go bhfuilid ag iarraidh na sicíní a chosaint, nó fiú díoltas a dhéanamh ar an gcréatúr, nuair a bhíonn dream ar thóir madra rua, tagann fuinneamh eile isteach san áireamh, aoibhneas na seilge.

Friday, April 15, 2011

A Riot of Photosynthesis!





Chuala mé an prás sin ar an RTE maidin amháin blianta ó shin. Ní fheadar cé a dúirt, ach is cuimhin liom gur ag tagairt ar Fhaiche Stiabhna a bhí i gceist i scéilín idir Pat Kenny agus aoi éigin a bhí ar an gclár leis. D'fhan an prás liom agus léim sé chugam nuair a d'fhéach mé amach an fhuinneog maidin inné. Ba chosúil gur phléasc an chíréib chéanna anseo i NY tar éis cúpla lá grianmhar agus bog....círéib na fótaisintéise...nó b'fhéidir go bhfuil círéib an earraigh níos fearr sa Ghaeilge? ??
Pé leagan atá oiriúnach sa chás seo is aoibhinn liom an íomhá: sinn ag feitheamh, agus ag feitheamh agus ansin ....go hobann pléascann dathanna dearfacha an earraigh os ár gcomhair, rud a bhronnann sá iontais ar chách! Is deas chomh maith focail a bhíonn de ghnáth diúltach mar a bhíonn phléascadhcíréib a bheith cóngarach do cheann chomh dearfach agus a bhíonn an focal Earrach.

Níl duilleog le feiscint go fóill sa cheantar seo.

Wednesday, November 10, 2010

An Rud is Annamh is Iontach.

Tháinig an damh seo luath sa mhaidin. (Ach ní raibh sé chomh luath sin mar nach bhfuil na cloig casta thar n-ais, mar sin b'fhéidir go raibh sé déanach ar a chuairt? No an raibh a fhios aige go mbeadh tús déanach againn ar an lá úd)
Ní fheictear damh ró mhinic sa cheantar seo, agus má fheictear bíonn sé ag an am seo den bhliain, séasúr na cúplála. Ní rachainn gar dóibh, níl siad mar a bhíonn na heilití agus a hoisíní. Bíonn siadsan i gcónaí ciúin agus séimh, ar tí imeacht de rúid uait chomh luath agus a gcloiseann na máithreacha glór ar bith; bíonn a gcluasa móra i gcónaí ar a bhfiachaill ar gach rud.

Deirtear go mbíonn cúthaileacht ar na daimh chomh maith, ach ní aontaím le sin. Is ainmhithe bródúil iad....... Cuireann siad suas linn agus a bhfearann millte againn. Níl siad toilteanach a ligint go bhfuil siad ag fulaingt. Tuigeann siad nach bhfuil mórán le déanamh acu romhainn, ár gcarranna. ár gclaíocha, ár ngunnaí agus ár gcrosbhoghanna.

Coimeádann siad iad féin uainn, agus de dheasca sin téann na sealgairí ar a dtóir, nó ar thóir a mbeanna....spórt na fola. Siamsa! An rud is annamh is iontach.

Sílim gur scríobh Liam Ó Muirthile dán uair amháin faoi damh, ach faraor ní féidir liom teacht air. (Má bhíonn an dán seo ag éinne agaibh chuir chugam é le do thoil)

In ionad sin tá píosa ana dheas anseo agam ó leabhar iontach The Outermost House le Henry Beston 1888-1968 :


We need another and a wiser and perhaps a more mystical concept of animals. Remote from universal nature and living by complicated artifice, man in civilization surveys the creature through the glass of his knowledge and sees thereby a feather magnified and the whole image in distortion.

We patronize them for their incompleteness, for their tragic fate for having taken form so far below ourselves. And therein do we err and greatly err. For the animal shall not be measured by man. In a world older and more complete than ours, they move finished and complete, gifted with the extension of the senses we have lost or never attained, living by voices we shall never hear.

They are not brethren, they are not underlings: they are other nations, caught with ourselves in the net of life and time, fellow prisoners of the splendour and travail of the earth.



Sunday, October 31, 2010

Scéal Dearfach





Bíonn scéalta dearfacha i gcónaí tábhachtach ach faoi láthair le drochscéalta mar chlócaí umainn sílim go bhfuil dea-scéalta níos tábhachtaí ná riamh.

Chuir éalú na mianadóirí i Chile áthas mór ormsa mar shampla agus ar gach duine le croí agus cuisle déarfainn. Is minic a chloistear faoina leithéid de thimpiste nach dtagann duine beo riamh as agus bím buartha uaireanta nach bhfuil suim ag na boic mhóra an t-airgead a chaitheamh na créatúir a aimsiú agus a scaoil amach... ach ní hé sin a tharla sa chás seo, buíochas le Dia. Scaoileadh amach iad agus chualathas osna fhaoisimh timpeall an domhain.

Bhí mé ag taisteal le déanaí…bhí mé i gCathair Luimnigh faoi dhó taobh istigh míosa. Bhí sé go breá, bíonn cuma dheas ar an gcathair agus a pobal faoi láthair, go háirithe aon lá ina mbíonn an ghrian ag taitneamh, í ag glioscarnach ar an abha.... agus.... chomh maith le sin, má bhíonn cluiche spóirt ar siúl sa chathair....agus san am seo den bhliain má bhíonn cluiche Rugby le bheith ar siúl i bPáirc Thuamhan agus foireann na Mumhan ag imirt. Tá an chraobh Heineken faoi lán seol anois agus is mór an tsuim atá ag lucht na cathrach sna cluichí. Nach minic a chuireann cúrsaí spóirt aoibh mhaith ar dhaoine?

Seo mar a bhí ar an 16ú lá déag de mhí Deireadh Fómhair. Tharla go raibh mé ag tiomáint ar bhóthar na hInse i dtreo lár na cathrach luath san iarnóin an lá úd, fad is a bhí tonnta dearga gealgháireacha ag bogadh chugamsa! Tonnta dearga gealgháireacha? Ba iad lucht tacaíochta Foirne na Mumhan a bhí ann; fir, mná, páistí óga, déagóirí, iad go léir gléasta i ndearg agus slua mór acu ag siúl amach chuig Páirc Thuamhan atá suite ar taobh thiar thuaidh na cathrach. Ba léir go raibh muinín acu as a bhfoireann, tháinig miongháire ormsa ag féachaint orthu agus cuid acu ag pleidhcíocht agus ag ligint geáitsí orthu féin agus iad uile ar shanks mare! Spraoi geallta cinnte. Ba léir chomh maith go raibh mise ag dul sa treo mí cheart, bhí an ghrian ag taitneamh agus fuinneog an chairr ar oscailt agam... "Arn't ya coming to the match missus?" mar a dúirt sreangán óg amháin liom agus é chomh tanaí leis an gcrann brataí a bhí á iompar aige! Bhuel faraor, ní raibh ticéad agam dul, ach d'fhéach mé ar an gcluiche ar an teilifís le mo mháthair ar ball sa tráthnóna. Bhaineamar sult as cé go mbíonn sé iontach garbh agus fiáin mar chluiche, dar liom. Bhaineas taitneamh chomh maith as féachaint ar an tslí inar bhain sise sult as... : "Get that fellow!" a ndéarfadh sí i nguth íseal séimh, nó "That so and so, stop him!" Focail nach gcloisim i NY! Bhí suim mhór aici sa chluiche seo ó laethanta a óige toisc gurbh iomaitheoirí Rugby iad a deartháireacha agus a h-uncailí, bhíodh suim ag m'athair i gcluichí iománaíochta agus caide!

Ar aon nós is cluiche proifisiúnta é Rugby anois agus mar sin tagann baill na foirne ó gach aon áit, ach chomh luath agus a chaitear geansaí dearg na Mumhan is Muimhnigh iad! D'éirigh go maith leo an lá úd, bhíodar i gcoinne Tulon agus b'é toradh an chluiche 45 - 18.

Is bliain iontach í 2010 i gcúrsaí spóirt sa Chuige Mumhan. D'éirigh le Tiobraid Árann craobh iománaíochta na hÉireann a bhuaigh agus corn Liam Mac Carthaigh a fháil dá bharr, ní hamháin é sin ach d'éirigh le Corcaigh craobh caide na tíre a bhuaigh agus teacht ar chorn Somhairle Mag Uidhir arís. Is laochra ár linne iad na lúthchleasaithe iontach seo, a chuireann a gcroíthe san obair agus a thugann sásamh nach beag dá lucht leanúna. Ní lúthchleasaithe proifisiúnta iad murab ionainn leis na lúthchleasaithe ar bharr cúrsaí Rugby; de ghnáth bíonn orthu lá lán oibre a chur isteach roimh oíche thraenála nuair a bhíonn séasúir a spóirt faoin lán seol.

Scéal nach bhfuil ar fud na háite ná gur thug IRFU na Mumhan (Munster Irish Rugby Football Union) cuireadh don fhoireann iománaíochta is fearr sa tír, Tiobraid Arann agus don fhoireann peile is fearr, Chorcaigh, teacht go Páirc Thuamhan ar an lá úd, an 16ú, chun féachaint ar an gcluiche mór. Cuireadh lón deas os a gcomhair ar dtús agus ansin bhí seans acu féachaint ar an gcluiche le chéile agus gáir molta a ligint ar son foireann mhaith eile na Mumhan.

Uair amháin bhí cosc ar teagmháil idir na cluichí seo, bearna ollmhór eatarthu, agus idir na lúthchleasaithe fiú..... ach anois critheadh lámh eile eatarthu, aitheantas cothrom ceart é ó IRFU na Mumhan do Chumann Lúthchleas Gael.

Monday, August 23, 2010

Tháinig an Fhearthainn,

Dhúisigh mé go luath maidin inné. Bhí mé san áit chompordach chluthmhar sin idir múscailt agus lán dhúiseacht. Mo shúile dúnta gan suim agam iad a oscailte, mo chorp leagtha amach fós trom le codladh, mo chosa gan fuinneamh, mo lámha thuas thar mo cheann, marbh agus mé ar mó sháimhín só.
Chuala mé glór bog, ciúin, glór nár chuala le tamall anuas, ag cogarnach, ag athrá. Glór deas, ag bladar faoi choim, íseal. D’aithin mé é, chuala mé cheana áit éigin é. Glór suaimhneasach. Agus mé ag teacht chugam féin rith sé liom go raibh sé ag cur fearthainne lasmuigh, ba í an fhearthainn ar dhíon an tí a bhí ag canadh go caoin dom ag tús an lae, agus déarfainn gurb í seo an chéad uair riamh go raibh fíor fáilte agam roimh an fhearthainn!

Thursday, July 15, 2010

Anbháis Bhóthair i dTír Chonaill

Fr J.Walsh

Chuir an timpiste seo scanradh orm, ochtar imithe. Tá triúr mac agam, bíonn an triúr acu ag tiomáint. Tá aithne agam ar a gcairde. Bhíodar uile i dtimpistí beaga.

Dá mbeadh mac agam i dtimpiste mar seo an mbeinn in ann maithiúnas a thabhairt don tiománaí? Agus dá raibh duine do mo chuid ag tiomáint, cad ansin? Aontaím go mór le focail an tsagairt seo, tá súil agam ní amháin go raibh cluasa ag éisteacht leis, ach go gcloistear an teachtaireacht ar fud na tíre.

Fr John Walsh, who presided over this morning's funeral service at St Mary’s Church in Buncrana, made a direct appeal to Mr McDaid’s friends and contemporaries.

"Allow me to say to you that you are not indestructible at the age of 22. You are very fragile. All of us are. Life itself is fragile,” Fr Walsh said. “We have to be careful and even wise if we are to reach adulthood and middle age and old age. There are no guarantees, but care and caution are mighty helps in the effort at holding onto life.

"I don't mean to patronise you. When I was your age I too felt indestructible. But none of us is. That's a plain fact of life. So please, please, please live life on its terms, within its rules and boundaries; otherwise life will be cruel and merciless towards you and towards your family and friends who will have to bear you to the grave."

Focail shimplí, teachtaireacht ghaoismhear


Friday, July 02, 2010

An Gaeilgeoirín Gleoite


Féach, tá aingeal na n-aingeal inár measc! Is í an gaeilegeoirín is óige i NYC , (chomh fada agus is eol domsa.) Is í Nora, iníon Mháire Haslam agus Tom Abernathy. Tháinig sí ar an saol ceithre sheachtain ó shin agus forbhfáilte roimpi óna deartháir Liam, a tuismitheoirí agus an domhan mór. Tá sí sásta leis an saol go dtí seo, cé nach bhfuil mórán ráite aice faoi go fóill, agus tá sí ag súil go mór, a deirtear liom, lena laethanta saoire in Éirinn i gceann cúpla seachtain.
Cad atá os comhair na hainnire seo ar bhóthar an tsaoil? Gach beannacht agus breáthacht.