Ní fheadar in Éirinn  cad atá ar siúl sa Bheilg! Tá sé ráite anois go bhfuilid gan rialtas ar  feadh breis agus 250 lá. Deirtear go bhfuil dhá phríomhchultúr ann agus  go léirítear na cultúir is mó seo  trí teangacha na ndaoine, an Pléimeannais a labhraítear sa tuaisceart  agus an Fhraincis a labhraítear sa deisceart, ach cloistear an  Ghearmáinis chomh maith san oirthear agus is dócha go bhfuil teanga nó  dhó eile le cloisteáil sa tír seo chomh maith. Tá suim ag lucht an  tuaiscirt a bheith saor ó chúram an deiscirt de réir dealramh. B'fhearr  leo neamhspleáchas agus a gcultúr féin a chothú sa tuaisceart, agus ar  ndóigh tá an tuaisceart i bhfad níos saibhre.....b'fhéidir go bhfuilid  tuirseach costasaí an deiscirt a íoc?... agus de dheasca sin tá scartha  uathu! (nach bfhuil an Ghearmáin tuirse ó chostasaí Eirinn a íoc...)  Agus tagann ceist na féiniúlachta aníos, sa naoú aois déag ba é an  náisiúnachas a tháinig i réim, ach tá a ré thart sílim- ní chloistear  mórán faoi náisiúnachas níos mó, féiniúlacht atá i réim. Leigh mé sa NY  Times inniu go bhfuil Hans-Peter Fredrich (Interior minister úr sa  Ghearmáin ) tar éis a rá nach bhfuil cónaí ceart ag Islam sa Ghearmáin os  rud é nach bhfuil bunadh Gearmánaigh ann...... agus tá trioblóidí nach  beag ar siúl sa bhFraince maidir leis an Maison de l'Histoire.  Bhíodh  náisiúnachas níos fusa a thuiscint ná an fhéiniúlacht, baineann  féiniúlacht an lá atá inniu ann le mothúcháin theibí atá níos doimhne i  slite agus níos éadoimhne i slite eile. Is féidir féiniúlacht a  thabhairt chun cinn, is féidir í a athrú....ach ní dóigh liom go  maireann cúrsaí pholaitíochta, cúrsaí staire agus cúrsaí féiniúlachta  óna chéile, tá siad go léir measctha suas agus ní féidir líne a chur  eatarthu, tá dlúthbhaint, spleáchas agus saghas spleáchríche ann chomh  maith, agus ní bheidh deireadh leis an scéal go deo na ndeor.
Wednesday, March 09, 2011
An Bheilg, Féiniúlachtaí gan Náisiúnachas

Subscribe to:
Comments (Atom)