Monday, March 30, 2009

Time Capsule


Is minic a thagann cúrsaí le cheile in am áirithe as a dtagann athraithe stairiúla. Bhí gach rud ag éirí go breá leis na hÉireannaigh sna stáit aontaithe ag tús na seascaidí. Bhí cuid mhaith acu socraithe síos anseo tar éis tréimhsí deacair go leor in Éirinn sna caogaidí. Tháinig tonnta na n-imirceach bliain tar éis bliana, fuaireadar postanna anseo, ansin tuilleadh oideachais agus thosnaigh an ghrian ag taitneamh orthu. Bhí fáilte mhór os a gcomhair ó na Gael-Mheiriceánaigh, iadsan de shliocht na tonnta imirceach a lonnaigh sa tír seo le cianta anuas, iadsan a bhfuair bheith istigh agus seans nuair nach raibh a leithéid le fáil acu in Éirinn, bhíodh teagmháil láidir inmheánach eatarthu bunaithe ar féin-céannacht nó féin aitheantas. D’éirigh go maith le The Clancy Brothers and Tommy Makem sna seascaidí anseo i Nua Eabhrac agus ní fada go raibh clú agus cáil orthu ar fud na tíre agus thar n-ais in Éirinn chomh maith. Chuireadar beocht úr i gcultúr na nGael Meiriceánaigh lena n-amhránaíocht bheoga. Bhíodar proifisiúnta, bhíodar éirimiúil agus spraíúil. Bhí daoine bródúil astu, bhí John Kennedy sa Tigh Bán ag an am san agus nach iontach an t-am é d’einne a bheith ina Ghael Mheiriceánach? Bhí ceolchoirm ag an mbanna cheoil seo i Carnegie Hall ar Lá fhéile Pádraig 1963 agus rinneadh ceirnín den cheolchoirm sin le 11 amhrán, sin an méad a bhí ar LP ag an am.

Bhí baint ag m’athair le cúrsaí turasóireachta i meán iarthar na hÉireann a shaol iomlán agus bhíodh sé de shíor a rá aige chomh tábhachtach agus a bhí an teagmháil idir lucht na hÉireann agus lucht Gael Mheiriceá, go raibh ceangal go smior eatarthu ó thaobh staire agus go mbeadh go deo. Bhí ana mheas aige ar lucht Mheiriceá, chomh díograiseach agus chomh dearfach is a bhíodar maidir le Éirinn i gcónaí. Cheap sé go minic nár thuig lucht na hÉireann an gaol i gceart, go dtí go raibh orthu dul ar imirce. Tharla go raibh beirt dá dheartháir féin lonnaithe i Nua Eabhrac ag an am san agus b’fhéidir gur as a scéalta a tháinig a thuiscint. Bhíodh sé anseo sna stáit minic go leor sna seascaidí ar thurais ghnó agus bhíodh an seans aige a dheartháireacha a fheiscint aon uair a bhíodh sé anseo na laethanta sin. Ba mhinic a tháinig sé abhaile le ceirnín foilsithe ag The Clancy Brothers and Tommy Makem., gheobhadh sé bronntanais i bhfoirm na ceirníní seo uatha, bronntanais dúinn nó dár máthair is dócha a bhí i gceist. Bhíos ró óg ag an am aon mór suim a bheith agam sa cheol ach chuala mé na ceirníní go minic sa tigh. Tá níos mó tuiscint agam anois faoin gceol seo agus an tábhacht a bhain leis an mbanna cheoil.

Bhí sé go deas dom mar sin Liam Clancy a fheiscint oíche Dé Sathairn nuair a thug sé cuairt ar Glucksman Ireland House, NYU. Labhair sé faoi na laethanta craiceáilte sin i Nua Eabhrac sna seascaidí agus go mór mhór faoin uair i 1962 nuair a thángadar os comhair poiblí na tíre ar chlár teilifíse Ed Sullivan. Luaigh sé chomh maith an ceirnín a rinneadh i 1963 faoin gceolchoirm i Carnegie Hall. Tá ceann nua foilsithe ag Columbia anois faoin gceolchoirm seo agus in ionadh 11 amhrán déag tá an cheolchoirm go hiomlán le fail ann ar dhá CDs,The Clancy Brothers and Tommy Makem In Person at Carnegie Hall- The Complete 1963 Concert Tá comhrá na hoíche agus gach rud ina measc. Bhí sé greannmhar, cairdiúil agus anois is arís bhraitheas go raibh brón air, eisean an t-aon duine amháin fágtha ar an bhfód agus mar a dúirt “ Being the last man standing is no triumph” . Luaigh sé chomh maith go rabhadar ina aisteoirí cuid den am agus iad thuas ansin ar an ardán os comhair an tsaoil, agus gur mhinic a bhí orthu amhráin áirithe a bhí tábhachtach dóibh a chur ar leataobh fad is a bhí éileamh ar na cinn a bhí níos coitianta leis an lucht éisteachta. Tuigim é sin, gnó a bhí ann. Cuireadh ceist air faoi na hamhráin seo a bhí gar dá chroí agus bhí an t-adh dearg orainn mar thug sé amach a concertina agus thosnaigh sé a canadh ceann des na hamhráin is deise dar liom, Ar Éireann Ní Neosainn Cé hí, agus bhí sé go hálainn ar fad. Bhaineas an taitneamh as sin agus as a chuairt go léir.

Táim ag éisteacht leis fad is atáim ag scríobh an píosa seo, braithim an fuinneamh a bhí sa halla an oíche sin breis agus 45 bliain ó shin agus tá sé go hiontach ar fad. Is saghas grianghraf den thréimhse sin i saol na tíre seo, cloistear sin ón gcomhrá greannmhar idir na hamhráin. Is fiú éisteacht leis agus teagmháil a dhéanamh leis an tréimhse sin nuair a bhí an saol níos simplí agus dearcadh dearfach os comhair na tíre seo, rud nár lean ach go dtí an 22ú lá de mhí na Samhna 1963, sé mhí ghearr tar éis na ceolchoirme.

No comments: