Saturday, August 27, 2005

Go Charlottesville, Va.

Ní raibh an turas go Charlottesville Va. ró fhada. Deirtear gur cathair í ach níl inti ach baile beag. Tá ollscoil poiblí Virginia suite anseo, coláiste a bhunaigh Tomas Jefferson. Chuamar ar chamchuairt an tsuímh agus cheapas go raibh sé an-suimiúil.

Is cuimhin liom gur bhaineas taitneamh as féachaint ar The Waltons i lár na 70’s. Go dtí sin bhíodh dhá phictiúr agam faoi na SAM. Ceann amháin, na buachaillí bó, an tarna ceann, na cathracha móra, mar LA agus NYC. Bhí na scéalta ó na Blue Ridge Mountains of Virginia an difriúil ar fad. Bhí an sraith sin bunaithe píosa ó dheas ó Charlottesville, b‘fhiorscéal é, féin beathaisnéis Earl Hamner, agus tá iarsmalann san áit sin anois i gcuimhne an clár teilifíse (ní sí i gcuimhne Earl Hamner?) Théadh John-Boy (E.H) ar an gcorruair go Charlottesville agus sa deireadh d’fhreastal sé ar an ollscoil ann.

D’fhanamar sa Boars Head Inn, óstlann ar bhruachbhaile Charlottesville. Bhí alán le déanamh san ionad seo ach ní rabharmar páirteach. Chuaigh na h-ógfhir ag rothaíocht agus ag snámh sa tráthnóna agus chuaigh an beirt againne chuig fíonghort na clainne King. Tá suim ag Paraic i bhfíon, táim lán sásta é a ól, ach ní bhím ag léamh faoi, nó ag dul chuig “Tastings” agus a leithéid. Ní fhaca sé an scannán Sideways, áthas orm a rá, agus ní bhíonn sé chomh dona sin ag fiach an fhíona…………..Ar aon cuma bhí taighde déanta aige roimh ré agus ar aghaidh leis an mbeirt againn ar thóir an fíonghort seo. Is cosúil go bhfuil aimsir na háite seo mar a gcéanna le aimsir an ghleanna Rhone, agus anois tá timpeall fiche fíonghoirt sa cheantar seo. Ach níl sé díreach mar atá sé sa bhFrainc. Má thagann aimsir fhuar ag deireadh an Earraigh úsáidtear helicopters i rith na hoícheanta fuara, na fíniúnacha a choimeád saor ón sioc le gluaiseacht an aeir! An ndéantar é sin sa Rhone Valley?

D’éirigh go maith linn ann agus fuaireamar dhá bosca. An oíche sin thánamar ar The Downtown Grille, so-bhlasta!

5 comments:

Anonymous said...

Chuaigh mise agus mo bhean chéile go Charlottesville an bhliain seo chaite. Thaitin an bialann "Sticks Kebab Shop" go mór linn. Chuamar ar ais cúpla uair eile nuair a bhí an t-ocras orainn. ;-)

Ó, chuamar go dtí an sliabh "Walton" chomh maith. ;-)

Le meas,
cionaodh@gaeilge.org

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

A Chionaodh a chara,
Ní fhacamar an bhialann sin, is dócha go raibh sí ar an bpríomhshráid…...… ní raibh ach dhá lá againn ann agus, brón a rá nach raibh an t-am againn dul go dtí “ Walton’s Mtn” ach an oiread!......ag an am céanna bhí áthas orm a bheith ag smaoineamh ar an gclár sin tamaillín mar bhí sé dearmadta agam……………Bhí brú orainn leanúint chuig The New River, ní raibh ach seachtain amháin againn le cheile de dheasca brú oibre. Tá súil agam go mbeidh an uain againn dul ar ais arís uair éigin.
H

Anonymous said...

Ó, rinne mé dearmad . . . Tá siopa leabhar Gaeilge i Charlottesville freisin! "Seanchaí Books" is ainm atá air, agus é ar an malla i lár na cathrach. Tá an "siopa" sin istigh i siopa eile (Blue Dolphin Books, ceapaim). Ar aon chaoi, cheannaíomar mórán leabhar Gaeilge ann go saor - cúpla bosca! Nuair a thangamar ar ais, bhí a lán creach againn!

Is maith liom an "cathair" sin, ach bíonn na samhraí ró-te, i mo thuairim.

;-)

Le meas,
cionaodh@gaeilge.org

Anonymous said...

Seanchaí Books:
http://www.seanchaibooks.com

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Ní chreidim nár thánas ar an siopa sin! Chonaic mé an príomhcheann áfach ach ní raibh mé taobh istigh, bhí leabhair bailithe againn i Baltimore an lá te sin agus ní raibh fonn orm níos mó a bhailiú, rud a tharlionn aon uair a bhím i siopa leabhair.
An chéad uair eile, rachaidh mé isteach , cinnte. Grma as an t-eolas. H