Friday, September 21, 2012

Cá háit ar imigh na litreacha uile?


....Agus mé ag súgradh le mo ghuthán cliste nua agus lán sásta leis, rith sé liom nach amháin gur iontach iad na huirlisí atá cruthaithe dúinn ár saolta a chabhrú, ach cad faoi na poill a fhágtar dá barr, nó an poill iad?
Is gnáth córais iad teachtaireachtaí meandair, ephoist, fís-chomhráite agus araile ar ár bhfóin anois, agus muna bhfuil na seirbhísí seo ag gach éinne le fón-phóca faoi láthair ní fada go mbeidh - déarfainn taobh istigh glúin amháin eile. Ach is teagmhálacha gearra agus gearrshaolacha iad de ghnáth nach mbíonn mórán le fáil ó athchuairt orthu. Agus cad a dhéanfaidh na staraithe amach anseo gan cairn mhóra litreach acu ón aois seo?

Bhí Packie ina dhéagóir óg i lár na bhfichidí san aois seo caite in iarthuaisceart Mhaigh Eo, agus é an duine ba shine i gclann aon pháiste dhéag. Chuaigh sé chun oibre lena athair nuair nach raibh sé ach trí bliana déag d'aois, ach, ó tharla go raibh scríobh maith aige óna laethanta gearra scoile d'ainmnigh mar scríbhneoir é ina cheantar beag féin ar thaobh cnoic. Bhíodh an jab aige litreacha a scríobh ó am go ham ar son daoine áirithe na háite nach raibh bua na scríbhneoireachta acu,  ansin bhí air na litreacha a thabhairt chuig oifig a'phoist ar a rothar, faraor b'fhada an turas san dó, dhá mhíle dhéag gach slí nó mar sin de. Ach múineann gá seift agus tar éis tamall gearr chuir Packie féin litir sa phost chuig ard oifig a'phoist i mBaile Átha Cliath agus é ag iarraidh bosca poist dá cheantar. Níor éirigh leis ar dtús, bhí air feachtas a chur ar bun ach sa deireadh thiar thall d'éirigh leis. Cuireadh an bosca uaine ón Saorstát i lár seanbhalla cloiche gar do chrosbhóthar beag ina cheantar féin agus thug na seandaoine áitiúil Packie's box air. Is mó litreacha a cuireadh sa bhosca céanna faoi dhéin Meiriceá, agus déarfainn gur léadh arís is arís eile cuid mhaith acu ar an taobh seo.



Má bhíonn uaigneas orainn an lá atá inniu ann, ní hé an t-uaigneas céanna a chuireann isteach ar an imirceach i bhfad i gcéin i gcomparáid le saolta gan mórán nuachta ón sean fhód fadó.  Is iad forbairtí teileachumarsáide na blianta beaga anuas atá cúis leis an athrú agus ní fhaightear (nó is annamh a fhaightear) litreacha nó grianghraif sa phost níos mó ach oiread. 

In anneoin na buntaísí atá againn anois bíonn sé go deas ar uairibh féachaint i mo bhailiúchán litreach agus cuid acu a athléamh. Ansin tamall a chaitheamh ag taisteal ar bhóthar na smaointe leis an scríbhneoir tríd an dúch a mhaireann mar líne bheatha eadrainn.


Lean Packie mar réiteoir fadhbanna a shaol iomlán, níl fadhb ach a bhfuil réiteach aici a deireadh sé go dearfach agus teacht aniar aige gach fadhb a réiteach i gcaitheamh a shaoil. Do bhíodh gliondar agus iontas air forbairtí nua a fheiscint agus níor chaith sé aga maoithneach riamh ag gearán faoi athruithe an tsaoil, ba chrua an saol fadó. B'fhuath leis aon Stick in the Mud. Bhain sé an-taitneamh as litir phearsanta sa phost i gcónaí agus iad a athléamh - ach déarfainn go mbainfeadh sé an-sult as iFón.

5 comments:

aonghus said...

Beidh na cartlann ann:
http://archive.org/

Tar éis an tsaoil is iomaí cóip de rphost a bhíonn ann.

Ach is fíor duit freisin.

Mise Áine said...

Scéilín deas, a Hilary, go raibh maith agat, ceann nach mbeadh cloiste againn, b'fhéidir, murach an teicneolaíocht nua seo..:-)

Léim na sean-litreacha atá agam go rialta, go háirithe na cinn a scríobh m'athair chugam, blianta fada ó shin, go gairid sular cailleadh é.

Nuair a chaith mé mo chéad Thanksgiving thall anuraidh, léigh mé na litreacha seo ag an mbord, tar éis an dinnéir, chuig mo mhuintir uilig. Ní raibh siad cloiste ná feicthe acu roimhe sin.

Bhí na focla chomh tuairisciúil agus stairiúl sin, mhothaigh mé go raibh m'athair linn ag an mbord. Ní féidir a leithéid a shárú, mar go raibh a lámh ar an bpáipéar ar ar scríobh sé, rud nach dtarlaíonn le téacs ná le ríomhphost, mar shampla.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Déarfainn gur chualathas guth d'athairse tríot, a Áine, cé gur tusa a bhí ag léamh ní ortsa a bhí an fócas ach ar a fhocail féin - ba dheas uait é sin a dhéanamh ar an ócáid sin. Deirtear go "Maireann an spiorad go deo".

Sín a tharlaíonn nuair a bhím ag léamh sean litreacha, cloisim guth an scríbhneora go soiléir agus braithim go bhfuil an dúch saghas líne bheatha eadrainn - go dtagann an guth tríd mar a thagann an guth beo tríd an guthán féin, is minic a bhraithim rithim a gcuid cainte ina a gcuid scríbhneoireachta.

Mise Áine said...

@ Déarfainn gur chualathas guth d'athairse tríot

Chuala siad 'guth an scríbhneora' gan dabht, a Hilary, agus bhí a spiorad beo beathach sna focla áille a scríobh sé..:-)

Anonymous said...

Haigh Hilary,

Tháinig mé ar an blog mar 'thimpist' de sórt ach táim an-sásta gur tharla sé. Chonaic mé go bhfuil blog eile agat agus go bhfuil Caoimhe Ní Bhaoill mar chomhoibrí agat chomh maith. Bhí mé i mo dhalta i Ráth Chairn cúpla bliain ó shin agus bhí an Mháistreas Ní Bhaoill ag múineadh ann ag an am céanna!! Bhí sé díreach ar intinn agam (más cuimhin léi) haigh a rá agus iarr ort mo dea-mhéin a gabháil léi le do thoill?

Go raibh míle maith agat,
Caitríona Ní Bhrolacháin