Monday, February 27, 2006

Fos beo!

Táim ar ais. Bhí mé ar turas deich lá. Ar dtús chaitheas an deireadh seachtaine seo chaite in Esopus NY. Deireadh seachtaine na Gaeilge a bhí i gceist. Bhí deichniúr againn ag múineadh agus timpeall céad daoine ann ag foghlaim na teanga. Níos mó ar ball faoi sin. Bíonn sé i gcónaí go breá a bheith páirteach.

Ansin chaitheas seachtain i dtuaisceart an stáit ag sciáil. Seachtain bhreá a bhí againn ó thaobh an sneachta de, ach bhí timpistí ar an sliabh an tréimhse seo. Fuair aon fear amháin bás Dé Luain, trócaire Dé air. Chuaigh sé as smacht ar fána ghéar go luath ar maidin, bhí an taithí aige le sciáil ach fós féin ní raibh seans aige ar an bhfána sin, fuair sé bás ar an sliabh............ Le sin bhí ceathrar gortaithe go dona i dtimpistí éagsúla. Bhí ar duine amhain acu dul chuig an ospidéal i helicopter. Baineadh na timpistí sin geit asainn uile a bhí ann, is minic a bhíonn baol ann i ngan fhios duit, duine eile as smacht a bhuaileann fút.

Anois ar ais agus cairn mór oibre os mo chomhair inniu.

Thursday, February 16, 2006

Blog Awards!

Fuaireas an t-eolas go bhfuil an blog seo ar an liosta faoi: Best Use of Irish in a Blog. Mar sin a chairde, téigh chuig an suíomh agus caith bhúr vótaí…..inniu!!!

Wednesday, February 15, 2006

Saol An Mhadaigh Bháin ag Púca agus Banba

D’oscail mé tarraiceán na cistine ar maidin agus mise fós i mo chodlatán agus cé a bhí ann ach luch bheag ag rith timpill idir na sceana agus na foirc. Baineann lucha geit asam i gcónaí. Is fuath liom iad. Ligeas scread asam agus d’imigh sé go tapaigh áit éigin idir an tarraiceán agus an falla agus mise fágtha scriosta, mo chroí ag bualadh go trom. Lag….. Bíonn Paraic as baile i gcónaí nuair a tharlaíonn crisis! (Bhíos níos fearr cúpla seachtain ó shin gan aibhléis.) Ach níor tháinig líonrith amach is amach orm. Tar éis nóiméid nó dhó bhíos ceart go leor ach orm an tarraiceán a glanadh amach. Cén fáth go mbíonn lucha chomh neirbhíseach sin ag fágáil chaca gach áit ina ndiaidh? Agus ceist eile, cén fáth nach raibh Púca agus Banba ag obair sinn a choimeád saor ón mionainmhithe mar iad siúd? 'Sea, tá saol an Mhadaidh Bháin ag an mbeirt sin. Tá orm gaiste a chur anocht le súil nach dtéann na cait ró gar do………..

Thursday, February 09, 2006

Dídean don Scoil Chois Claí.

Chuireas amach APB cúpla seachtain ó shin anseo i Westchester NY agus áthas orm a rá go bhfuil dídean agam anois dár scoil nua, An Scoil Chois Claí. Fuaireas cuireadh ó The Kerry Association i Yonkers NY teacht agus an chéad téarma a bhunú in a bhfoirgneamh álainn nua deisithe. Táimid lán sásta le seo agus beimid ag leanúint lenár ranganna ansin ar an 28ú Mí Feabhra. Leanfaidh an chéad téarma seo ocht seachtaine. Ta súil agam go n-oibríodh sé amach ansin agus go mbeidh téarma eile againn ann. Anois tá orm teacht ar ionad oiriúnach do Lá na Gaeilge NY 2006, de gnáth tagann breis agus 70 ag ceiliúradh an teanga le ranganna, léacht, ceardlanna agus seisiún. ABP eile. Seomra mór amháin agus cúig nó sé seomra ranga..in ionad éigin i lár Westchester, sin an méid.

Wednesday, February 08, 2006

Ag Déanamh Faillí ina nDualgais.

Fuair buachaill beag eile, ceithre bliana d’aois, bás le déanaí in NYC ó drochíde. Ba iad a mháthair agus a fear a bhí ciontach, go mór mhór an fear seo, ocht mbliana déag d’aois agus brúidiúil..... níorbh é athair an paiste é…....agus níor dhein an máthair aon rud a mac a shábháil óna bhualtí uafásacha arís is arís eile. Ní raibh seans ag an mbuachaill seo ón dtús. Ní chreidfeá na gortuithe.

Bhí sochraid an pháiste inné, léigh mé trácht ar sa NYTimes. Bhí breis agus nócha daoine ann agus agallaimh le cuid acu ar an bpáipéar. Bhíodar go léir scriosta agus ag caint faoin buachaill beag seo agus an spiorad a bhí ann agus araile, ach cá rabhadar nuair a bhí sé ag fulaingt?


Monday, February 06, 2006

Ceol, Stair, Craic.

Oíche Aoine i nGlucksman’s House NYU. Bhí an ceolchoim ana mhaith ar fad agus lucht éisteachta mór, bhí an teach lán chun dorais! ní raibh suíochán fágtha nuair a shroicheamar. Cé go bhfuil cuma tromchúiseach agus stuama orthu sa phictiúr seo, mar a bhíonn ar ceoltóirí cheoil gaelach i gcónaí, bhí an ceol beoga agus iontach mar is gnách ón dream seo. Sa lár Gearóid Ó hAllmhuráin agus Patrick Orceau, ar chlaí Ivan Goff agus ar dheis Myron Bretholz.

Bíonn cur síos stairiúil ag Gearóid roimh gach píosa cheoil, nó ar a laghad thugann sé píosa faoi cúlra an údair dá lucht éisteachta. Cuireann sé seo buntomhas ana thábhachtach ar an gceol agus ar ndóigh ar an gceolchoirm uile. Ba mhinic a bhí an sean cheol agus an stair fite fuaite le cheile, seans na ceoltóirí a bhuíochas, a bhrón agus araile a chur in iúl. Ba mhinic leis a bhí na mothúcháin ceangailte le cúrsaí staire nó cúrsaí sóisialta (iad féin bunaithe sa stair). Tá sé seo le feiceáil chomh maith i stair litríocht na hÉireann, tháinig cas ar an litríocht le cásanna polaitíochta. Níl se sin le rá nach raibh greann, dóchas agus craic ann, ‘s iad sin na comhábhair a gcuireann an snas Éireannaigh ar an gcultúr.

Friday, February 03, 2006

Oícheanta breátha na gceolta.

Bhí seisiún breá cheoil againn oíche Chéadaoin sa phub Dunne’s i White Plains. Bhí deichniúr ag seinm agus dream mór sa lucht éisteachta, seachtar againn ina measc le Gaeilge. Tháinig triúr a mbíonn ag freastal ar ranganna anseo i NY agus rinneadar an jab an teanga a labhairt an oíche iomlán. Anocht beidh mé ag dul chuig ceolchoirm i Glucksman’s House NYU i ndeisceart Manhattan, beidh Gearóid O hAllmhuráin ó ann ag seinm ar a consairtín. Bhuaileas leis anuraidh den chéad uair ag Lá na Gaeilge i Petersham. Mass.

Thursday, February 02, 2006

Shane McGowan?

Scríobh mé go magúil lá ó shin faoin dúil nach beag a bhíonn orm le déanaí ar Caife Mocha, dúil soineanta go leor. Ansin inné bhí mé ag léamh sliocht gearr faoi Pete Doherty, sin an ceoltóir “mór le rá” sa bhána cheoil Babyshambles. Is cosúil go bhfuil sé níos cáiliúla faoi láthair óna gheáitsí de dheasca drugaí….ná óna chuid cheoil. Ach bíonn duine nó beirt mar sin i gcónaí sa domhan roc cheoil, ar an imeall mar a déarfá, ach fós féin le lucht leanúnaí a mhaitheann gach peaca agus a bhaineann an taitneamh as a shaothar in ainneoin a chóras iompair, nó b’fhéidir de bharr sin? Bhí mé ag tiomaint áit éigin agus tharla go raibh CD The Pogues sa charr liom, d’éist mé arís ar Rainy Night in Soho agus chuir sé sin mé ag smaoineamh ar an udar. Is amhrán ghrá álainn é ó pheann Shane McGowan, ach cad a tharla dó? Cé go gcloisim go rialta ar a chuid cheoil níor smaoinigh mé air le fada anuas, bhí sé fiáin amach is amach agus é i mbarr a réim. Fear éirimiúil seachmallach a bhí ann le féith na filíochta ina chuid scríbhneoireachta. Cheapaim go raibh sé ar bhruach aille go minic……….. An bhfuil sé fós beo? An bhfuil a fhios ag éinne cad a tharla dó?

Tuesday, January 31, 2006

Claon chun caife mocha

Táim ag éirí i m’andúileach. An tréith phearsantacht í seo? Le déanaí is Caifé Mocha a bhíonn uaim i gcónaí. Ní duáilce ró dhona í seo is dócha, níos fearr ná Gin……... Tá an blas chomh iontach, caife agus seacláid le cheile, nach bhfuilim in ann dul ró fhada gan ceann. Is féidir anois teacht orthu sna Starbucks agus a leithéid de siopaí ach is aoibhinn liom iad “cruthú” dom féin, le bainne, uachtar, caife an-láidir, seacláid nó cocoa agus siúcra. Ansin má bhíonn an aimsir go dona níl rud ar bith chomh iontach ná an deoch seo agus braon (nó dhó) Baileys measctha leis. Imíonn smaointí truamhéalacha ar an toirt.

Bhí díomá ar cara agam nach raibh mé in ann The Magic Mountain a críochnú. Bhuel, a Shéamais, nár inis tú dom gur ar an ollscoil agus ort an "tome" seo a léamh? Ach dá mbeadh an rogha agat ag an am sin b’fhéidir go mbeifeá ag léamh úrscéal rúndiamhaire! Is maith liom an aicme léitheoireachta seo ó am go ham. Éistim go rialta ar leabhar ar téip agus sinn ar turas fada sa charr. Bíonn na scéalta rúndiamhaire nó political thrillers ana mhaith sa suíomh seo. Scéalta Elizabeth George, Tom Clancy, Patricia Cornwell agus araile agus is féidir teacht ar na téipeanna sa leabharlann. An uair deireanach ní raibh an téip críochnaithe agus mar sin fuair mé an leabhar ón leabharlann, bhaineas taitneamh as agus ansin fuair mé “A Traitor to Memory” le Elizabeth George. Tá sé ana mhaith, casta agus suimiúil.
Hmm…caife mocha agus leabhar suimiúil, ní bhíonn mórán ag teastáil uaim lá fuar ag deireadh Mí Eanáir.

Oíche amárach beidh dream againn ag teacht le cheile sa phub i White Plains NY. Oíche bhreá cheoil agus comhrá atá i ndán dúinn. Club na Chéad Chéadaoin atá i gceist. Tá fáilte roimh gach duine teacht ar an gcéad Céadaoin i ngach mí. Is amárach an Chéad lá de mhí Feabhra, ‘sé sin Féile Bhridhid in Éirinn, tús an Earraigh, in Éirinn ach go hairithe, tá orainn anso sna SAM a bheith foighneach tamall eile.
…"Anois teacht an Earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh!
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol "........(Golly, tá sé fós agam, is cuimhin liom Sr Miriam i gCnoc na Labhras mar fórsa tiomána orainn an dán sin a bheith de glan mheabhair againn agus sinn dhá bhliain déag d'aois)

Thursday, January 26, 2006

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” says WHO?

“Let’s face it, the battle to save the language is lost” Sin ainm sliocht a scríobh Robin Bury (whoisee?) san Irish Times ar an 21ú Eanáir. Cén fáth go bhfuil daoine mar é fós ag scríobh an raiméis seo?……..ós rud é nach bhfuil a teanga féin aige tá sé ag iarraidh í a choimeád faoi bhrú lena a thuairim: nach bhfuil sé ceart an teanga a bheith mar ábhar scoile éigeantacha. Táim a cheapadh go bhfuil náire de shaghas éigin air mar níl an teanga aige, ag súil gurb é sin cúis an t-alt seo. Ansin d’fhéach mé ar a shuíomh ghréasáin! Ní amháin nach bhfuil meas madra aige don teanga ach ba mhaith leis an tír a bheith páirteach sa Commonwealth! Cá bhfuil tú i do chónaí a Robin? Tú féin agus Ruth Dudley Edwards…. Bhuel, is féidir aon tuairim a bheith agat, dar liom, ach is fíor chomh maith go mbíonn na haineolaithe, iad siúd a mbraitheann bagairt ó áit áirithe, in aghaidh cúise na mbagairtí. Ní bhraitheann an dream seo go fíor Éireannaigh iad. Níl siad compordach sa chultúr Éireannach, mar níl siad compordach ina gcraiceann féin. Ní thuigeann siad, is dócha, cad é cultúr, mar sin bíonn siad ag iarraidh é a ionsaí i gcónaí.
Ní féidir leo é a fhágáil…….

Bhí ionadh orm ar maidin a fháil amach go bhfuair Hamas an bua sa toghchán. Cheapas, mise agus an domhan mór (Hamas ina measc!) a bhíonn ag féachaint ar chúrsaí ar an talamh naofa sin, go mbeadh Fatah ar ais le srianta an rialtais ina lámha acu.

Le sin tá díomá nach beag ar chairde agam i gCeanada le toradh a dtoghchán. Tá na Coimeádaigh tar éis teacht i réim thuas ansin tá cúpla lá ó shin. Tá eagla ar mo chairde, ní nach ionadh is dócha, go mbeadh an tír sin i bpóca Páirtí na gCoimeádach anseo i SAM. Ach ní cheapaim go dtarlódh é sin, níl tromlach ró mhór acu agus beidh orthu gach taobh a choimeád san áireamh an t-am ar fad.

Monday, January 23, 2006

Gan aibhléis ar feadh ceithre lá

Creid nó ná creid bhíos gan aibhléis anseo ó luath maidin Chéadaoin seo chaite go dtí tráthnóna inné.
Tháinig an stoirm sin aniar aduaidh orainn agus cé go raibh mé thíos i Yonkers NY oíche Mháirt sin ní raibh aon leid agam go raibh sé ag teacht. Bhíos ar ais abhaile timpeall mean oíche ach dhúisigh agus chuala mé torann na stoirme i rith na hoíche. Fearthainn trom agus screadaí na gaoithe.
Leagadh crainn gach áit sa cheantar seo agus ar ndóigh, mar is gnách, d’imigh an aibhléis uainn……tarlaíonn sé seo go minic mar is i lár na coille atámid inár gcónaí.
Is féidir linn leanúint gan an iomarca stró gan aibhléis áfach, i gcomparáid le cuid dár comharsana. Bíonn sorn lasta le adhmad agam gach lá ach go háirithe, agus, tá gais agam sa chistin, ach ní bhíonn aon uisce againn nuair nach bhfuil aibhléis againn agus is pian é sin. Fuaireas buidéil uisce agus oighear tirim gach lá don chuisneoir agus an freezer agus bhíomar ceart go leor. Tá an-taithí againn ag campáil agus mar sin níor thit an tóin as an tsaoil…..chuaigh chun leapa go luath gach oíche.......Ach bhí daoine áirithe eile curtha isteach go mór as an tréimhse ceithre nó cuig lá seo. Rith cuid acu chuig óstlanna, cheannaigh dhá teaghlach Power generators. Fuair teaghlach eile ceann ar chíos. (Ach ansin muna fhaigheann tú ceann mór bíonn ort iad a líon gach trí uair le petrel…agus an fhuaim uathu!....duirt duine amhain dom go raibh sí traochta tar éis a bheith ag freastal ar an generator i rith na hoícheannta uile agus nach raibh codladh ceart aici..)
Ach, bhí sé go deas nuair a tháinig an aibhléis ar ais ar siúl arís.

Tuesday, January 17, 2006

Léithóireacht a oireann an Léitheóir.

Bhí ceist agam cúpla lá ó shin faoin leabhar In Inmhe agus na deacrachtaí a bhí ag foghlaimeoir agus í ag iarraidh an scéal seo a léamh. Bhí eagla orm nach raibh sí in ann taitneamh a bhaint as an leabhair. 'S é an freagra ná "Braitheann sé" is docha.
Is cleachtadh ana mhaith é léitheóireacht de gnáth.
Seo nóta a bhfuair mé le déanaí ó David á rá :

Bhí mé ag léamh ar do blog faoi deacrachtaí do cara agus

í ag baint triall as léamh leabhair as gaeilge. Cleas a bhí

cuí go leor domsa agus mé ag athfoghlaimt an teangan,

blianta ó tráth na scoile, ná cóip amháin as gaeilge, agus

cóip eile as béarla (nó teangan éigin eile is docha), a bheith

os mó chomhair agam. Tá sé níos éasca go leor na

focail a aimsiú sa cóip as béarla, ná an síor-scagadh sa

bhfoclóir. B'é Dracula, le Bram Stoker a d'úsaid mise ag

an am. Ceapaim go bhfuil sé níos éasca taitneamh a bhaint

as an scéal sa slí sin.

Tá roinnt mhaith leabhar le fáil anois atá oiriúnach don duine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge don chéad uair, ná b'fhéidir ag teacht ar ais chuici. Ní bhíonn na scéalta páistiúil ar chor ar bith agus bíonn foclóir ann a oireann duine fásta. Ní bhíonn aistriúchán ag gach ceann acu ach is minic a bhíonn gluais ann. Chur i gcás: Trasna na dTonnta (Micheál O Ruairc), Rósanna sa Ghairdín (Siobhán Ní Shúilleabháin) Grá Cráite, agus Rún Mná (Máirtín O Corrbuí) An Bhean úd Thall (Cliodhna Cussen) Seo linn go Tóiceo (Iarla Mac Aodha Bhuí), Trioblóid (Colmán O Drisceoil) agus araile.

Monday, January 16, 2006

An Ríomhaire- My Square Headed Spouse?


Bhí deireadh seachtaine agam i dtuaisceart an stáit. Ní raibh Paraic in ann teacht ag an nóiméad deireanach de dheasca brú oibre ach bhíos lán sásta dul le Cara, mo mhadra. Chuamar amach ag siúil agus ghlacas an grianghraf atá thuas, sin an abhainn bheag “The North Creek” agus téann sé thar chúl an tí isteach go dtí an abha mhór The Hudson i lár an bhaile “North Creek”, tugadh ainm an bhaile tar éis ainm na habhann. De gnáth, bainim an-sult as an áit seo, gan teilifís, gan ríomhaire agus a leithéid de rud, ach tháinig uaigneas de shaghas éigin orm tráthnóna Sathairn: gan mo chéile? (nó gan mo “chéile cinn cearnógaigh” b’fhéidir?) Isteach liom chuig an leabharlann bheag i lár North Creek agus ar a laghad bhí mé in ann dul ar líne agus m’ephoist a fháil, nótaí a chur agus tamall a chaitheamh ag léamh bloganna eile.
Phew! Sábháilte!….Ní raibh in ann cur suas leis an turcaí fuar gan mo dhá chéile!

Thursday, January 12, 2006

Scoil Chois Claí

Plean agam Scoil Chois Claí a chur i mbun anseo i Westchester NY. Tá aithne agam ar dhream atá ag iarraidh teacht ar ranganna na Gaeilge. Táimse féin agus mo chara Caoimhe saor ranganna a mhúineadh ar ceithre leibhéil oícheanta Máirteanna, níl orainn ach teacht ar dhíon in áit oiriúnach. Chuireas amach APB inné ag lorg dín.

Fuaireas teachtaireacht inné ó duine den dream atá ag léamh In Inmhe le cheile. Tá an leabhar deacair go leor agus tá sí ag eirí tuirse leis, ag dul isteach sa bhfoclóir gach ré nóiméad agus ag cailliúint gluaiseacht an scéil. Táim idir dhá chomhairle le seo, ag smaoineamh go mbeadh sé níos fearr dí leabhar ar leibhéal níos simplí a léamh ar eagla go gcuirfeadh an ceann seo brú muiníne uirthi. Ach ag an am céanna nach iontach an rud é go bhfuil sí ag obair go dian mar seo?.... Chomh díograiseach sin. Cad a cheapann sibh? An bhfiú é leanúint le leabhar atá ar leibhéal níos airde ná do chuid Gaeilge? An gcabhraíonn sé leat an teanga a fháil?

Nótaí gearra a chuireas chuichi

Tosaíonn an scéal mar chur sios faoi saol an bhuachalla Caoimhín, dílleachta, a bhí ina chónaí lena a “Daideo” a sheanathair, agus a Mhamó, a sheanmháthair, áit éigin in Eirinn i lár an dara cogadh domhanda.
Cé go bhfuil an scéal bunaithe ar an bhfírinne, níl na hainmneacha cearta in úsáid ag an údar.
Alt 1.
Osclaíonn ár scéal agus Caoimhín ag féachaint ar gunna a sheanathar. Leanann an comhrá idir an bheirt acu go bhfuil sé soiléir dúinn go raibh an seanduine páirteach i rud éigin tábhachtach i stair na hÉireann, eachtra b’fhéidir nach bhfuil an fhirinne amuigh faoi. Rudaí beaga: scaití = uaireanta. I leaba rud = in ionad rud, instead of…
Alt 2. L.13
Faighimid an t-eolas go bhfuil cogadh ar siúil trasna na farraige ar an Mór Roinn. Is maith liom “Tá lasair sa bharrach anois” Things are heating up, or, it is getting worse. Is é Aindí Joe cara ár mbuachaill Caoimhín, is le Joe Aindí, athair Aindí Joe, an pub. Faigheann Aindí Joe an nuacht iomlán agus é ag éisteacht ar caint na bhfear sa phub, ansin ar ais go Caoimhín leis. Is cosúil go bhfuil tuairimí difriúla ag daoine áirithe sa bhaile bheag seo maidir leis an gcogadh.
Alt 3. L.18
Faigheann Caoimhín oideachas faoi piseoga na haite óna chara Aindí chomh maith agus níl a Dhaideo chomh sásta le sin. Ní creideann eisean sna piseoga.
Alt 4. L. 20
Anseo tá na buachaillí ag súgradh le cheile agus ceapann siad nó samhlaíonn siad go bhfuil na Gearmánaigh ag teacht ina Stukas. Feiceann siad na heitleáin sa spéir! Tuigeann na paistí nach mbeidís in ann an bhaile a chosaint ar chor ar bith le na sean gunnaí atá acu.


Tuesday, January 10, 2006

Droch íde san oifig

D’éirigh cara agam as a phost roimh na Nollag. Ní raibh sé in ann cur suas leis an méid drochíde a bhí ann, dírithe chuige cuid den ama, agus chaith sé an tuáille isteach, bhí an t-atmaisféar ag cur isteach ar a shláinte. Tuigim go mór an cinneadh sin agus molaim aon duine an rud céanna a dhéanamh más féidir…tá an saol ró ghearr agus osclóidh doras eile os a chomhair gan dabht sul i bhfad. Sin rúnda na hathbhliana eile dom féin, gan am a chaitheamh ag baint le droch daoine, iad siúd atá sotalacha nó amplacha. Is fuath liom na tréithe sin.
Re: Leabhair, táim fós ag léamh In Inmhe agus tá blog ag Cailín anois faoi, féach anseo. Táim ag eirí leisciúil le The Magic Mountain, cé gur 'Classic" é tá sé ró leadránach dom agus is cuma liom faoi na carachtair uile . Cuireann sé chun codlata mé gach uair a thosaím á léamh.

