Sunday, October 01, 2006

Lá na Gaeilge CT.

Bhí lá breá agam inné ag freastail ar Lá na Gaeilge in East Haven CT. Chuir Johannah Mackey le céile é, le cabhair ó Seán Feeney agus a gcomhbhádóirí le baint acu i Cairde na Gaeilge, Ionad na nGael Mheiriceánaigh, sa bhaile seo in iarthar CT. Tá an t-ionad féin an deas ar fad agus foirfe d’eachtra mar seo. Sílim go raibh timpeall caoga daoine páirteach. Cuireadh tús le cúrsaí an lae timpeall a naoi a chlog agus leanadar ar lán tseoil go dtí a cúig a clog.

Chaitheas féin cuid den lá le dream, deichnúir againn, agus sinn ag phlé ábhar éagsúil, agus go minic greannmhar leis. Cur i gcas, dá mbeadh seans nó deis agat teacht le cheile le duine ar bith sa domhain, é/í beo, nó fiú duine atá imithe ar shlí na fírinne. Cén duine a roghnófá agus cén fáth? An mbeadh ceist áirithe agat de nó dí? Nó an mbeadh dúil agat i ngnáth comhrá leis nó léi?
Bhí tuairim ag cách!
Tá fonn nach beag ar Sheán ó MA bualadh le Osama B.L agus é a mharú gan mhoill!

Bheadh suim ag beirt acu eile teacht ar scríbhneoirí, mar atá Máire Aine ó NJ agus Mike ó Boston. Ba maith le Maire Aine labhairt le James Joyce a shaothar a phlé (agus a mhíniú!)agus ba mhaith le Mike bualadh le Cervantes os rud é go bhfuil an spéis aige i shaothar an Spáinneach seo agus mórán de léite aige.

Bheadh suim ag Peigí ó MA bualadh lena comhainmneach ó Conamara, ba amhránaí agus file amhrán í i lár an naoú aois déag. (Ansin bhris Mike amach ag canadh amhrán dá cuid a bhí ar eolas aige…. Níor fágadh focal againn bhí sé chomh deas sin!)

Bheadh suim ag Siobhán ó MA teacht ar a sín seanathair, Arthur Murphy, mar is cosúil nach bhfuil mórán eolas faoi i stair na muintire….Tá an tuairim aici go raibh an droch bhraon ann agus ba maith léi teacht ar an bhfírinne.

Ba mhaith le Maitiú NJ agus Bernadette NY seans labhairt uair amháin arís lena n athaireacha, agus tháinig brón go tapaigh orainn uile ag smaoineamh ar ár n athaireacha nó máithreacha atá imithe uainn.

Bheadh suim ag Seán ó CT labhairt le Íosa Chríost agus treoracha a fháil díreach uaidh.

Agus mise? Sílim go mbeadh sé suimiúil ceist a chur ar an bhFáidh Mohammad agus a fháil amach uaidh an bhfuil sé sásta le cúrsaí polaitiúla an lá atá inniu ann ina ainm naofa.

1 comment:

Séamas Poncán said...

Is mó aithne agam ar East Haven, mar tá iarsmalann na dtrallaithe ann (The Branford Trolley Museum), agus táim ag tabhairt cuairt ar an áit sin ó m'óige - cé nach bhfuilim ann le blianta fada anois. Bain triail as an chéad uair eile a bheidh tú sa chomharsanacht sin, mura bhfuil aithne agat air cheana.