Wednesday, November 29, 2006

Faraoir, Níl Ach Gnáth Deasóg Mé.



B'fhear chomhdheas é m’athair...agus é in ann rudaí a dhéanamh lena dhá lámh. Ach, de gnáth, scríobh sé lena lámh dheas agus rinne sé gach ní eile lena lámh chlé. Gailf, siosúr, osclóirí, screwdrivers, rud ar bith. Chuala mé ar ndóigh go raibh ré ann fadó nuair a bhí ar pháistí an peann a glacadh sa lámh dheas, ach nuair a chuireas cheist air faoi níor cuimhin leis aon brú mar sin ina chás féin ar scoil. Nuair a tháinig mo dheartháir ar an saol ní fada go chonacthas an scil céanna ann. Ní raibh aon brú air an peann a glacadh ina lámh dheas agus sin a dhein go nádúrtha agus é ar scoil ag tús na 70’s. Ach déanann sé gach ní eile lena lámh chlé .....Siosúr, osclóirí de gach saghas, agus dá chaithfí liathróid nó rud éigin chuige, suas lena lámh chlé i gcónaí.
Is trua nach bhfuil an t-ádh sin ormsa. …

Bíonn deacrachtaí agam le mo lámh dheas le breis agus seachtain anuas agus is cosúil go bhfuil tendonitis ann. Sin a insíodh dom ar maidin ach go h airithe. Tá an tinneas seo ana phianmhar ón caol láimhe go dtí an uilleann, agus uaireanta níos mó, ó mo mhéara go dtí mo ghualainn. Táim bréan de cheana agus níl sé ach seachtain.
Tá orm an ríomhaire a sheachaint! Mon Dieu! Agus an lámh a choimeád ciúin, i dteanntán, ar feadh coicíse, ar a laghad…………

Tá mo chaol láimhe chlé bhocht ag cur isteach orm anois as an méad oibre breise atá uirthi…….

Fiú tá an chlódóireacht seo go dona mall…………agus tá orm cosc a chur uirthi…….

2 comments:

Séamas Poncán said...

Is trua liom do chás. Tá am sa bhreis agat chun éisteacht le podchraolta anois, is dócha!

mark bodah said...

an bhfeiceann tú? an iomarca oibre--seo a, méid fhaigheann tú! lámhainn déas faiseanta! bhuel, bíodh biseach tapaigh ort, a chara, agus feicfidh mé thú i mí na Mairt...