Tuesday, December 31, 2013

Tús Nua Gach Deireadh


Bliain eile ag imeacht, seans ag gach éinne machnamh a dhéanamh ar gach ar baineadh (nó gach nár baineadh) amach le dhá mhí dhéag anuas - Cad faoi rúin na bliana seo caite? An gcuimhníonn duine ar bith fúthu nó an mbíonn siad imithe leis an ngaoth roimh deireadh mí Feabhra!!  Nósanna an gheimhridh atá iontu siúd, cuireann siad le dóchas na hathbhliana go dtí go dtagann teas na gréine thar n-ais. Bíonn rún nó dhó agamsa gach bliain - agus uaireanta ag tús gach mí  - agus beagnach gach maidin Dé Luan! (Ní rómhinic nach mbíonn liosta an lae agam chomh maith! )
An éirim gach rud a dhéanamh? Braitheann sé uaireanta ar an tábhacht choibhneasta idir eadraibh, agus má theipim - nach mbíonn lá eile ag an bPaorach i gcónaí? Fiú mar Lá an Luain a bhíonn i gceist.

Áthbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh.

Monday, October 14, 2013

Ag Toraíocht



Údar

Is é a dúirt an t-údar seo
Ná scríobhfadh focal go
mBeadh Gaeilge ar a thoil aige.

Do chaith sé a óige mhoch,
Is meán a aoise mach,
Is deireadh a laethanta,
Ag tóraíocht Gaolainne.

Ansan fuair bás de gheit,
Díreach is í aige.



Séan Ó Ríordáin
Tar Éis mo Bháis (1978)

agus a shaothar go léir, Eireaball Spideoige (1952) Brosna (1964) agus Tar éis mo Bháis (1978) le chéile i mbailiúchán le réamhrá iontach ó Shéan Ó Coileáin.  Na Dánta (2011)  (Kindle ar Amazon)

Foilsithe ag Cló Iar Chonnacht, Indreabhán, Co na Gaillimhe. Éire. www.cic.ie




Wednesday, September 11, 2013

Na Rúisigh mar Shlánaitheoirí ?

Cinnte tá an t-uachtarán idir dhá thine Bhealtaine - is trua a rá, ach is cosúil go bhfuil an locht go hiomlán ar féin agus ar a chomhairleoirí. Tá cuma ar an scéal anois go bhfuil fórsaí ag súgradh leis agus ag baint úsáid as saolta ghnáthphobail Siria mar chipíní phócair sa chluiche tragóideach seo.

Fuair sé an Nobel Peace Prize agus seo anois é ar tí tús a chur le cogadh úr? Tá a Approval Rating  tar éis titim ó 49% go 33% de dheasca cúrsaí iasachta (seo le feiscint ar suíomh Pew Research) Ceapann 70% sa tír seo nach bhfuil cinneadh maith le déanamh os rud é go bhfuil cúrsaí pholaitíochta chomh casta sa Mheán Oirthear agus, in ainneoin aon cuspóir uasal a bheadh aige gur minic a dhéanann cinntí Mheiriceá (i dtíortha iasachta, go háirithe sa Mheán Oirthear) níos mó damáiste ná maitheas sa deireadh thiar thall.

Má théann sé ar aghaidh le plean na seachtaine seo chaite íocfaidh sé go mór as anseo sa SAM, muna dtéann sé ar aghaidh íocfaidh sé go mór as sa Mheán Oirthear, go háirithe san Iosrael (agus cad faoi na comhlachtaí uile sa tír seo a dhéanann gléasanna troda! ag iarraidh teacht ar margadh nua?)
Cé leis na lámha atá ag tarraingt na sreangán faoi láthair? Nach trua an scéal dó? An iad na Rúisigh a bheidh ina shlánaitheoir sa deireadh agus an fócas a bhaint de?

