Tar éis slán a fhágáil le mo chairde uile nua i mButte bhailigh mé liom ó thuaidh agus ba í Great Falls mo chéad cheann scribe eile. Chonaic mé buachaillí bó ar a gcapaill ag obair lena beithígh sna páirceanna ar mo bhealach. Níl mórán i Great Falls caithfidh mé a rá, is maith liom an t-ainm ach faraoir níl fiú eas amháin fágtha ansin ó thús na céadta seo caite, níl le feiscint ar an abha mhór (Missouri) anois ach sraith dama. Ach rud amháin a shábháil an chathair seo domsa ná an t-ionad léirmhíniúcháin Lewis and Clarke. De ghnáth bím sásta eolas a fháil amach dom féin ach ní raibh puinn eolais agam faoi L agus C ach a n-ainmneacha agus creatlach dá scéil. Chaitheas tráthnóna breá ag foghlaim fúthu anseo agus ag foghlaim faoi na Blackfoot Indians chomh maith. Bhíodh sochaí shibhialaithe shuimiúil acu siúd agus ba mhaith liom níos mó a fhoghlaim fúthu amach anseo.
Ag dul díreach ó thuaidh arís i dtreo Canada an lá dár gciunn chuaigh mé trí saghas bláir-machairí folmha amach is amach nár bhraitheas riamh. Is cuimhin liom nuair a bhíos óg agus ag taisteal ó Luimneach go Baile Átha Cliath gach samhradh sa charr, do bhíodh ionadh orm i gcónaí ag féachaint amach an fhuinneog ar an gCurragh i gCill Dara mar ní fhaca mé a leithéid riamh sa Mhumhain, ach ní leanann sé ach cúpla míle agus b’shín é. Ach scéal eile i Montana, d’éirigh mé míchompordach ag féachaint ar an machaire cothrom seo, ní raibh deireadh leis. Diabhal tigh le feiscint…Amach as an gcarr liom cúpla uair chun fógraí staire a léamh, bhí gaoth the ag séideadh trasna an mhachaire a ghlac mo chuid gruaige go cothrománach mar bhrat sa ghaoth agus duine nó ainmhithe beo ní fhaca. Aisteach. Bhíos i dtearmann na Blackfeet ag an am seo agus is dócha go raibh na machairí lán le Buffalo uair amháin blianta ó shin.
Ar aghaidh liom ó thuaidh go GlacierNational Parkagus chaitheas cúpla lá ansin, ag siúil, ag marcaíocht, ag bádóireacht (i mbáidín). Ní fhaca mé radhairc mar na cinn a chonaic anseo riamh i mo shaol.Fágadh gan focal mé. Scléip na súl. Ní féidir a mhíniú i gceart an mothúchán a tháinig orm san áit seo agus ní dhéanann na grianghraif an jab ach oiread cé go nglacann siad thar n-ais ansin mé. D’fhanas anseo sa lake McDonald Lodge agus molaim go mór an lóistín, simplí go leor i gcomparáid le hóstlanna na laethanta seo ach suimiúil domsa ó thaobh ailtireachta de…tógadh i 1914 mar thigh príobháideach é nuair nach raibh bóthar ar bith ann thuas anseo agus bhíodh ar na cuairteoirí teacht i mbáid. Fiú inniu tá an cúl doras fós ar thaobh na sráide agus an doras tosaigh ar thaobh an locha.
Thugas cuairt ar Whitefish, baile beag bunaithe ar gnó turasóireachta ar iarthar na páirce. Tá cuma an iarthair fós le feiscint ar an mbaile seo agus ba mhaith liom í cé nach bhfuil mórán ar siúil ansin ach siopadóireacht! Go Kalispell ansin liom agus caitheas oíche amháin ansin agus ó dheas ar thaobh Flathead lake go Bigfork agus bhaineas Missoula amach an oíche céanna. Bhí an turas ó Bigfork go Missoula ana dheas trí tearmann na ndaoine dúchasaigh eile. Chonaic mé buachaillí bó le heallaí mairteola. Bhaineas an NationalBisonRange amach ansin, ceantar droimneach réchnocach tarraingteach dar liom. Chaitheas an oíche dheireanach i Missoula, bhí spraoi i lár na cathrach an oíche úd agus fuaireas amach go mbíonn oíche spraoi acu gach Déardaoin sa samhradh. Bhí daoine bailithe ar thaobh na habhann, bhí ceol beo ann, bia agus deochanna de gach saghas le fáil, ana mhaith do thurasóir mar mise agus do mhuintir na cathrach. D’éirigh comhrá idir mé féin agus siopadóir amháin agus dúirt sé liom nach cathair an iarthair níos mó í Missoula. “B’fhearr le Missoula gan a bheith ina chathair an Iarthair”dar leis…. “Ní thuigim” a dúirt mé leis…”nach bhfuil sí suite in iarthar na tíre?” “Ni thuigim ach oiread ach sin mar atá” a dúirt sé liom.Níor thuigeas é seo i gceart.
Thar n-ais i Nua Eabhrac anois agus ag smaoineamh ar an turas iontach seo. Chaitheas oíche aréir ag féachaint ar Lonesome Dove, an scannán breá bunaithe ar leabhar a scriobh Larry McMurtry (atá leite agam fadó..), agus ag smaoineamh ar an sean saol san Iarthar Fiáin.
Ní gá dul go California chun teacht ar Gleann an Bháis mar tá sé bogtha anseo go Nua Eabhrac an tseachtain seo. Táim díreach thar n-ais ó thuras 10 lá i Montana an Aeir Úir agus bhuail an t-aer te tais an chósta iar mé díreach sa chloigeann agus mé ag teacht amach ón aer aisteach an eitleáin. Inniu tá sé breis agus 93 chéim anseo i lár na coille gan trácht ar an tais atá leis….cheapfá go bhfuil sé níos teo fós agus an méad taise sin san aer.
D’fhreastalíos ar An Rírá i mButte, ansin chaitheas tamall ag taisteal ó thuaidh trí príomh chathair Montana, Helena, go Glacier National Park, ansin thar n-ais ó dheas liom trí Whitefish, Kalispell, Big Fork agus sa deireadh Missoula. Bhaineas an taitneamh as an taisteal agus beidh cúpla focal agam faoi thar an tseachtain seo chugainn.
Is í An Rírá ná féile mhór an tsamhraidh faoi choimirce The Montana Gaelic Cultural Society. Leanann sí thar dhá lá go leith i gcathair Butte i lár an tsamhraidh le seacht mbliana anuas. Is í cuspóir na féile seo ná airgead a bhailiú chun ionad cultúrtha a bhunú amach anseo.
Bhí an t-ádh dearg orm a bheith páirteach sa Rírá i mbliana, bhaineas sult as gach nóiméad sa chathair chairdiúil seo agus táim fíor bhuíoch as an gcuireadh a bhfuaireas ó Lorretta Lynde, uachtarán an chumainn. Ba í seo mo chéad chuairt ar Montana agus cé nár éirigh liom an chluain mhuimhneach a chur ar bhuachaill bó an uair seo, (de dheasca easpa buataisí, cinnte )… b’fhéidir go n-éireoidh liomamach anseo… (Tá na bhuataisí cearta agam anois, fuaireas iad ag deireadh na saoire, ochón ní raibh aon am fágtha agam!)
Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh gach uile chuairteoir i mButte, idir óg is aosta, lucht oibre na féile, turasóirí agus cuairteoirí. Tháinig na sluaite isteach dé hAoine agus i bhfad níos mó Dé Sathairn. Tuismitheoirí lena bpáistí ag baint suilt as an bhféile mhór seo an chuid is mó acu agus atmaisféar mar lá ‘le Pádraig a bhí inti. Bhí imeachtaí ar siúl in áiteanna difriúla taobh istigh limistéar ceithre shráid nó mar sin sa sean chathair. Bhí an príomh bóthar dúnta roimh trácht agus an tslí plódaithe le daoine agus margaí sráide, agus ar ndóigh gach saghas spraoi (maraon le paidreacha i gcoinne na fearthainne.) Cuireadh tús le himeachtaí na féile maidin dé hAoine le ceardlanna difriúla, ranganna Gaeilge ar ndóigh ina measc! Lean an lá le ceol; Dublin Gulch, banna cheoil áitiúil, Gráda ó Ghaillimh, Evans & Doherty, The Elders, The Irish Descendants…, Rince le The Tiernan Dancers agus The Trinity Dancers, agus áthas orm a rá nach raibh comórtas eatarthu ach taispeántais, Scannáin; Butte America, agus Scéal ar Butte le Breandán Feiritear, Scéalaíocht le Batt Burns agus i bhfad níos mó a bhaineann le cultúr na nGael agus na nGael-Mheiriceánach. Bhí an lá thar a bheith gnóthach agus spraiúil leis agus an tarna lá mar a gceanna nó níos gnóthaí féin déarfainn!
Is mór an teagmháil atá idir formhór na muintire Bhuitte agus a gcultúr, ‘sé sin cultúr na nGael i gcás an chuid is mó acu de réir dealraimh agus bród domhain orthu, chomh domhain leis na mianaigh féin, as stair a gcathair. Ní raibh an scéal go hiomlán agam roimh an turas seo agus d’fholaimíos ana chuid fad is a bhíos ansin. Chonaic arís chomh tábhachtach agus atá ionannas pearsanta muintir na tíre seo, b’fhéidir an tréith ceanna ar fud na cruinne nuair a bhogann daoine óna bhfréamhacha?
Is cathair shuimiúil í ó thaobh staire agus suíomh; tá sí suite i bhfásach ard atá míle in airde, agus is compordach an cuma atá uirthi agus sléibhte arda uimpi. Tá an chathair gearrtha idir an seana bhaile Uptown, atá níos airde ná an chuid eile ar a dtugtar The Flats. Feictear na seana fhoirgnimh uile in Uptown, cuid acu anois ina bhfothraigh folmha, brón orm a rá, ach fós féin labhraíonn siad a scéalta féin go ciuin, scéalta bunaithe ar an saol atá thart. Tá cuid eile acu ag tarraingt anála arís le athdheisiú ó fhuilleamhóirí a thuigeann an chathair seo agus meon na ndaoine. Níl cúrsaí eacnamaíochta ró shláintiúil anseo ó bhog na comhlachtaí mianadóireachta ón gcathair timpeall 1982. B’iad na príomh fostóirí anseo ó lár na naoú haois déag agus le tús mianadóireachta sloc oscailte i 1952 bhí sé soiléir go raibh athrú mór os comhair muintir Bhuitte. Le himeacht an chomhlachta is mó fágadh poll mór salach i lár na cathrach agus 10,000 míle na dtollán faoi chathair Butte nach bhfuil níos mó ná seacht míle cearnach! Tá na tolláin i sraitheanna faoin mbaile. Rinneadh ceann scribe turasóireachta as an bpoll mór seo le déanaí agus bhí alltacht orm é a fheiscint…tá sé ana mhór ar fad! poll an ifrinn i ndáiríre agus é lán le huisce nimh. Tá ar an mbaile a fíoruisce a choimeád slán ó nimheanna an phoill mhóir seo. (Nach bhfuil ar an gcomhlacht mianadóireachta sotalacha an fhadhb seo a réitigh? Níl ceist at bith faoin locht…)
Cé gur fágadh an poll mór seo fágadh rud eile chomh maith, braitear spiorad an mharthanóra i sráideanna Uptown. Braitear é ar an Rírá, teacht le cheile le mór mhuinín as todhchaí na cathrach seo de bharr a spiorad féin. Seans ann go dtagann léas den spiorad céanna trí na haoiseanna ó fhuil na hÉireannaigh a d’aistrigh ó Chorca Dhuibhne, iarthar Chorcaí agus áiteanna eile in Eirinn fadó ag lorg rud éigin goidte uatha aige baile… dóchas sa todhchaí.
Seo liom maidin inné agus mé lán sásta, mo New York Times os mo chomhair agus tae na maidine réidh..d’ardaigh mé mo chupán ach mo bhrón thugas fé deara go raibh drochchuma ar an tae. “” Damn, tán diabhal bainne géar” aduirt liom féin nuair a bhraitheas rudaí beaga ag snámh ar dhromchla an tae “is dócha gur fhág fear éigin sa tigh seo taobh amuigh ón gcuisneoir é uair éigin inné, tipiciúil…ní féidir leo fiú rud chomh simplí a dhéanamh ná an bainne a chur thar n-ais sa bhfuacht nuair a bhíonn sé breis agus 80 céim sa chistin! bloody hell, tá a fhios acu nach bhfuil mórán níos tábhachtaí sa saol ná braon bainne úir sa mhaidin don cupán tae nó don cupán chaife, go háirithe cupán na máthar” Bhíos cinnte go raibh a fhios acu faoin bhfíric seo mar is minic a chloistear olagón eile maidir le ganntanas na feola báine ”is dócha nach rabhadar sa bhaile go dtí lár na hoíche nó níos déanaí fós, na bowsies, agus bhí orthu cereal a chaith siar roimh dul chun na leapacha…” cloistear é seo nuair nach bhfuil braon bainne, úr nó géar, ann ar chor ar bith sa mhaidin cé go raibh leath galún slán ann agus mé ag dul i mo luí…
…Bhíos ar tí é a chaith sa doirteal díreach nuair a bhraitheas rud éigin eile, boladh deas úr... ciotras? ….D’fhéach mé ar an gcuntar agus chonaic go raibh sú na seadóige agam ansin in ionad an bhainne!! (Tá na cartáin beagnach mar an gcéanna …. tá cosúlacht eatarthu nach bhfuil? .. os comhair duine bocht? fós ina codlatán ag breacadh an lae? ag fulaingt ó easpa caffeine ach go háirithe... )
Bhlaiseas an tae. Hmm…go deas. Blaiseadh eile. Slog! Bheadh sé seo an-deas abair tráthnóna te, le roinnt torthaí, sú talún b’fhéidir, a cheapas liom féin. An bhfuil blais úr aimsithe agam? Tae Seadóige? An mbeidh gnó nua agam amach anseo? Ainm branda Hilary’s Own mar shampla…nó .....
Rud amháin eile: Bhí na fir óga soineanta ….an uair seo.