Thursday, May 26, 2005

Politically Incorrect agus iontach!

D’éist mé den chéad uair le Comhrá, clár teilifíse ar WebTV4, inniu. Roghnaigh mé clár ar 04/10. Ba é Máirtin Mhurchadh Ó Chonaile an cuairteoir an lá seo agus é ag caint le Máirtin Tom Sheáinín air siúd a tugtar “máistir an chomhrá craolta”. Duine uasal é an seanduine seo Máirtin Mhurchadh atá ina chónaí de réir dealramh i dtigh banaltrais sa Cheathrú Rua. Bhí saol suimiúil aige agus cosúil le cuid is mó dá ghlúin féin, d’oibrigh sé go dian tríd. Bhaineas an-taitneamh áfach, as an saghas duine a bhí le feiscint trí an agallamh, carachtar amach is amach a bhí ann agus ní raibh cúthail ar bith air a thuairim a chur in iúl agus é ag léim ó ábhar go ábhar ina shlí féin. Rinne Máirtin, an craoltóir, jab ana mhaith a scéalta a tharraing amach i slí ómósach agus bhí sé soiléir ag an am céanna go raibh seisean ag baint an-taitneamh as an gcomhrá chomh maith. Bhris mise amach ag gáire cúpla uair! Ní féidir a rá go raibh baint ar bith ag mo dhuine le cúrsaí Politically Correct mar a thuigimid an lá atá inniu ann. Dhein sé maitheas dom. Rith sé liom ansin nach bhfuil aon seandaoine i mo thimpeallacht anseo i NY, tá siad uile i bhFlorida :(

No comments: