Friday, June 15, 2012

New York / New Belfast - agus an Teanga

Chonacthas comhoibriú i Nua Eabhrac an tseachtain seo chaite idir The Irish Echo agus Ollscoil Fordham le tacaíocht ó roinnt comhlachtaí eile. Comhdháil thar dhá lá a bhí i gceist agus í lonnaithe i bhfoirgneamh Fordham i Lincoln Center. "New York / New Belfast" (NY/NB) an t-ainm a bhí ar an gcomhdháil agus ba é a cuspóir ná ceangail níos láidre idir na cathracha a chothú trí chúrsaí gnó agus cultúr. Bhí clár maith ann oíche Dé Chéadaoin agus an lucht éisteachta faoi dhraíocht na gcainteoirí, Christine Quinn, Pete Hamill, Terry George agus Fr Joseph McShane SJ ina measc. Is minic a fhágtar cúrsaí teangan taobh amuigh d'imeachtaí a mbaineann le Éirinn sa tír seo, ach ní hé mar a tharla sa chás seo de bharr dearcadh Mhairtín Ó Muilleoir (Belfast Media Group) chuig an teanga. Is teanga beo í an Ghaeilge i saol Uí Mhuilleoir agus tógann sé gach seans í a labhairt agus tacaíocht a thabhairt do lucht na Gaeilge más féidir leis, pé áit ina bhfuil sé.

Is léir dúinn nach maireann an teanga taobh amuigh cúrsaí eacnamaíochta; ní chónaíonn sí i stair na tíre amháin ach i saol comhaimseartha na tíre. Bhí sé sin sofheicthe thar thréimhse an tíogair nuair a chonacthas athbheochan i ngach gné dár gcultúr, ní hamháin in Éirinn ach anseo i Meiriceá agus timpeall an domhain chomh maith. D'éirigh muinín agus bród i gcroithe na nGael agus ba mhór an scannal agus an díomá é ansin do gach mac agus iníon macánta Fhódla teacht ar drochscéalta in áiteanna ard agus ísle faoin tsaint agus faoin gcíocras airgid a tháinig ar an bhfód thar an tréimhse céanna.

Bhí sé suimiúil mar sin Chaoimhín Mac Giolla Mhín a chloisteáil ag an gcomhdháil seo agus an t-eolas a fháil go bhfuil mórán tionscnamh anois timpeall na sé chontae a bhfuair tacaíocht ón gCiste Infheistíochta na Gaeilge le bliain nó mar sin anuas, agus go bhfuil airgead fós sa sparán aige cabhair a thabhairt d'fhorbairtí teanga sa cheantar. Má fheictear go bhfuil ról ag an nGaeilge sna geilleagair bheaga áitiúil éireoidh léi, agus má bhíonn poist i ngnó le fáil ina mbeidh dátheangachas tábhachtach leanfaidh suim agus bród sa teanga ar aghaidh.  Níl tuilleadh fáinní eochracha nó mataí luiche nó bruscair mar sin ó dhuine ar bith ach fíor gnóthaí a chur ar bun agus an bhéim ar an teanga le fáilte roimh dátheangachas.

Anois agus an deisceart ag bacadradh ar aghaidh i marbhshruth an ribe deireanaigh ó eireaball an diabhal tíogair tá sé níos tábhachtaí ná riamh an dearcadh dearfach chuig an teanga a chóiméad agus, gan dabht, é a chothú - agus a n-admhaítear go coitianta go bhfuil ról nach beag aici i dtodhchaí na tíre, idir thuaisceart agus deisceart.

No comments: