Thursday, June 21, 2012

The Soda Wars aka The Sugar Games




Nuair a chuala mé faoi plean an Mhéara Michael Bloomberg cheap mé go raibh sé aisteach, cosc ar deochanna milse sóide nós mó ná 16 oz? amaideach, cad faoi saoirse? Nach mbeadh sé níos fearr tuairimí na poiblíochta a athrú?  Anois tá Boston ag féachaint ar an bplean céanna.

Inné bhí mé san ollmhargadh áitiúil agus bhí fear taobh thiar dom ag ceannach ana chuid bruscair, dar liom, deochanna milse sóide agus araile. Bhí sé mór go leor cheana féin agus dúirt mé liom féin, bhuel tá súil agam nach mbeidh tusa ag ól agus ag ithe an bhruscair sin....mé ag éirí mí shásta leis agus ag samhlú ar chostais na dtréimhsí san ospidéal dó amach anseo nuair a bheadh sé ina fhear mhurtaill i gceann bliain nó dhó. Cé a íocfaidh as a roghanna sa deireadh thiar thall? Ach bhí mé mí shásta liom féin ansin mar ag an am céanna ní maith liom a bheith i mo bhreitheamh.
Rith sé liom go mba chóir  Surgeon General's Warning a bheadh ar gach buidéal agus canna  "Sugar Causes Obesity" "Are You Too Big Already?" nó rud éigin níos deisbhéalaí mar shampla "Sugar Kills" nó pictiúir do dhaoine ollmhór ar na buidéil? Cad faoi cáin i bhfad níos airde ar na deochanna milse go léir, cáin $10 ar a laghad...saoirse fós slán. An ndéanfadh sé difríocht ar bith? agus cad faoi na comhlachtaí móra sóide?
Anois tá sé ráite go bhfuil deochanna milse níos saoire ná uisce sóide....


1 comment:

April said...

Nach bhfuil sé rud beag aiféiseach duitse a bheith ag déanamh géaráin faoi bhille leighis an dhuine seo a íoc, nuair atá tusa ceann de na daoine atá ag éileamh orainne uilig bille leighis chuile dhuine a íoc?

Ar iarr an duine seo ortsa a chuid billí a íoc? An gceapann tú go mbaineann sé leat? Cé a chuir an cheist ortsa faoin margadh idir duine amháin agus duine nó daoine eile? Faoin bpraghas atá rud ar bith? Idir an duine atá ag ceannacht an ruda agus an duine atá ag díol an ruda atá sé. Cén cheart atá agat a bheith ag iarradh ar pholaiteoirí cánacha breise a chur ar rudaí nach maith leat?

Mura mbíonn tú sásta íoc as drochroghanna daoine eile, is féidir leat d'ídé-eolaíocht a athrú agus do vótá a chaitheamh ar son d'airgid féin a choinneáil i do phóca féin agus do rogha rud a dhéanamh leis.