Friday, May 27, 2011

An tAoibhneas (?)


Anois, le seans teacht ar An tAoibhneasAoibhneas na bhFlaitheas (nó pé teideal a bheadh ceart i nGaeilge) is dócha go bhfuil an díomá ar na sluaite. Sula leanfaidh mé, ceist agam oraibh, cad é an Ghaeilge cheart ar Rapture ar aon nós? an féidir a bheith ar mire le háthas? ró shimplí.
Seans gur mothúchán nach raibh riamh in Éirinn!
Racht saobhnóis!
.....agus na sluaite bochta a bhí ag feitheamh go foighneach uirthi, (air?) agus iad ag iarraidh teacht aníos le dáta eile anois .......Ádh mór oraibh a ghealta.
Nach iontach an smaoineamh é An Flaitheas ar aon nós, fiú nach bhfaightear cead istigh fad is a táthar beo, ach is é an tarna saol atá i gceist ar ndóigh, má bhíonn an tarna seans againn...
Bímse féin sna flaithis bheaga chomh minic agus is féidir - fad is a táim ar an domhan seo, ar eagla na heagla, agus má bhíonn seans eile agam, bhuel ba mhaith é sin! Ní dóigh liom go ndéanann sé aon mhaitheas ar bith a bheith ag fanacht ar saol eile in ionad súp a bhaint as an gceann atá againn cheana.

3 comments:

aonghus said...

An deacracht atá le Gaeilge a chuir air ná go bhfuil de-bhrí sa Bhéarla.

http://dictionary.reference.com/browse/rapture

Uimhir 3 atá i gceist ag Camping et al.

Deastógáil a tugtar ar an rúndiamhair sa Phaidrín Páirteach. Is dócha mar sin gurbh sin is feiliúnaí sa chás seo.

Daithí said...

"An Breith Suas"?

Daithí said...

Nó "An t-Uasbhreith"?