Friday, September 01, 2006

Esopus NY

Tá seachtain na Gaeilge ar siúl in Esopus NY agus í ag teacht chun deiridh anois. Chuala go bhfuil breis agus seasca ann. Tá brón orm nach raibh seans agam a bheith páirteach i mbliana ach sin mar atá, faraoir,ní féidir gach rud a dhéanamh……….. ach plean agam dul ann anocht, teacht le cheile le chairde idir óg is aosta, múinteoirí agus daltaí. Táim ag súil le oíche bhreá a chaitheamh leo.

2 comments:

mark bodah said...

ó bhuel, d'imigh mé roimh a tháinig tú féin ar an áit. 's trua sin. bhí orm teacht abhaile direach tar éis an dinnéar. ar thatin an ceilí leat? bhí mé ag smaoineamh ar gach duine a raibh ann, agus mé ag tiomáint ar ais... bhí an spraoi agam i gcaitheamh an chuid eile na seachtaine ar aon nós. slán, mark

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Níor shroich mé an áit go dtí timpeall 10, bhí an céilí faoi lánseol ag an am san! Bhí oíche bhreá agam leis an dream craiceálta sin! B’fheidir go bhfeicfidh mé tú ag an lá na Gaeilge in East Haven Ct ar an 30ú? H