‘S iad dreapadóireacht anuas
Leabhairín léitheoireachta,
Bosca lóin agus pinn ildathacha.
Nuair nach gceadaítear rith.
Gealfhiachlach
Gealgháireach.
Bhí ana brón orm nuair a chuala gur bhfuair deirfiúr Aine Durkan, Ciara, bás in Afganistan anuraidh. Scriobhas píosa faoin tubaiste sin tamall ó shin. Ansin chuir Áine chugam an dán a scríobh sí. Éist leis anseo.
Inniu, níl a fhios agam cén fáth, ach bhíos ag smaoineamh ar Áine. Is dócha os rud é gur chuireas ephoist chuig cara eile againn, Claire, agus chuir an nóta sin Áine ar m’intinn. Bhuaileamar go léir le cheile an tseachtain seo in Oideas Gael anuraidh agus do bhí ana spraoi againn le cheile an tseachtain sin. Ar ndóigh ní raibh a fhios againn ag an am eadrom sin go mbeadh Áine faoi bhrón agus faoi bhuairt roimh i bhfad.
Bainim taitneamh i gcónaí as an gclár Comhrá le Mairtin Tom Sheáinín … . Tá scil fé leith aige siúd scéalta daoine a tharraingt amach uatha gan stró nó strus a chur orthu ar chor ar bith.
Féach anso brú ar WEB TV agus ansin faoi (Cláir eile- Cartlann : Comhrá ar
Ar an 25/4/08 craoladh agallamh idir Mairtin agus Pádraig O hAiniféin, fear óg as Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, faoin lá i 2000 ar léim sé thar chlaí agus ar bhris sé a mhuineál nuair nach raibh sé ach 16 bliana d’aois. Bhí sé ag bailiú bláthanna dá mháthair ag an am san roimh dul ag imirt cispheil leis a chairde. Tá Pádraig anois in a fhear óg dathúil agus é i gcathaoir rothaí, gan mothú óna mhuineál síos. Labhraíonn sé le Máirtín faoina shaol anois agus an tslí ar bhain sé ceart den athrú saoil. Bhí sé deacair dom taitneamh a bhaint as an gclár seo toisc an méid bhróin a bhraithim don fhear óg seo.
(Bím ag smaoineamh ar mo mhac féinig agus é i mbarr a shláinte ar 16 bliana d’aois faoi láthair agus é ag baint súp nach beag as an saol, táim scriosta fiú ag smaoineamh ar anachain chomh dona seo)
Tagann meon dearfach an fhir óig seo Pádraig chugainn go soiléir sa chlár. Bíonn sé áthasach as na mion rudaí a thugann píosa neamhspleáchais dó, cé go bhfuil bean cúraim uaidh an t-am ar fad idir oíche is lá. Deir sé go mbíonn daoine ann i gcruacháis i bhfad níos deacra tar éis timpistí ná é féin.
Ceacht dúinn uile in a fhocail.
Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr breis airgid a chur isteach taighde níos mó a dhéanamh ar conas gortaithe mar seo a réitigh ná é a chaitheamh 1) ar cogaí a fhágann tuilleadh fir agus mná óga, gan trácht ar páistí, gortaithe ar fud an domhan? nó 2) ar conas sinn a choimeád óg le cabhair máinliachta nó ceimic
D’éag cara liom timpeall ocht mí ó shin. Seanduine a bhí ann agus saol lán saibhir caite aige. Ní raibh sé tinn ag an deireadh, tharla go bhfuair sé bás i slí tobann go leor cé go raibh sé breis agus nócha bliana d’aois. Bhíodh sé de nós agam cuairt a thabhairt air go rialta. Ba dhuine géarchúiseach cliste, daingean ina bharúla é cé go raibh sé oscailte roimh díospóireacht i gcónaí.
Fuaireas cuireadh seachtain ó shin dul go dtí a theach féachaint ar a mhaoin phearsanta, dá mbeadh suim agam…. Chuaigh tráthnóna inné. Cuireadh ceithre bosca beaga plastic os mo chomhair. Saol fada i gceithre bosca beaga a cheapas agus an méad bruscair atá bailithe agamsa (agus mise níos lú ná leath a aois féin nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne.) ach ghlac sé móideanna crábhaidh agus é ina fhear óg, ceann na bochtaineachta ina measc, agus níor bhog sé uathu.
Bhraitheas ait go leor ag féachaint ar gach rud, a mhaoin phearsanta, ….ar dtús a bhailiúcháin ghrianghraf, é ina bhuachaill óg, ansin ina dhéagóir i gcontae an Chláir, ansin ina fhear óg scafánta, ard agus láidir, dathúil agus fiú ag an am sin cuma duine intleachtach air le spéaclaí beaga ciorclacha… Tháinig mé ar teastas ó 1931 nuair a d’éirigh sé ina staonaire, agus roinnt teastais eile chomh maith ó Ollscoil na hÉireann agus Ollscoil Fordham anseo i N.Y.
Ansin nóta gearr uaidh ó 2000: “ If anyone asks how I want to be remembered please say the following about me: “and gladly wolde he lerne and gladly teche” “
focail ó na Canterbury Tales sílim. Níor chuala mé na focail sin ag a socraid agus níl siad ar a lia, ach tá siad anseo anois a Bhráthair Ó Cuinn.
Lean mé ag léamh sean léachta óna pheann a bhí bailithe ann, lámhscríbhinní, agus sa bhosca deireanach tháinig mé ar mála cáipéisí leathair, ceann cosúil le ceann a bhí ag m’athair féin, ina choimeádfadh clúdaigh glana agus páipéir scríbhneoireachta d’iad siúd le nós litreacha a scríobh, sean nós an lá atá inniu ann! Bhí a pas i gclúdach sa mhála seo chomh maith. Ansin chonaic mé go raibh clúdach amháin ann le ainm agus seoladh air... Thógas aníos é agus cad a bhí le feiscint air ach m’ainm agus seoladh féin, ní raibh aon rud laistigh.
Bhíos ceart go leor go dtí an pointe sin ach tháinig tocht orm ar feadh aga. Bhí plean aige nóta a scríobh chugam ach b’fhéidir nach raibh an t-am aige an lá sin? Cad a bhí ar intinn aige a chur chugam? Ceist gan freagair.
Scríobh Áine Durkin, file, an dán brónach seo in ómós agus i ndíchuimhne ar a dheirfiúr Ciara.
Ciara na Gruaige Rua
Is brónach é an focal slán
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua
Nádúr sa ngluaiseacht ó am go ham
Ach cail an nádúr sa gcogadh crua
A sciob uainn Ciara na gruaige rua
A béilín álainn socair ciúin
Slán ní bhfuair muid seans le lua
Nuair a d’imigh Ciara na gruaige rua
A chonaic áilleacht sa saol in iomlán a seala
Cineáltas ‘s cairdeas an rud ba dhual
Do Chiara álainn na gruaige rua
A thug grá ‘gus gáire isteach sa saol
Níl gile sa lá, tá an domhan gan bua
Ó bhásaigh Ciara na gruaige rua
Focal tiubh le mothúcháin
Ach tháinig míniú iomlán nua
Nuair a chaill muid Ciara na gruaige rua