Wednesday, January 04, 2006

Cumhacht

Tar éis scéil na hargóinte idir an Rúis agus Ukraine faoi costas na hola tá sé soiléir arís go bhfuilimid uile faoi ordóg na boic mhóra maidir le cúrsaí ola, aibhléise… foinsí na cumhachta iomlán.
Chuaigh Paraic, mise agus Eimhín chuig an scannán, Syriana oíche Luain agus bhí sé ana mhaith, suimiúil, casta go leor, ach fágadh ag mothú laig sinn! Warner Bros anseo. Beidh orm féachaint air arís na sonraí a thuiscint i gceart, nó b'fheidir an leabhar "See No Evil" le Bob Baer a léamh.
Dáiríre bheadh sé i bhfad níos fearr a bheith neamhspleách ó thaobh cumhacht de…… cuir i gcás an méid wind power sa Spáinn anois…

Anocht arís beidh dream againn ag teacht le cheile i bPub Cheoil Dunnes i White Plains. Clug an Cheád Chéadaoin...

Ag déanamh taighde ar eitiltí chuig socraid Jim.

Tuesday, January 03, 2006

Athbhliain faoi mhaise daoibh.

Ar ais tar éis seachtaine ar saoire i dtuaisceart an stáit. D’imigh an t-am go tapaigh uainn agus bhíomar ar tí na hathbhliana sula raibh seans agam anáil a tharraingt!

Silim go raibh gach duine sásta lena gcuid bronntanais na Nollag. Níor chuala aon gearán ach go h-airithe. Fuaireas féin cairn iontach, ipod nua in measc. Ansin gan moill ar bith bhí orainn tamall a chaitheamh ag smaoineamh ar rúnda na hathbhliana. Bhí drogall ar mo chlann agus a gcairde teacht aníos le aon rud, tá siad go léir chomh foirfe sin cheanna féin is dócha. (I gcónaí bíonn dream déagóra breise linn nuair a táimid ar saoire. Tagann siad ina gcarranna féin ar feadh trí nó ceithre lá, níl orainn mórán a dhéanamh leo ach spás dá málaí codlata a thabhairt dóibh, greim bia agus éisteacht leo!………. bhí ochtar breise againn an uair seo, sin aon déagóir déag sa teach ag an am céanna idir fir agus mná óga……crikey, bhí eagla orm féachaint go géar ar na málaí codlata ar eagla go raibh cuid acu zipped le cheile…….. ) Is é ceann do mo rúnda 2006 féin ná gan a bheith ag gearán faoi cairde mo mhic, is rud deas é go dtagann siad agus go bhfuil siad lán sásta cur suas linne! Coimeádfaidh mé mo thuairimí dom féin…………….

Fuair m’uncail Jim bás inniu. Teip chroí. Luaigh mé é roimh na Nollag, peata a bhí ann. Bhí a fhios agam go raibh an lá seo ag teacht ach i gcónaí tagann sé ró luath. Bhí Nollaig agus an Athbhliain aige ach ansin inné d’imigh a neart uaidh.
Ba dhuine lách, gealgháireach, flaithiúil é. Tá sé sa phictiúr thíos,(san alt a scriobh mé ar an 15ú Mí na Nollag,) ina sheasamh ar an taobh deis. Bheadh a fhios agat óna aghaidh gur eisean an fear grinn, is dócha go ndúirt sé rud éigin amaideach nó deisbhéalach a chur an dream go léir ag gáire. Beidh sé i ndil chuimhne dom í gcónaí ag insint scéalta grinne dá lucht éisteachta.
Codladh síoraí ar a anam dílis.