Tuesday, December 14, 2004

Poitín na Nollag

Ní féidir liom labhairt inniu. Tá mo ghuth imithe uaim, ní fheadar ar imigh sé ar stalc éigin tar éis an mead sin amhránaíochta ag an gcoisir aréir? Bhí slaghdán orm mar a luaigh mé inné agus bhíos gan fuinneamh ach, tharla go raibh mé ceart go leor ag an gcoisir sin. Tháinig neart orm, b’fheidir gur thug an braon phoitín a fuaras ó Seámas Markham athbheo sa chorp agam ach pé rud a rinne an beart, bhí craic agam agus ag gach uile duine a bhí ann sílim. Is docha go raibh breis agus fiche cúig duine páirteach, as na ranganna Gaeilge atá ar siúil againn i Yonkers agus cúpla cáirde chomh maith. Bhí daoine ag gabháil vearsaí, an cuid is mó acu as Gaeilge ar ndóigh, ach bhí Hindi, Spáinis agus Fraincis againn. Nach dream idirnáisiúnta sinn! Mar a duirt mé cheana féin, bhí ana chuid amhránaíochta, agus bhí rince agus cluichí seafóideacha againn leis. Ochón , níl aon poitín agam inniu m’anam a choiméad beo.

No comments: