Wednesday, November 07, 2012

Sandy


Ba bhrónach an scéal i Nua Eabhrac agus New Jersey an tseachtain seo chaite de dheasca cuairt Sandy orainn, leanann na droch scéalta an tseachtain seo, agus leanfaidh siad ar aghaidh tamall fada eile déarfainn. Tá cuid againn faoi bhuairt anois, agus scéalta fós ag teacht amach faoi thragóidí a chuir bás ar mórán, idir pháistí óga agus dhaoine fásta. Anois tá ceantair ag iarraidh leanúint, iad a áth thógáil más féidir ach tá ceantair eile ann atá scriosta go deo mar uibheacha briste, ní féidir iad a chur le cheile arís in aon slí. Titeann tubaistí mar seo ar ghuaillí na mbocht; ní bhíonn mórán roghanna gan acmhainní agus bíonn córas tacaíochta riachtanach agus ceart i gcásanna mar seo.

2 comments:

John said...

Scéal tragóideach amach is amach. Nuair a bhreathnaím ar na pictiúirí ó cheantracha ar nós na Rockaways i Nua Eabhrac agus Mantoloking ar chósta New Jersey, na tithe scriosta, caite ina gcipíní, agus an ghaineamh cruinnithe i gcairn ar shráideanna agus i gclósanna, scanraíonn sé mé. Tá cuma ana-leochaileach ar na ceantracha sin ar an léarscáil, sínte amach ar chiumhais an aigéin mhóir. Agus is dócha gurb é an rud is measa faoi ná go dtarlóidh an damáiste céanna amach anseo arís is arís eile agus an t-aeráid ag éirí níos fiáine bliain i ndiaidh bliana.

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Sin díreach é, tuigim go maith go bhfuil cuid acu ag súil lena gceantair a áth thógáil agus a bpobail a cothú arís iontu, ach tá sé fós go dona in áiteanna i NY agus NJ agus beidh... bíonn ar na páistí dul ar busanna chuig scoileanna nua inniu, a saolta óga ina bpraiseach, agus anois tá sé ag éirí fuar anso.