Wednesday, September 05, 2007

Cé go bhfuil Eanáir an chéad mhí sa bhliain (nó Mí na Samhna más fíor ceilteach thú,)ach is í Meán Fómhair an chéad mhí don cuid is mó! Daltaí, mic léinn agus lucht an teagaisc. Mar sin tagann fuinneamh faoi leith orainn uile ag deireadh Lúnasa, ag déanamh ullmhúcháin agus níos tábhachtaí, ag iarraidh súip a bhaint as deireadh an tsamhraidh Beidh Eoghan ar ais ar scoil amárach mar sin beimid inár shuí anseo roimh a sé a chlog. Tá sé sin ró luath d’aon déagóir, gan trácht ar a mháthair bocht ach sin mar atá, tá drogall orm smaoineamh ar an tseachtain seo chugainn mar beidh sé ag tabhairt aire do dhá mhadra béal dorais agus de dheasca sin beidh sé ina shuí timpeall 5 30……….tá air ceachtanna a fhoghlaim faoi ciúnas. Nílim ag súil le seo ar chor ar bith, tosaíonn an saol ró luath sa mhaidin sna SAM ar uairibh!

Bhuel, nílim críochnaithe le Redemption Falls, tá sé fós deacair, ní ó thaobh scríbhneoireachta, ní gá dom a rá, tá sé sin ana mhaith, is scríobhnóir den scoth é O’Connor. Bíonn gach caibidil scríofa i guthanna daoine éagsúla, an-suimiúil, is féidir liom na daoine éagsúla a chloisteáil go soiléir i mo cluasa, ach, is duine simplí mé…ochón… ba mhaith liom go dtarlódh rud éigin deas dóibh ó am go ham, sin an méid, tá gach uile duine ag fulaingt, bíonn eagla orm ag bogadh ó leathanach go leathanach .

2 comments:

Brenda said...

Hilary, leabhar go mbainfidh tú taitneamh as ná The Kite Runner. Cé go bhfuil gruaim ann, ar chuma éigin, tá sé éadrom-chroíoch chomh maith, agus an frithlaoch is fearr riamh ann.

Brenda Ní Shúilleabháin

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Bhrenda, Tá sé leite agam! …cúpla bhliain ó shin, agus plean agam anois a chéad ceann eile “A Thousand Splendid Suns” a léamh go luath. Cheapas go raibh The Kite Runner ana mhaith.

Táim ag baint an taitneamh as do leabhar féin!
H