Showing posts with label Ceol. Show all posts
Showing posts with label Ceol. Show all posts

Friday, April 08, 2011

Maidin Amárach


Is féidir an teanga Ghaeilge a chloisteáil ar an raidió anseo i Nua Eabhrac. Craoltar Míle Fáilte ar a hocht a chlog go dtí a naoi a chlog gach maidin Sathairn ar WFUV, 90.7 - stáisiún poiblí lonnaithe in Ollscoil Fordham sa Bhronx. Is é Séamas de Bláca craoltóir an chláir seo a bhfuil ar siúl le blianta fada anuas. Ós rud é gur stáisiún poiblí é WFUV bíonn ar na bainisteoirí bailiúchán airgid a eagrú dhá uair in aghaidh na bliana. Bíonn aoi ag Séamas ar na cláir speisialta seo agus bím i gcónaí toilteanach cabhair a thabhairt más féidir. Is maith liom an clár ó sheachtain go seachtain agus má tharlaíonn go dteipim teacht air, fadhb ar bith! Bíonn sé sa chartlann ar suíomh WFUV agus is féidir liom éisteacht leis aon uair ar bith.

Beidh mé ar an gclár maidin amárach, bÍgí ag éisteacht linn a chairde agus ná déan dearmad glaoch a chur orainn díreach tar éis a hocht a chlog ar 1 (877) 938 8907 agus pingin nó dhó a chaith inár dtreo! Beidh bronntanais an deas againn daoibh!

Thursday, April 02, 2009

Ceiliúradh cheoil sa Kerry Hall i Yonkers Dé Domhnaigh

Beidh tráthnóna mór cheoil ar siúl Dé Domhnaigh, an 5ú lá, sa Kerry Hall i Yonkers. Tá sé curtha le cheile ag cairde Johnny Cronin, nach maireann, i ndil chuimhne air.
Ba as Cill Airne ó dhúchas Johnny ach chaith sé cuid dá shaol anseo i Nua Eabhrac i measc ceoltóirí Nua Eabhrac. Ní raibh aithne agamsa air, ach chuala gur ceoltóir den scoth a bhí ann agus duine dáiríre leis. Bhí ana bhrón ar a chairde uile anseo nuair a chualadar gur imigh sé ar shlí na fírinne le déanaí.
Beidh Aifreann ar dtús ar a dó a chlog leis an Athair Charlie Coen, fear mór cheoil féinig, agus ansin tosnóidh an ceol agus an rince. Beidh baintreach Johnny agus a páistí i láthair. Deirtear liom go mbeidh fáilte is fiche roimh chách le suim i gceol na hÉireann. Tá an ócáid saor in aisce ach tá na timirí ag súil go mbeidh daoine toilteanach deonachán airgid a thabhairt ar an mbealach isteach, mar bhronntanas do chlann Johnny.

Monday, March 30, 2009

Time Capsule


Is minic a thagann cúrsaí le cheile in am áirithe as a dtagann athraithe stairiúla. Bhí gach rud ag éirí go breá leis na hÉireannaigh sna stáit aontaithe ag tús na seascaidí. Bhí cuid mhaith acu socraithe síos anseo tar éis tréimhsí deacair go leor in Éirinn sna caogaidí. Tháinig tonnta na n-imirceach bliain tar éis bliana, fuaireadar postanna anseo, ansin tuilleadh oideachais agus thosnaigh an ghrian ag taitneamh orthu. Bhí fáilte mhór os a gcomhair ó na Gael-Mheiriceánaigh, iadsan de shliocht na tonnta imirceach a lonnaigh sa tír seo le cianta anuas, iadsan a bhfuair bheith istigh agus seans nuair nach raibh a leithéid le fáil acu in Éirinn, bhíodh teagmháil láidir inmheánach eatarthu bunaithe ar féin-céannacht nó féin aitheantas. D’éirigh go maith le The Clancy Brothers and Tommy Makem sna seascaidí anseo i Nua Eabhrac agus ní fada go raibh clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus thar n-ais in Éirinn chomh maith. Chuireadar beocht úr i gcultúr na nGael Meiriceánaigh lena n-amhránaíocht bheoga. Bhíodar proifisiúnta, bhíodar éirimiúil agus spraíúil. Bhí daoine bródúil astu, bhí John Kennedy sa Tigh Bán ag an am san agus nach iontach an t-am é d’einne a bheith ina Ghael Mheiriceánach? Bhí ceolchoirm ag an mbanna cheoil seo i Carnegie Hall ar Lá fhéile Pádraig 1963 agus rinneadh ceirnín den cheolchoirm sin le 11 amhrán, sin an méad a bhí ar LP ag an am.

Bhí baint ag m’athair le cúrsaí turasóireachta i meán iarthar na hÉireann a shaol iomlán agus bhíodh sé de shíor a rá aige chomh tábhachtach agus a bhí an teagmháil idir lucht na hÉireann agus lucht Gael Mheiriceá, go raibh ceangal go smior eatarthu ó thaobh staire agus go mbeadh go deo. Bhí ana mheas aige ar lucht Mheiriceá, chomh díograiseach agus chomh dearfach is a bhíodar maidir le Éirinn i gcónaí. Cheap sé go minic nár thuig lucht na hÉireann an gaol i gceart, go dtí go raibh orthu dul ar imirce. Tharla go raibh beirt dá dheartháir féin lonnaithe i Nua Eabhrac ag an am san agus b’fhéidir gur as a scéalta a tháinig a thuiscint. Bhíodh sé anseo sna stáit minic go leor sna seascaidí ar thurais ghnó agus bhíodh an seans aige a dheartháireacha a fheiscint aon uair a bhíodh sé anseo na laethanta sin. Ba mhinic a tháinig sé abhaile le ceirnín foilsithe ag The Clancy Brothers and Tommy Makem., gheobhadh sé bronntanais i bhfoirm na ceirníní seo uatha, bronntanais dúinn nó dár máthair is dócha a bhí i gceist. Bhíos ró óg ag an am aon mór suim a bheith agam sa cheol ach chuala mé na ceirníní go minic sa tigh. Tá níos mó tuiscint agam anois faoin gceol seo agus an tábhacht a bhain leis an mbanna cheoil.

