Is mó a chloistear le déanaí faoi deireadh náisiúnachais, gur bhain an
coincheap sin leis an naoú haois déag ar an gcéad dul síos, go nóisean
seanfhaiseanta é, agus níos tábhachtaí fós ná go gcothaíonn sé easaontas
agus achrann idir pobail. Táimid thar náisiúnachas is cosúil.
Ní
bhaineann féiniúlacht le náisiúnachas níos mó ach an oiread, ach le
cultúr amháin. Téann féiniúlacht agus cultúr le chéile agus ba cheart
náisiúnachais a fhágáil taobh amuigh. Tá tírghrá ceart go leor áfach -
chomh fada nach bhfuil puinn náisiúnachais ann!!
Ní fheadar a dtagann
náisiúnachas as neamhionannas agus leithcheala nó as a mhalairt; ach
cinnte téarma atá ann a cheanglaíonn daoine le chéile in áit áirithe nó
ar son áite áirithe, téarma a chothaíonn mothúcháin láidre agus
doimhneacha.
Bíonn féiniúlacht agus cultúr bunaithe ar an saol a roinnt
in áit áirithe nó ar ndóigh ar an saol a roinnt le daoine áirithe;
meonta atá iontu a cheanglaíonn dreamanna le chéile. An é go bhfuil an
focal "Náisiúnachas" in-ghlactha anois mar fhréamh ar chúrsaí
agus gluaiseachtaí pholaitíochta, agus go nglactar le córas cónaidhmeachta nó
feidearálachas mar chóras comhaimseartha? An leanfaidh náisiúnachas faoi
thalamh mar sin - ní imíonn mothúcháin faoi thalamh fiú muna bhfuil focal ceart ann
iad a chur in iúl, fíric atá le feiscint timpeall na cruinne.