Friday, January 20, 2012

Aige Baile As Baile!



Tugaim an focal Baile ar Éirinn go fóill - aon uair a labhraím fúithi, agus déarfainn nach mbeidh aon athrú ar sin, ach ag an am céanna má bhím ag taisteal sa tír seo ciallaíonn an focal Baile le Nua Eabhrac, seans gur rud aisteach é sin nó seans nach rud aisteach é sin ar chor ar bith; Braitheann an coincheap féin leis an áit ina bhfuilim b'fhéidir? ar leibhéal inmheánach is í Éireann mo bhaile ach bím sa bhaile i Nua Eabhrac, cé acu i lár na cathrach a bhím nó faoin tuath i dtuaisceart an stáit.
Is í an íomhá is mó a bhíonn forleathan faoi eisimircigh ná dream a mbraitheann uathu a dtír dhúchas i gcónaí agus síor-fhonn orthu dul thar n-ais chuici, drogall orthu a bpáistí a thógáil in aon áit eile - ach ní i gcónaí a bhíonn sé sin fíor. (cé go mbíonn sé fíor go minic) Oireann saol an imircigh liom cé go bhfuil tírghrá domhain agam agus ní dóigh liom go bhfuilim i m'aonar mar is treibh fhánach shiúlach sinne.......agus ní dóigh liom go mbraitheann ár bhféiniúlacht ar ár n-áit chónaithe.

Ach bhí an t-ádh dearg orm, agus sílim go mbíonn i ndáiríre, bíonn mo bhuidéal leath lán.... Nuair a bhogas anseo bhí na hacmhainní agam dul go Éirinn chomh minic agus a bhí orm, nó dúil agam, dul. Bhí cárta uaine agam taobh istigh ceithre bliana -  mar sin ní rabhas riamh buartha faoin gcinneadh fanacht anseo, níor bhraitheas riamh gafa sa tír sa dóigh in a mbíonn mórán imirceach. Sílim go bhfuil difríocht bhunúsach idir meonta na n-imirceach a thagann ar víosa agus meonta iadsan a dtagann gan pháipéir in ord agus in eagar acu.
B'fhéidir más duine gafa thú go mbíonn na cnoic i gcéin, nó sa bhaile sa chás seo, ana ghlas ar fad?

Thursday, January 12, 2012

An Sean Réiteach Talún.....

Le Henry Doyle 
Mary Frances Cusack's Illustrated History of Ireland, 1868



Tá an nós agam éisteacht le Seirbhís Domhanda ón BBC ar an raidió gach maidin.  Mar a cheapfá cloistear scéalta ansin nach bhfaightear aon áit eile. Ar aon nós bhí trua orm inné, cé nach raibh ionadh orm, a chloisteáil faoi cóisirí imirce a bhíonn ar siúil go rialta ar Oileán Acla. Bíonn a leithéid ar siúil i ngach áit sa tír agus daoine óga ag imeacht, agus níl sé chomh simplí do dhaoine óga teacht go Nua Eabhrac faoi láthair i gcomparáid leis na seanlaethanta. Bíonn deacrachtaí móra teacht ar víosaí.  Má thagtar gan víosa ní bhíonn ach jabanna sna pubanna nó mar fheighlithe pháistí agus araile le fáil, bíonn poist mar iad san ceart go leor - ar feadh tamaill. Ach níl sé furasta braith orthu.  Cloistear scéalta mar “Rugadh í Meiriceá mé agus bhog mo thuismitheoirí thar n-ais abhaile nuair a bhí mé óg….má thagann ábhar a stádas aníos i gcomhrá - (deirtear gurb é sin ceann de na gnáth leithscéalta - tá sé cloiste agam.) Ach is é an rud is measa déarfainn ná ní féidir leo dul abhaile agus teacht thar n-ais arís gan seans trioblóide, easpa saoirse ar shlí. ….rud eile ná ní bhíonn an méid sin poist le fáil sa tír seo anois, fiú má bhíonn tacaíocht ag an aos óg teacht anseo, abair cairde nó gaol…..
Bíonn sé deacair do dhaoine dul ar aghaidh ina saolta gan a bheith “dleathach” mar a déarfá….Agus bíonn an fhadhb chéanna ag an ndream a dtagann ó Guatamala agus Mexico, déanann siadsan ana chuid oibre anseo chomh maith ach níl páipéir acu go léir. Mar sin ní féidir a bheith páirteach í gceart, go hiomlán sa tsochaí anseo, ní féidir dul ar aghaidh le hoideachas mar shampla - Ní dóigh liom go bhfuil sé sláintiúil nuair a bhíonn leibhéil dhifriúla ann; dleathach agus mí dleathach i sochaí amháin, Nílim compordach leis caithfidh mé a rá,  mar sa deireadh thiar thall oibríonn siad, an cuid is mó acu, díreach nó indíreach, ar mhaithe linne atá dleathach.
Tá a fhios agam go bhfanann siad go léir anso mar cé nach bhfuil sé ró mhaith anseo bíonn sé níos fearr ná ina dtíortha féin,  Éireann ina measc. Sin mar atá. Nach bhfuil náire ar Rialtas na hÉireann? ba chóir go mbeadh nó an bhfuil áthas orthu figiúirí dífhostaíochta a "cheartú"?

Friday, January 06, 2012

Fáilte 2012 - Drochthús - an iomarca oibre?


Ah..ní dóigh liom é.
Ach bhuail slaghdán trom orm an deireadh seachtaine seo chaite, ní raibh éalú as, sleamhnaigh sé isteach sa tigh agus bhain tuisle asam, ach bhain sé mo chuid fuinnimh go hiomlán uaim chomh maith, fágadh lag i gcorp agus in intinn mé gan puinn suime agam i léitheoireacht, i scríbhneoireacht nó i mbia fiú - sásta a bheith ar an tolg os comhair na tine ag féachaint ar scannán tar éis scannáin, (buí le Netflix)  nó ag glacadh snap-codlata i ndiaidh fuisce te.... Ochón!  Ach táim thar n-ais ar mo shean léim - beagnach. Bhí íseal brí ag cur isteach orm ag deireadh 2011, drochscéalta ó gach taobh, ar lig an meon sin an diabhal slaghdán isteach? Ní fheadar - ach is púcaí iad slaghdáin agus glacann siad aon chaolseans a ligtear dóibh! Inniu an séú lá de mhí Eanáir agus ar shlí an chéad lá den bhliain úr domsa, (mar ar ndóigh chailleas an tseachtain seo caite.) Cuireann inniu fíor deireadh ar aimsir na Nollag, tréimhse a bhíonn gar dom chroí, seal a imíonn isteach níos tapúla ná aon cheann eile sa bhliain dar liom. Tá orm na maisiúcháin a thóg aníos agus iad a chur i bhfolach arís......

Cad é? Ceart go leor -  rúin na hathbhliana anois....ar aghaidh liom.