Wednesday, March 30, 2005

Matalang!

Bhí mé tinn go leor ag an deireadh seachtaine le galar dhuáin, tar éis cúpla lá ag fulaingt mar bhí mé as baile, bhí orm dul chuig Dochtúir gan aithne leigheas a fháil, ní raibh mé in ann fanacht go dtí go raibh mé ar ais abhaile. Tharla go raibh an t-ádh liom agus duine breá a bhí inti. Anois ma tharlaíonn aon drochrud le anthrax ní bheidh mise buartha, tá Cipro agam ar feadh seacht lá! Ach ní h é sin an matalang.....Inné, Dé Máirt agus mise díreach ar ais tar éis cruinniú le mo chuntasóir bhí fadhb agam teacht ar chomhad áirithe ar mo rhíomhaire. Ansin, gan choinne theip mo rhíomhaire agus bhí orm re boot a dhéanamh, ní rud uafásach é sin ach, lean an fhadhb. Ansin chaith mé an mhaidin ag iarraidh an fhadhb seo a réitigh. Ní raibh XP ag obair agus cheaptar gur virus a bhí i mbun na trioblóide. Duirt fear in IBM go mbeidh orm XP a chur isteach arís agus ansin gach clár a chur isteach, go raibh an operating system scriosta, b'fheidir ó Virus éigin...................Cheap mise go mbeadh sé seo fíor pian sa tóin ach, tá an scéal níos measa fós. Ag deireadh thiar thall ba ar an external drive a bhí an locht. Tá an drive seo agam mo chuid oibre a choimeád saor ó viruses, ar eagla go tiocfaidh ceann isteach uair éigin in ainneoin Norton. Ach anois ba ar an drive seo a bhí an fhadhb. Chomh luath agus a thug mé ón ríomhaire é tháinig XP ar ais gan mhoill. Hmmm.....chuir mé fios ar Iomega agus duirt siad go raibh an Drive scriosta, (ní raibh a fhios acu cén fáth) agus go raibh orm an drive a chur chuig an Data Retrieval Centre agus go ndéanfaidis iarracht mo chuid chomhad a shábháil.......................Bhí, agus tá mé fós, i gcruacás ag smaoineamh ar seo. Tá mo chuid oibre uilig ann! Cheap mé go mbeadh gach rud níos saoire ansinar an external drive ná ar an fíor harddrive. Taim ag guí nach bhfuil i gceist ach trioblóid le ceann des na cables, nó b'fhéidir ports? B'fheidir go raibh ceann des na chait ag súgradh leo faoi mo bhord? Tá greim an fhir bháite agam ar na smaointí seo.

1 comment:

Conn said...

Hi Hilary. Is trua liom do chás! Táimíd go léir ag brath go mór ar an dteicneolaíocht sa lá tá inniu ann. Tá súil agam go n-éireoidh leo do chuid sonraí a tharrtháil!

Fuair mé do bhlag ón dteachtaireacht a chuir tú ar Chlár Plé Beo le déanaí! Is mór an sásamh dom blag Gaeilge nua a aimsiú. Táim ag cur nasc chughat ar mo blagrolla féin. Ádh mór!