Saturday, June 03, 2006

Is Deas an t-Iompar a Bhíonn Fuithi!

Bhí an chead stoirm an tsamhraidh anso againn aréir, tintreach agus toirneach, ana ghlórach ar fad, ag fearthainn go trom. Chailleamar an aibhléis ar ndóigh. Tagann eagla an domhain ar Chara le stoirmeacha mar seo. Bhí sí ag crith, an madra bocht, agus ina suí ar mo chosa, ana mhí chompordach agus saothar anála uirthi an t-am ar fad. De gnáth bíonn fíor cuma cú Chullain uirthi agus í ag tafann go fíochmhar roimh rud ar bith a bhogann sa ghairdín (cé nach bhfuil radharc ró mhaith aice.) nó, má théann jogger bocht tharainn, go bhfóire Dia orainn, bíonn sise amach ar an sráid ina ndiaidh agus as a meabhair le fearg…….…rug sí greim as ceann amháin acu blianta ó shin nuair a bhí sé ag iarraidh cic a thabhairt di!! Mar sin bím amhrasach fúithi nuair a thagann cuairteoir chugainn gan choinne agus ise taobh amuigh léi féin, go h-áirithe má dhéanann siad iarracht a bheith cairdiúil léi….bíonn orm rith amach briseadh a chur ar an bh“Fáilte” .…..ach tagann cuma luch lag uirthi le stoirmeacha mar seo. (Is fuath lei lámhach gunnaí chomh maith agus bíonn sí trína cheile ma chloiseann sí an fhuaim sin, ach is annamh a tharlaíonn é sin!). Bearna tuisceana atá ann is dócha, agus nuair nach dtuigeann daoine cad atá ar siúil ina dtimpeallacht, aithnítear malairt ina iompar chomh maith, feictear tréithe difriúla iontu, is minic nach mbíonn na tréithe sin ró mhaith.

No comments: