Bhí ionadh orm a léamh faoin
gceannach, breabaireacht agus cleachtais éillitheacha i New Jersey an tseachtain seo chaite, na scannail uile atá ráite sa mheán chumarsáide (más féidir na scéalta sin a chreidiúint, níl siad ach cúisimh fós.) Ach an ceann a chuireann isteach go mór orm, (a chuireann déistin orm leis an fhirinne a rá,) ná an trádáil mí dleathach i mbaill, sa chás seo trádáil na nduán. (Tá a fhios againn uile go bhfuil trádáil ann, nach bhfuil ceisteanna fiú faoi conas a bhfuair
Steve Jobs a ae nua, ach ní raibh sé mí dleathach sa chás sin, bhí sé in ann úsáid a bhaint as an gcóras aisteach agus an t-ádh leis go raibh sé in ann ceann a fhail gan stró de bharr a chuid saibhris.)
Níl an margadh seo as an ngnáth faoi láthair, is féidir le mná óga a n-uibheacha agus fir a síolta a dhíol. Is féidir broinn a fháil ar cíos ó
mháthair ionaid ar feadh naoi mí…má bhíonn an t-airgead agat... Maidir leis na duáin, nach féidir linn maireachtáil le ceann amháin? Agus faigheann an deontóir orgáin pá maith.. nach bhfaigheann? Cad faoi súile anois? Coirne ó éinne?
Tháinig na droch scéalta luaite thuas amach agus mé ag léamh
Never Let Me Go le Kazuo Ishiguro. Is í Kathy, bean óg, atá ag insint a scéal féin sa leabhar seo, saghas cuimhní cinn….. Saolaíodh i bhfeirm clónála í agus tá a fhios aici ón dtús nach bhfuil i ndán dí agus dá cairde ach a mbaill a dheonadh uair éigin sa todhchaí, ach tá siad chomh hóg nach dtuigeann siad an t-eolas sin. Tá mná chúraim ann ach níl grá idir na páisti agus na daoine fásta seo. Ní ionadáin na dtuismitheoirí atá iontu mar sin ní mhothaíonn na páistí tuistechúram riamh agus ní thuigeann siad teagmháil domhain an ghrá, ach tuigeann siad cairdeas agus meas, oideas ghrá?
Tá cúpla leabhar dá chuid Kazuo Ishiguro leite agam cheana agus is scríbhneoir suimiúil é, fiú in ábhar ficsean eolaíochta mar seo. Cuireann sé a lámha boga go muirneach timpeall muineál an léitheora agus i ngan fhios dó, bíonn sé gafa i ngreim an scéala gan mhoill. (Sin a tharlaíonn domsa ar aon nós)
Féachann Isiguro ar na ceisteanna uile a bhíonn againn inár ngnáth saolta trí shúile na daoine óga seo, nach bhfuil acu ach saolta gearra gan slí éalú.
An cheist a thagann aníos ná dá mbeadh a fhios agat nach raibh ach mí, seachtain, cúpla lá fágtha agat ar an saol, cad ba cheart a dhéanamh leis an am gearr luachmhara sin?
(tuilleadh eolais
anso is é an t-eagrán Kindle atá i gceist anso, níl nasc beo chuig an ghnáth leabhar faoi láthair)