Níl ann ach dhá thuairim, taobh thiar nó in aghaidh beart a dhéanamh sa Mheán Oirthear. Tá sé soiléir go bhfuil lucht Mheiriceá i gcoinne tús a chur le cogadh eile ansin nó in áit ar bith eile. Tá an Mheán Oirthear ródheacair a thuiscint, bíonn trioblóidí ar siúl ansin i gcónaí, cén maitheas do Mheiriceá dul isteach ann chun iarracht a bhaint as trioblóidí dothuigthe a réiteach?

Is deacair é an ábhar seo a sheachaint i gnáthchaint faoi láthair, níl aithne agamsa ar duine ar bith atá thaobh thiar air strikes a chur chuig Siria, ní hé sin le rá go bhfuil gach éinne in aghaidh rud éigin a dhéanamh chun stop a chur ar rialtas Bashar al-Assad agus an drochchóras ata ar siúl aige. Ach cad in Éireann gur féidir le Meiriceá a dhéanamh gan níos mó trioblóid a thosnú?  Tá an United Nations ann (agus nach bhfuil Cúirt an Hague ann) an féidir leo a ladhracha agus a lámha a chur isteach? An bhfuil siad rómhall?  An féidir cabhair a thabhairt do na dídeanaithe?
Fadhb eile ná níl an tuairim amuigh go bhfuil na reibiliúnaigh féin rómhaith, ní lucht aontaithe iadsan agus bíonn daoine amhrasach fúthu chomh maith.

Ní leor sin,  tá lucht Mheiriceá bréan ó féachaint ar saighdeoirí óga ag imeacht chuig tíortha iasachta agus ansin ag teacht abhaile gortaithe go dona, nó níos measa - i leapacha caola a mbásanna.  (gan tracht ar costas mhíleata i gcónaí ag fás, fad is abhíonn daoine bochta i ngach cúinne den tír seo ag iarraidh maireachtáil ar pinginí agus cabhair ón stát.)

Tháinig figiúirí amach thar an deireadh seachtaine seo chaite,  (Pew Research) agus deirtear ansin go bhfuil 63% in aghaidh air strikes. (seachtain ó shin do bhí 48% ina aghaidh) Ceapann 75% anois go mbeidh cúrsaí níos measa má théann rialtas Mheiriceá ar aghaidh le gníomh mar seo.

Cinnte is droch rud é ionsaí ceimic ach nach droch rud é aon uirlisí ionsaithe? Tá sé dochreidte amach is amach a rá go bhfuil traditional weapons ceart go leor ach nach bhfuil cothrom na féinne in ionsaí cheimic? Ní thuigim raiméis mar seo --- Má úsáideann Bashar al- Assad aon gléas troda chun lucht a tíre féinig a mharú nach drochghníom é sin??  ní fheadar cén fáth go bhfuil an bhéim ar ionsaithe ceimiceacha amháin nuair a bhíonn sé ag cur brú ar gnáth daoine a tíre i slite difriúla ó tús na bliana dhá mhíle anuas agus tá sé ráite chomh maith go bhfuil breis agus céad míle míle curtha chun bháis aige i slite difriúla - is gealt nimhe é gan dabht.

Smaoineamh eile ná nach gcreideann an chuid is mó anseo go bhfuil Meiriceá féin i mbaol ón ngealt seo, ní bhíonn sé ag bagairt go díreach ar an tír seo, mar sin tuige go mbeadh ar Mheiriceá an trioblóid seo a réiteach. Níl cuspóir an gnímh seo le feiscint, má tá cad é? Deireadh le rialtas Al Assad b'fhéidir? Agus cad ansin? An mbeidh na reibiliúnaigh ag teacht i réim ina dhiaidh? An féidir a bheith muiníneach astú?  An mbeidh siadsan trioblóideach amach anseo?  An bhfuil cuid acu siúd fríth Mheiriceá?  An mbeidh ar Mheiriceá fanacht sa tír sin agus tús a chur le rialtas eile? Agus mar tharlaíonn é sin cén Exit Strategy a bheith ag Meiriceá ann?
Osclaíonn é seo bosca Pandora eile sa Mheán Oirthear. 



Thursday, April 18, 2013

An Teanga Lasmuigh (den seomra ranga)



Bhí an Dr. Conchúr Ó Giollagáin anseo i NYC le déanaí agus thug sé léacht i nGaeilge oíche amháin buí le Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh i CUNY, le tacaíocht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht, ón gCrannchur Náisiúnta agus ón gCoimisiún Fulbright. Ba é teideal a léachta ná "An Dóchas agus an Dúshlán i bhféiniúlacht teanga na hÉireann: Claochluithe cultúrtha sa ré iarchoilíneach?" Teideal fada go leor agus ábhar casta leis, a cheapas nuair a léigh mé é. Is é an cuspóir atá aige ina chuid taighde le fada anuas ná féachaint ar na hathruithe a tháinig ar aidhmeanna na hathbheochana ó thús athnuachan na Gaeilge. An oíche seo bhí sé ag iarraidh na hathruithe sin a mhíniú dúinn le cabhair ó fhíricí a bhí bailithe aige go háirithe sna Gaeltachtaí mar aon leis a thuairimí féin maidir le cinniúint na nGael. Tagann ceisteanna aníos dar leis, an ceann is mó is dócha ná an mbaineann réalaíoch le dearcaí oifigiúla sa stát ar ard aidhmeanna teangan? (Ar bhain riamh?) agus cad iad na hathruithe atá le feiscint sa mheon oifigiúla ar an teanga.  Cad é ról na nGaeltachtaí mar fhoinsí an teanga fad is atá daonra na tíre ag bogadh gan stad chuig na cathracha móra agus thar lear?

Athraíonn gach uile rud le himeacht ama, teangacha san áireamh.  Ba i gcroí gluaiseacht an neamhspleáchais a bhí an teanga Gaeilge i ré mhór idéalaíoch ag deireadh an naoú haois déag. Bhí sí fite fuaite san idé-eolaíocht agus fealsúnacht na gluaiseachta. Ach in ainneoin súilíocht agus dóchas in aon ábhar ar domhan tagann réalaíoch san áireamh i gcónaí - de ghnáth i bhfoirm cúrsaí eacnamaíochta - agus fágtar an cheist arís i lámha na ndíograiseoirí fad is atá an domhan mór ag plé le cúrsaí maireachtála. An cuma teanga mura bhfuil bia ar an mbord os chomhair pháistí na tíre? Dá mbeifeá in ann teacht ar slite maireachtála agus an Ghaeilge an príomh teanga in úsáid iontu bheadh fíor athbheochan ar siúl, go dtí sin beidh an teanga mar chaitheamh aimsire ag an gcuid is mó dá cainteoirí, agus is dócha í ag éirí níos laige ó ghlúin go glúin. In ainneoin gach a bhfuil déanta ar son na cúise bíonn an cuid is mó poist fós le fáil ag teagasc sna scoileanna éagsúla, bíonn an chuid is mó foilsitheoireachta bunaithe ar éileamh leabhar scoile.
Cinnte bíonn poist sna meán cumarsáide ach ní leor sin ar chor ar bith - ar ndóigh bíonn poist sa státseirbhís mar is eol dúinn, ach cá bhfuil na poist don dream óg atá ag baint a gcéimeanna amach sa Ghaeilge le deich mbliana anuas? Téann cuid acu ar scoláireachtaí Fulbright ar feadh bliana má éiríonn leo ceann a fháil, faigheann cuid acu poist mar aistritheoirí agus is dócha go dtéann an chuid atá fágtha le teagasc más féidir leo. Sin mar a bhí, sin mar atá, agus amach anseo? Cá bhfios.

Rud amháin atá fíor, níl mórán poist do dhaoine óga in Éirinn faoi láthair seachas in innealtóireacht, tá easpa innealtóirí ann  - ní dóigh liom go bhfuil aon chosc ar innealtóirí an Ghaeilge a labhairt más maith leo.

Friday, February 22, 2013

Lean an t-Airgead


Cuireann an scannal bia is déanaí déistin orm, ach bíonn sé greannmhar chomh maith ar slite, féachaint ar na fógraí grinn ar Facebook agus Twitter srl ach i ndáiríre níl i gceist anseo ach sampla eile don saint a dtagann aníos arís is arís eile sa saol atá inniu ann - b'fhéidir go bhfuil samplaí le feiscint i gcúrsaí an tsaoil ón tús báire! 
Ní fheadar.

Má bhíonn seans teacht ar saibhreas in aon slí agus brabús breise a bhailiú, isteach sa seans le gach éinne de réir dealramh. Is cosúil go bhfuil saint chun airgid nádúrtha anois gan fiú catsúil a thabhairt ar thorthaí na sainte céanna. Lean an t-airgead agus gheofar an fhírinne. 
Is cuimhin liom laethanta "The Beef Tribunal"

Wednesday, January 02, 2013

Ar Aghaidh Linn



Is iontach an áit í cathair Nua Eabhrac roimh na Nollaig, tosaíonn an t-am ag rith! Bíonn aoibh mhaith ar gach aoinne agus fuadar fúthu, ag siopadóireacht nó ag spaisteoireacht timpill, ag iarraidh gach rud a bheith in ord agus in eagar roimh an lá mór agus is minic faraor nach mbíonn (mar is eol do chách,) agus is cuma. Ach an rud is ansa domsa aimsir na Nollag anois is arís ná éalú agus tréimhse bhreá a chaitheamh i dtuaisceart an stat i gceantar darb ainm The Adirondack Mountains. Samhlaigh ar áit iargúlta seo sa bhforaois, sléibhte arda maorga le feiscint i ngach treo, brait bhoga sneachta ar gach uile rud. Aibhneacha agus locha reoite! Laethanta geala grianmhar, spéartha glana gorma, cótaí, hataí, lámhainní, siúlóidí, sciáil, scátáil, sróna dearga, seacláid te, uisce beatha te, fir sneachta ag damhsa fiú! Ciúnas.
Bíonn Lá Nollag féin ciúin de ghnáth don chuid is mó againn (agus in Éirinn bíonn Lá le Stiofán beagnach mar a chéanna) agus ansin tosaíonn an fuinneamh ag méadú arís agus sinn ag bogadh ar aghaidh chuig Oíche Chinn Bliana agus Lá Coille agus ar ndóigh dea rúin úra. Bhí an ráithe dheireanach i 2012 crua anseo sa cheantar Tri-State agus ní mór dúinn a bheith dearfach agus sinn ag féachaint as seo amach.  Cad ba cheart a dhéanamh? Cad ba cheart a athrú? Cad ba cheart a sheachaint? An féidir saol níos simplí a chothú? An féidir an bhéim a chur ar na codanna is tábhachtaí inár saolta nó am a chaitheamh teacht orthu? Nó an ndéantar rúin níos mó? An nós seanfhaiseanta é sin?

Ba mhinic a ghlantaí amach cófraí ag an am seo chomh maith, bíonn an iomarca de rud iontu nach bhfuil uainn ar chor ar bith agus sinn ag bailiú tríd an bhliain, amach leis an seanstuif sin fiú mura bhfuil sé róshean, seans go mbeadh sé úsáideach go dhuine eile nach bhfuil mórán acu agus bíonn spás níos foilmhe níos fearr. Is maith an smaoineamh an intinn a ghlanadh amach chomh maith agus an ruaigh a chur ar smaointe a dhónn na gearba. Tá sé ráite gur ghlanadh na Gael a ngearáin agus a n-argóintí amach, (nó ar a laghad nár chuireadar cúiseanna gearán in iúl,) fad is a bhíodh aonach ar siúl fadó fadó, fágadh sé spás dóibh teacht ar réiteach b'fhéidir? Fágann spásanna glanta saghas fuinnimh chiúin i dteach, seans go cothaíonn intinn dearfach an saghas fuinnimh chiúin atá uainn agus sinn ag bogadh ar aghaidh chuig 2013.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise duit.