Bhí sé go deas dom mar sin Liam Clancy a fheiscint oíche Dé Sathairn nuair a thug sé cuairt ar Glucksman Ireland House, NYU. Labhair sé faoi na laethanta craiceáilte sin i Nua Eabhrac sna seascaidí agus go mór mhór faoin uair i 1962 nuair a thángadar os comhair poiblí na tíre ar chlár teilifíse Ed Sullivan. Luaigh sé chomh maith an ceirnín a rinneadh i 1963 faoin gceolchoirm i Carnegie Hall. Tá ceann nua foilsithe ag Columbia anois faoin gceolchoirm seo agus in ionadh 11 amhrán déag tá an cheolchoirm go hiomlán le fail ann ar dhá CDs,The Clancy Brothers and Tommy Makem In Person at Carnegie Hall- The Complete 1963 Concert Tá comhrá na hoíche agus gach rud ina measc. Bhí sé greannmhar, cairdiúil agus anois is arís bhraitheas go raibh brón air, eisean an t-aon duine amháin fágtha ar an bhfód agus mar a dúirt “ Being the last man standing is no triumph” . Luaigh sé chomh maith go rabhadar ina aisteoirí cuid den am agus iad thuas ansin ar an ardán os comhair an tsaoil, agus gur mhinic a bhí orthu amhráin áirithe a bhí tábhachtach dóibh a chur ar leataobh fad is a bhí éileamh ar na cinn a bhí níos coitianta leis an lucht éisteachta. Tuigim é sin, gnó a bhí ann. Cuireadh ceist air faoi na hamhráin seo a bhí gar dá chroí agus bhí an t-adh dearg orainn mar thug sé amach a concertina agus thosnaigh sé a canadh ceann des na hamhráin is deise dar liom, Ar Éireann Ní Neosainn Cé hí, agus bhí sé go hálainn ar fad. Bhaineas an taitneamh as sin agus as a chuairt go léir.

Táim ag éisteacht leis fad is atáim ag scríobh an píosa seo, braithim an fuinneamh a bhí sa halla an oíche sin breis agus 45 bliain ó shin agus tá sé go hiontach ar fad. Is saghas grianghraf den thréimhse sin i saol na tíre seo, cloistear sin ón gcomhrá greannmhar idir na hamhráin. Is fiú éisteacht leis agus teagmháil a dhéanamh leis an tréimhse sin nuair a bhí an saol níos simplí agus dearcadh dearfach os comhair na tíre seo, rud nár lean ach go dtí an 22ú lá de mhí na Samhna 1963, sé mhí ghearr tar éis na ceolchoirme.

Thursday, December 11, 2008

Béal Tuinne


Tá scéal eile agam ó laethanta an Oireachtais. Tráthnóna amháin agus mé sa phub bhí an t-ádh liom go raibh Séamas Begley sa chomhluadar agus ní fada go rabhamar ag caint. Luaidh cara liom an tréimhse oibre a chaith Seamas le Shaun Davey anuraidh agus toradh na tréimhse ná an CD Béal Tuinne. Is duine an chairdiúil é Séamas agus thug sé cúlscéal na tréimhse sin dom; go raibh aithne aige ar an bhfile Caoimhín Ó Cinnéide ó laethanta a óige, gur mhuscail an file suim an cheoil ann agus leis sin go raibh meas nach beag aige ar an gcumadóir Shaun Davey a dhein jab iontach ag fuineadh an cheoil le filíocht Chaoimhín.
Ansin os rud é go bhfuilim i mo chónaí thar lear thug sé stair amhráin amháin ón mbailiúchán dom, Díbeartach an t-ainm atá air, Scríobh Úi Cinnéide an dán seo agus é ag smaoineamh ar a chara Pat Connor a bhí ina imirceach sna SAM blianta ó shin, ansin luaidh Séamas go raibh an Pat céanna thar n-ais i gCiarrai anois agus mar a tharla trasna an tseomra uainn sa phub céanna. (agus ansin creid nó ná creid thug sé ceacht ghearr amhranaiochta dom chomh maith go mbeinn in ann é a chanadh…...)
Leanamar ag caint tamaillín agus ag fágáil slán thug sé bronntanas gan choinne dom, cóip don CD céanna a tháinig aníos óna mhála! Caithfidh mé a rá go mbainim an taitneamh as agus ar ndóigh bím ag cleachtadh mo chuid amhranaiochta…..nuair a bhim i m aonar!
Ba bhronntanas deas é seo d’éinne aimsir na Nollag, (nó is féidir leat é a chur ar do liosta féin, nach bíonn Daidí na Nollag ana fhlaithiúlach?) Is féidir teacht air anseo.
Beal Tuinne Live at St. James Church Dingle